TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Ionad úrnua don Staidéar Gaelach seolta
John Gleeson John Gleeson John Gleeson

Tá borradh an-mhór faoin nGaeilge i Milwaukee Mheiriceá, mar a mhíníonn John Gleeson, fear as Baile Átha Cliath atá ag obair in Ollscoil Wisconsin.

Íomhá
John Gleeson ag breathnú ar an Aire Éamon Ó Cuív le linn a chuairte ar Milwaukee, Lúnasa 2000
Íomhá
Propast an University of Wisconsin, Milwaukee, John Wanat

Is iomaí uair a dhéantar trácht ar dhul chun cinn na Gaeilge thar lear, agus an diminsean breise a thugtar don teanga leis an bhforbairt seo. Ó bunaíodh Daltaí na Gaeilge, níos mó ná fiche bliain ó shin le dúthracht Ethel Brogan, tá ranganna agus deirí seachtaine ar siúl i ngach uile chathair mhór i Meiriceá.

Tá an spiorad seo ag leathnú amach le blianta anuas, siar go lár na tíre anseo i Milwaukee agus bíonn cúrsaí ar fáil go rialta in Ollscoil Wisconsin anseo agus ag Craobh Churtin de Chonradh na Gaeilge.

éileamh ar na cúrsaí agus spéis ag go leor daoine leanúint ar aghaidh go foirmeálta leis an teanga taobh istigh den chóras ollscoile. Is chuige sin atá muid ag bunú Ionad Gaelach anseo san Ollscoil le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán in Éirinn. Bhí an t-ádh linn gur tháinig an tAire Éamon Ó Cuív chugainn sa bhliain 2000 agus gur chuir sé spéis mhór san obair a bhí ar siúl againn.

Tháinig an tAire Máire Ní Chochláin ar cuairt chugainn i mbliana chun freastal ar an bhFéile Éireannach agus bhí cruinniú aici le móruaisle na hollscoile anseo, daoine atá ag tabhairt lántacaíochta don chéim staidéir úrnua. Bhí sé go hiontach dúinne atá ag brú seo ar aghaidh le blianta go raibh Propast na hollscoile John Wanat, Bettina Arnold, Leas-Seansailéir na hollscoile, agus an file clúiteach James Liddy i láthair le tacú linn inár n-iarrachtaí. Tá stiúrthóir na Roinne um Staidéar Idirnáisiúnta, Patrice Petro, ag tacú linn fosta agus, ó seo amach, cuirfear béim ar Éirinn mar cheann de na tíortha a rachaidh ár gcuid mac léinn gach bliain.

Saibhreas na hÉireann

=======

Tabharfaidh an t-ionad úr Gaelach an deis do mhic léinn, idir óg agus lánfhásta, staidéar a dhéanamh ar shaibhreas na hÉireann go leanúnach mar chuid lárnach dá gcuid staidéir. Beidh an deis acu chomh maith imeacht go hÉirinn ar feadh tréimhse agus a bheith ina gcónaí agus ag staidéar i measc phobal na Gaeltachta.

Beidh teastas nó céim ar fáil dóibh, leis an Ghaeilge mar phríomhábhar, agus deis taighde acu a dhéanamh ar an mBreatnais, ar Ghàidhlig na hAlban, ar an gCornais agus ar Ghaeilge Oileán Mhanann.

Cuirfear béim ar leith ar an ealaín Cheilteach, ar an tseandálaíocht, an litríocht, an stair, an béaloideas, an ceol agus an mhiotaseolaíocht.

Beidh buntáistí nach beag d’fhorbairt Ollscoil Ghaeltachta in Éirinn mar chuid den fhorbairt seo. Nuair a thiocfaidh Ollscoil na Gaeltachta, beidh muidne i Milwaukee agus lucht ollscoile eile ar fud Mheiriceá ábalta ár gcuid mac léinn a chur ansin agus aitheantas a thabhairt dóibh dá dtréimhse in Éirinn.

Tá mé féin agus mo chairde anseo i Milwaukee ar bís le leanúint ar aghaidh leis an obair. Mar dhuine a rugadh agus tógadh in Inse Chóir i mBaile Átha Cliath, tá bród ar leith orm go bhfuil ag éirí chomh maith sin linn, i bhfad ó thalamh glas na hÉireann.

Má tá suim ag éinne teagmháil a dhéanamh linn, is féidir teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chugamsa ag gleeson@uwm.edu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.