302
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is minic é curtha i leith Raidió na Gaeltachta nach bhfuil aon fhreastal á dhéanamh acu ar an aos óg. Tá cúrsaí feabhsaithe rud beag le roinnt blianta anuas, áfach, ó cuireadh tús leis an chlár ceoil “An Taobh Tuathail”. Labhair Éamonn Ó Dónaill le duine de láithreoirí an chláir sin, Cian Ó Cíobháin, faoi bheith ag obair mar dhioscmharcach i stáisiún ina bhfuil cosc ar liricí Béarla.
»»»Is bean óg a bhfuil gealladh fúithi í Clíona Ní Chíosáin, as a cuid aisteoireachta mar ‘Aifric’ an chláir theilifíse. Beidh cuimhne uirthi mar dhéagóir, ach caithfear cuimhneamh leis go bhfuil cúig bliana imithe thart ó chuir Clíona agus a comhchliar sa chlár Aifric isteach ar na hagallaimh roghnaithe don chlár ar dtús. Chas Seosamh Mac Muirí léi gar don ollscoil a bhfuil sí ag freastal ar chúrsa céime sna teangacha le cúpla bliain anuas, Maigh Nuat. Labhair sí ar bhronnadh na nduaiseanna IFTA, an saol cathrach, an Ghaeltacht, Raidió na Life agus ar mhórán eile thairis sin.
»»»Thug Cóilín Ó Floinn cuairt ar scoil Ghaeilge i Nua-Eabhrac an mhí seo caite agus chuaigh díograis na bhfoghlaimeoirí i bhfeidhm go mór air.
»»»Is múinteoir meánscoile é Brian Richter in Kent Shasana. Míníonn sé anseo cén fáth ar chinn sé ar an Ghaeilge a fhoghlaim.
»»»Ní fear mór cearrbhachais é Brian Ó Broin ach bhain sé an-sult as sciuird a thug sé ar Atlantic City le deireanas.
»»»Tá athruithe curtha i bhfeidhm ar chúrsaí inimirce na hAstráile ag rialtas an Lucht Oibre arbh fhéidir a rá fúthu, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, nach bhfuil siad aon bhlas éagosúil leis an Pacific Solution, córas na gCoimeádach féin.
»»»Sa tuairisc eisiach seo, insíonn Balor dúirt faoin dílárú atá i ndán do na heagraíochtaí Gaeilge.
»»»Cíorann Breandán Delap a bhfuil le fáil i gcomhaid rialtais maidir le feidhmiú Údarás na Gaeltachta i mblianta tosaigh na heagraíochta.
»»»Tá borradh an-mhór faoin nGaeilge i Milwaukee Mheiriceá, mar a mhíníonn John Gleeson, fear as Baile Átha Cliath atá ag obair in Ollscoil Wisconsin.
»»»Tá lucht tacaíochta iarchime as Guantanamo buartha faoi ghéarleanúint atá á déanamh ag stát na hAstráile air. Tá Bearnaí Ó Doibhlin den bharúil gur chóir saorchead cainte a thabhairt do David Hicks.
»»»Bhí Liz Curtis i láthair ag ócáid le déanaí a eagraíodh i mBéal Feirste d’Ambasadóir na Palaistíne in Éirinn.
»»»Siúlann Pat Butler ardmhá spioradálta na scannánaíochta an tros so ar chonair a leag dís sárléirtheoirí ‘fíoreisceachtúla’ amach roimhe.
»»»Fágadh Brian Ó Broin is a theaghlach gan chumhacht ar feadh i bhfad mar gheall ar an dochar mór a rinne spéirling sa cheantar mórthimpeall orthu. Cuimhneofar Laetha na Gaoithe Móire ina measc go ceann fada an lá.
»»»Ní chrónaíonn tú rud éigin go dtí go mbíonn sé caillte. Is maith an rud é, mar sin, go bhfuil sárobair curtha i gcrích ag eagraíochtaí speisialta sa Bhreatain le bláthanna fiáine atá faoi bhrú a chaomhnú. Cúlra an scéil ó Tony Birtill.
»»»Chaith Ruth Nic Giolla Iasachta seal i mBeirlín na Gearmáine i mí Feabhra i mbliana le linn don fhéile idirnáisiúnta scannán bheith ar siúl.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.