459
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
An dtiocfaidh na vótálaithe amach? Sin ceann de na príomhcheisteanna atá ag Tony Blair, William Hague agus Charles Kennedy agus olltoghchán na Breataine ag druidim linn.
»»»Ba thábhachtach gné shóisialta Chomórtas Peile na Gaeltachta na blianta siar agus tá súil ag Colm Mac Séalaigh gur amhlaidh atá an scéal i gcónaí.
»»»Nuair a chruann an easpa measa ina reacht, is deacair a shníomh ina cheart. Ní dea-scéala ar an scolaíocht sa Fhrainc atá ag PJ Mac Gabhann dúinn.
»»»Chaith Ciara Nic Gabhann súil siar ar dhearcadh lucht ealaíne ar cheann d’eachtraí móra suntasacha an domhain, an bolcán, agus a thionchar ar shamhlaíocht an duine.
»»»Tá athruithe curtha i bhfeidhm ar chúrsaí inimirce na hAstráile ag rialtas an Lucht Oibre arbh fhéidir a rá fúthu, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, nach bhfuil siad aon bhlas éagosúil leis an Pacific Solution, córas na gCoimeádach féin.
»»»Tá sé ag goilleadh go mór ar fheilméaraí na Tasmáine go bhfuil comhlachtaí móra mar McDonalds ag ceannach glasraí ó thíortha eile agus tá feachtas tosaithe acu chun a míshásamh a chur in iúl go láidir. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Ní bhítear mar a shíltear. Is léir faoin am seo nár tháinig an borradh céadtach faoin choiriúlacht a rabhthas ag súil leis, scéal a chuir Chiarán Mac Aonghusa spéis ann.
»»»Ó 1970 ar aghaidh, tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mbun Turas na bhFilí a eagrú i gcomhar le Comhairle nan Leabhraichean in Albain. Mar chuid den mhalartú cultúrtha seo, chuaigh beirt fhilí, Dáithí Ó hÓgáin agus Dolores Stewart, an t-amhránaí Seán Garvey agus an ceoltóir Colm Dubh Ó Méalóid trasna go hAlbain idir 1-7 Samhain 2004. Bhí Máire Ni Chuagáiin éineacht leo mar ionadaí na Comhdhála.
»»»Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gContae Mhaigh Eo i mbliana agus is é Tadhg Mac Dhonnagáin, arb as Maigh Eo ó dhúchas é, atá roghnaithe mar uachtarán ar an fhéile. Mhínigh sé do Shinéad Ní Ghuidhir cén fáth a bhfuil sé chomh tógtha sin leis an bhféile.
»»»Chas Kíla ag ceolchoirm i Maigh Nuad le deireanas do Ghaelscoil Chearbhaill Uí Dhálaigh, ceolchoirm a mheabhraigh Óstán an Burlington sa bhliain 1975 do Cholm Ó Snodaigh nuair a bhuail An tUachtarán Cearbhall Ó Dálaigh é féin isteach chucu le muintir na gaelscolaíocht a mhisniú.
»»»Beidh deireadh seachtaine Gaeilge á reáchtáil i San Francisco ag Nikki Ragsdale arís i mbliana. Labhair Éamonn Ó Donaill léi faoin obair atá ar siúl aici ar son na Gaeilge agus faoina dlúthdhiosca d’amhráin sean-nóis atá sí ag brath a sheoladh in Éirinn gan mhoill.
»»»Gach mí, ceistíonn Beo! duine as eagras nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Máire Uí Shíthigh agus Caitríona Ní Chathail, Oidhreacht Chorca Dhuibhne (Contae Chiarraí).
»»»Tá idir cháineadh agus mholadh déanta ar Éirinn san eagrán is deireanaí den treoirleabhar Lonely Planet. Tugann Breandán Delap scuaird timpeall ar na ceantair Ghaeltachta le blaiseadh a fháil dá bhfuil scríofa fúthu.
»»»Cuireann Diarmaid Mac Mathúna comhairle ar thuismitheoirí a bheadh ag smaoineamh ríomhaire a cheannach dá bpáistí agus féachann ar chuid den ábhar atá ar fáil don dream óg.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.