AR NA SAOLTA SEO
Denis Donaldson - Cui Bono?
Pat Butler Pat Butler

Féachann Pat Butler ar na tuairiscí a bhí le fáil sna meáin chumarsáide mar gheall ar dhúnmharú Denis Donaldson an mhí seo caite.

Íomhá
Denis Donaldson: gníomhach i ngluaiseacht na poblachta ó thús na seascaidí ar aghaidh
Íomhá
Donaldson i gcuideachta Martin McGuinness (ar chlé) agus Gerry Adams ó Shinn Féin
Íomhá
Donaldson i gcuideachta Bobby Sands sna seachtóidí
Íomhá
An teach i nDún na nGall inar maraíodh Denis Donaldson

Níorbh aon 69-er Denis Donaldson. Bhí gníomhach sna Fianna i dtús na seascaidí. É ina óglach de chuid Arm na Poblachta sular thiomáin comhruathair na ndílseoirí agus na B-Specials scuainí de ghlúin óg náisiúnach Thuaisceart Éireann isteach san IRA sa bhliain 1969. Freagra ab ea an seáp earcaíochta sin chun teacht i dtír ar fhearg na cosmhuintire Caitlicí a mhair go dearóil ar shráideanna searbha agus lánaí cúnga na míchothroime. Sráideanna faoi léigear, lánaí a fágadh gan chosaint agus sciúirse lasrach oíchiúil á fhearadh orthu ag póilíní agus ag dílseoirí a bhí ag obair as lámh a chéile.

De réir mhiotaseolaíocht ghluaiseacht na poblachta, fear troda a raibh stair onórach aige in aghaidh phéas Uladh agus Arm na Corónach ab ea Donaldson. Óglach fuinte i gcearta na coimhlinte. Cosantóir an phobail náisiúnaigh. Trodaire sráide gan chomparáid. É ar an gcéad óglach a chas an dríodar sráide Oráisteach - B-Specials an RIC agus daoscarshlua seicteach Ian Paisley - ó dhoras na muintire cúlsráide Caitlicí. Laoch an phobail, Denis caomh Donaldson.

mba rud é go bhfuair bás de bharr taom croí, seachtain sular chinn mangairí faisnéise na Corónach gur oir dóibh an fear bocht seo a nochtadh mar spiaire gcuid féin, luífeadh inniu faoi ghradam i bplásóg na laochra poblachtánacha i Reilig Bhaile an Mhuilinn. Bheadh a mhiotaseolaíocht, mar atá breactha síos agam san alt thuas, i dtaca lena sheasamh i measc na bhfíréan poblachtánach, slán. Ach níl an saol, scéal Denis Donaldson, chomh simplí sin.

B’oifigeach ceannasach IRA Bhéal Feirste Thoir sna seachtóidí luatha é Donaldson. Gabhadh é agus é ar dualgas agus chaith cúig bliana i gCampa na Ceise Fada. an grianghraf íocónach - Donaldson gualainn ghualainn le Bobby Sands - mar theastas ar a dhílseacht dhiongbháilte. Óglach a bhí ar an gcéad stailc ocraisfear tiomanta a bhí sásta bás d’fháil ar son na cúise. Ó na hochtóidí ar aghaidh, ba é Donaldson idirghabhálaí Shinn Féin Sealadach leis an PLO, ETA agus treallchogaithe FARC. Bhí ról lárnach leis aige i gcothú na gcoinníollacha fabhracha faoinar saoradh Brian Keenan, faoi dheireadh, sa Liobáin.

Díograiseoir cruthanta Gerry Adams, d’oibrigh Denis Donaldson laistigh d’eangach riaracháin na Sealadach, é i gcónaí sásta an choisíocht chrua a chur isteach, lasmuigh den spotsolas, chun clár oibre phróiseas na síochána a bhrú chun tosaigh. bhí titim amach idir é agus Martin Galvin de chuid Noraid, haon ionadh san, nuair a chuireann tuairimíocht thraidisiúnta Ghaeil Mheiriceá san áireamh.

Agus ar feadh breis is fiche bliain, bhí Denis Donaldson i bpá MI5 agus Brainse Speisialta an RIC. a bhásaigh éagus is cinnte gur bású a bhí annfillfead ar an gceist sin ar ball.

Na tuairiscí sna meáin

Is fiú roimhe sin anailís a dhéanamh ar an gcaoi ar tuairiscíodh a bhás sna meáin. nochtadh a lán faoi Denis Donaldson ansin, ba mhó ar fad an méid a léiríodh faoi pholaitíocht na nuachtán féinig ón gcaoi ar láimhsigh siad an scéal seo.

Who Shot Spy?” a scread ceannlíne chéad leathanach Daily Ireland. Más fíor gurbh ionann, tráth raibh, Eaglais na hÉireann sa Tuaisceart agus anUUP i mbun guí”, mar a deirtí fúithi, is é *Daily Ireland *meigeafón neamhoifigiúil ghluaiseacht na poblachta sealadaí. Ar leathanach a : “We didn’t kill him says IRA”. Agus an tEagarfhocal - macalla de bhriathra Adams ar nuacht na hoíche roimh : “Killers are hostile to peace process”.

Who Shot Spy?”. Fothéacs don eolach: an raibh tuillteaige, de réir ghnás traidisiúnta an IRA? Bheadh a lán i measc léitheoirí Daily Ireland a chreidfeadh san scéal é. Ach raibh baint ag an IRA leis, dar leis an bpáipéarnaimhde phróiseas na síochána faoi ndear an bhásaithe. Fórsaí rúnda na Breataine, “SecurocratsWhitehall, poblachtánaigh easaontacha atá in éadan an phróisis - dream díobhsean a d’údaraigh agus a rinne an beart, dar le Daily Ireland.

Líne oifigiúil an Pháirtí. Lánstad.

(Dála an scéil, fógra ar leathanach a trí, atá - conas mar a chuirfead seo - mífhortúnach ina shuíomh agus ina fhoclaíocht. “Holidays in Donegal…...Stay at …. self-catering cottage…….No catches…. Perfect Getaway Spot”.)

Ar thaobh eile an chlaí: Níl stábla nuachtán an Ridire Antaine Ó Raghallaigh báúil le Sinn Féin Sealadach agus a mhalairt de theachtaireacht ar fad atá le léamh ó sheirbhísigh iriseoireachta an Ridire chéanna.

IRA spy pays with his life” – ceannlíne chéad leathanach an Irish Independent. Spiaire féinadmhaithe le MI5 ab ea Donaldson. Ach an chéad fhocal san *Independent *IRA spy”!

leid faoi sheasamh an Indo ar an gcéad leathanach, níl aon éalú uaidh ar leathanach 20. Os cionn grianghraif de McGuinness, Donaldson agus Adams le chéile: “Savage price of revenge. Double cross exacts the ultimate price from merciless murderers. Senior Republicans, including Gerry Adams, had stressed that their former colleague had no reason to fear for his safety”.

Fiú gan bacadh le mionsonraí an ailt, cuireann an pictiúr agus na focail sin in iúl gur díoltas poblachtánach a bhí ann agus nach féidir riamh gealltanais Adams a chreidiúint. Rinne na Sealadaigh é. Agus is bréagadóirí cruthanta iadsan.

Líne oifigiúil an Ridire Raghallaigh. Lánstad.

Faoin gceannteidealThey haven’t gone away”, an tEagarfhocal níos pointeáilte fós. Gan trácht ar alt Sam Smyth: “No one who heard the news doubted that Mr. Donaldson …..had been murdered by republicans. Only which unruly faction of the dysfunctional republican family had shot him dead and mutilated his body”.

Dar le Pravda, an mhaidin chéanna: “There are unconfirmed reports from the scene that the killers cut off one of Mr. Donaldson’s hands.” Seans gur chuir peannairí Mhoscó dreach sibhialta ar líne gháifeach an Irish Daily Star:

BUTCHERED IN REVENGE” – ar an bpríomhleathanach.

HIS ARM WAS HANGING ON BY THE SKIN’ar leathanach 4.

In ainneoin lasántacht na gceannlínte, tugann Comhfhreagraí Coiriúlachta an pháipéir, Michael O’Toole, anailís thomhaiste dúinn ar na príomhamhrasáin: “The ProvosSecurocratsDissidentsagus, an aithnímsrónsheanchleachtaithe sa chéad chatagóir eile – “Ex-Comrades”?

Former IRA members may have been so angry at the betrayal that they decided to kill him without the knowledge or permission of the IRA leadership.”

Ach in ainneoin an léargais sin, i ndeireadh na dála cuireann O’Toole an milleán ar an IRA Sealadachbeart údaraithe gcuid, dar leis.

The most likely scenario is that, despite its denials last night, the IRA killed Donaldson.”

Tuigeann haiceannaí an phreas, féin san áireamh, ar ndóigh, muna dtapaíonn iriseoirí stábla an Ridire Raghallaigh gach deis chun caitheamh anuas ar na Provos, sodarasal na dtrí gcos atá in ann dóibh i dtreo an P45.

Seo ceist: An raibh O’Toole ag seasamh le líne eagarthóireachta an Raghallaigh, rud a mbítear ag súil leis, fiú muna dtacaíonn na fíricí leis an líne eagarthóireachta chéanna? Ar chreid O’Toole gur iarchomrádaithe neamhúdaraithe a bhásaigh Donaldson - ar son onóra agus ar son chuimhne na n-óglach a thit de bharr fhaisnéis sceite an bhrathadóra?

Deirsrónan tseaniriseora ormsa gur mar sin a bhí an scéal le Michael O’Toole. Níl aon chruthú agam air sin. Níl ann ach imfhios críonna an tseanóra.

Dearcadh an Times

Agus ansin bhí an *Irish Times *againn, rogha na meánaicme liobrálaí, is cosúil.

Double agent found murdered in Donegal cottage.”

dhíolfadh an cheannlíne sin mórán nuachtán, ach seo an Irish Times. Iad a d’athchlóigh ráiteas tomhaiste Michael McDowell ar nuacht a naoi an oíche roimh ar RTÉ: “Cui bono? Who would benefit from such an action? Those interested in bringing about political progress would not.”

Ráiteas fadbhreathnaitheach ó dhuine atá ina chealg chruthanta i mbeo Phoblachtánaigh den uile dhath, ach a thuig nárbh iad briathra an trodaire sráide is fearr a d’oir don ócáid áirithe seo, ach saíocht an státaire. Smachtaigh McDowell na mianta is dual . Agus thug Adams creidiúint bharr.

scéal é, níl an Irish Times chun Sinn Féin Sealadach a adhlacadh, baol air. “Adams strongly condemns murder of Donaldson” – an phríomh-cheannlíne nuachta istigh. aithneodh dílseoirí sean-Kingstown, mar a bhíodh, an Irish Times anois mar atá!

Creideann an *Times *go dtugann faicsean Adams/McGuinness an deis is fearr do phoblachtánaigh droim láimhe a thabhairt don fhoréigean, chun go mbeidís mar chuid den réiteach, in ionad bheith gafa laistigh de chiorcal seasc na faidhbe.

Mo léamh féin ar an scéal? “Dead Man Walkingab ea Donaldson ón a d’inis a lámhseálaithe faisnéise go rabhthas chun a rún a scaoileadh. Níl éinne a thuig sin níos fearr Denis Donaldson. An fear a thóg gunna ina lámh i gcoinne na ndúnmharfóirí dílseacha i 1969. Stailceoir ocrais. Comrádaí Bobby Sands. Stádas íocónach aige, hamháin sa Pháirtí, ach i measc chosmhuintir Iarthar Bhéal Feirste. Meas an phobail aige. Meas agus grá a chlann mhac agus iníon. Dílseacht a mhná fadfhulangaí.

I bhfaiteadh na súl, bhí sin uilig caillte aige. Is cuma cén barántas a tugadh , ina chroí istigh thuig conas mar a chríochnaíonn na cúrsaí seo, de réir chód na seanchomrádaithe, i ndeireadh na dála.

Seo ceistagus níl ach freagra ciallmhar amháin uirthi: Cén fáth nár shleamhnaigh Denis Donaldson an cuan amach, mar a dhéanfadh aon fhear ciallmhar a raibh meas aige ar an mbeatha?

Mar go ndúirt Adams nár bhaol ? hea, mhuise. Ba ghealltanas é sin a thug Adams go macánta. Ach thuig an bheirt acu, ina gcroí istigh, nár leor, sna cúinsí inar leandáil Denis Donaldson, nár leor an méid sin mar chosaint aige mar bharántas .

Thug Donaldson na cnoic. Fada ó chlann agus ó chairde. Ag maireachtaint mar ainmhí, gan teas, solas, uisce reatha. Gan comhluadar meas na gcomrádaithe, gan feidhm, gan ghrá, gan dóchas.

Óglaigh neamhúdaraithe, bídís fós san IRA éirithe as, a bhásaigh Denis Donaldson.

Bhí ag súil leo.

Thuig go mbeidís an doras chuige isteach, éigin, luath mall.

Tháinig an sin, Mairt an 4 Aibreán 2006.

Ach cad a bhí ar siúl ag Donaldson ag plé le MI5 agus Rannóg Faisnéise Bhrainse Speisialta an RIC? obair lae eile sa chuid sin den scéal.

Agus dhó tochailte de dhíth ar dtús.

Is as Corcaigh ó dhúchas é Pat Butler. Is craoltóir le RTÉ agus Stiúrthóir Scannán é. Bhuaigh Iriseoir Teilifíse na Bliana i nGradaim Náisiúnta na Meán i 1998 scannánBallyseedy”. Sa bhliain 2000, bhuaigh Gradam Cumarsáide an Oireachtais - Teilifís doKilmichael”. Scríobhann colún míosúil don nuachtán Foinse.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.