AGALLAMH BEO
Mícheál Mac Giolla Easbuic, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge
Shane Ó Curraighín Shane Ó Curraighín Shane Ó Curraighín

Chas Shane Ó Curraighín le Mícheál Mac Giolla Easbuic, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge i gCúl na Cruaiche Cois Farraige, Cill Chartha. Cheistigh sé é faoin bhreac-Ghaeltacht, a chnuasach béaloidis agus ceoil, An Cumann Lúthchleas Gael, saol an oide agus faoi Fhéile an Oireachtais go háirithe.

Íomhá
Mícheál Mac Giolla Easbuic
Íomhá
Ón tSeanam Anall
Íomhá
Áislann Chill Charthaigh, rang staire 2009
Íomhá
Ceann Mhucrois
Íomhá
Mícheál lena bhean chéile Bernadette ag a insealbhú
Íomhá
John Doherty, an fidléir
Íomhá
Ag amharc soir ó dheas le taobh an chuain

Shane: A Mhichíl, Is é do bheatha go Beo.ie.

Mícheál: Go raibh maith agat a Shane.

SÓC: Le hAcht na Gaeltachta ar na bacáin, an bhfeiceann tú aon dóchas sa bhreac-Ghaeltacht, nuair nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga an phobail ann?

MMGE: Bheadh súil agam nach ceantar tíreolaíochta a bheadh sa Ghaeltacht, ach gur do theaghlaigh go mbeadh Gaeilge ar a gcumas acu go mbeadh siad sa Ghaeltacht; cuma cá háit a raibh cónaí orthu. Tá ceantracha anois sa tír, agus tá Gaeilge níos fearr iontu ná atá i gcuid de na ceantracha Gaeltachta.

Is é an rud is measa a rinneadh riamh ná deontas Gaeltachta a thabhairt do dhuine nach bhfuil Gaeilge ar a chumas agus comharsan béal dorais le cumas cainte gan aon deontas a fháil. Is cuma cíbe áit a mbeadh an teaghlach ina gcónaí, b’fhearr i bhfad deontas a thabhairt ar chumas na Gaeilge.

SÓC: Céard faoi thábhacht na n-ionad pobail sna breac-Ghaeltachtaí?

MMGE: Tháinig ísle brí ar an Ghaeilge sna ceantracha seo ar feadh dhá scór bliain ar a laghad. Bhí an chéad chruinniú againn faoi Áislann Chill Chartha i 1971 agus fosclaíodh é go hoifigiúil i 2002! Tchím anois sna scoileanna go bhfuil athbheochan ann agus go bhfuil sí ag teacht ar ais ar bhealaí eile. Tá bród orm astu.

Cnuasach Béaloidis

SÓC: Tuigim go bhfuil beagnach dhá scór bliana caite agat ag bailiú ceoil is béaloidis ó Chill Chartha...

MMGE: Bhí mé an-chairdiúil le fidléir, Danny O Donnell. Dúirt mise leis lá amháin: “cloisim go bhfuil ríl úr nó dhó cumtha ag tadhg ó rudaí,” fear nach luafaidh mé a ainm. Dúirt Danny gur chóir do na cinn eile a fhoghlaim ar dtús! ’Sin rud atá i mo chloigeann, go bhfuil eolas i ngach ceantar. Is é an rud is tábhachtaí go mbeidh sé ansin do na glúnta a bheas ag teacht inár ndiaidh.

SÓC: Cén chéad cnuasach a chuir tú i gcló?

MMGE: Bhí scéalta de chuid Mhicí Bháin Uí Bheirn scríofa ag bean as Cill Chartha, Bríd Ní Bheirn. Ceoltóir traidisiúnta a bhí i Micí é féin agus a dheartháir Francie. Thug sí a hábhar dom: scéalta Fiannaíochta, cúig cinn agus fiche. Shíl mé go bhfuair mé seoda luachmhara; chuir Cló Iar-Chonnachta, Scéalta Mhicí Bháin Uí Bheirn i gcló.

SÓC: Cén chuid eile de bhéaloideas an cheantair a bheas a chur i gcló agat amach anseo?

MMGE: Tá leabhar á chur i gcló arís: Gleann an Bhaile Dhuibh. Tá súil agam go mbeidh sé foilsithe faoi mhí Lúnasa. Beidh leabhar amháin eile le teacht ina dhiaidh: Cúl na Cruaiche Cois Farraige. B’fhéidir gur sin an ceann deiridh.

SÓC: An raibh mórán lámh agat i mbunú Chartlann Cheoil Chill Chartha?

MMGE: Is mé féin a bhunaigh Cartlann Cheoil Chill Chartha. ’Sé John Doherty, an fidléir clúiteach, an duine is mó ar a rinne mé taifeadadh. Tá ceol leithéidí Con Cassidy, Danny O Donnell agus Danny Meehan ann chomh maith. Is é Mick Brown an fidléir atá ag obair liom ar seo. Níl rudaí ag an staid gur féidir leis an phobal éisteacht leis an cheol uilig. Sin an chéad chéim eile.

Rinne mé cuid den ábhar a thaifeadadh do chláracha de chuid Raidió na Gaeltachta i 1976 agus 1977; Ón tSean-Am Anall. Ceol an chontae atá ann, ábhar luachmhar a bhí beagnach caillte. Cuireadh an Chartlann ar bun sa dóigh is go mbeadh sé caomhnaithe do na glúnta atá le teacht.

SÓC: An mbeidh tarraingt ar an Chartlann, i do bharúil?

MMGE: Dá mbeadh sé ar fáil sna scoileanna. Tá cíbe atá déanta ar fáil iontu. Sílim go gcuirfí an t-aos óg spéis ann mar go mbeidh sé úrnua arís. Cosúil leis an damhsa ar an tseán-nós - níl sé sean, tá sé úrnua arís. Chuaigh an roth thart.

Oireachtas na Gaeilge

SÓC: Ag trácht ar an sean-nós, caithfidh go bhfuil roth Oireachtas na Gaeilge imithe thart cúpla uair faoi seo?

MMGE: Is cinnte go bhfuil. Fiche bliain ó shin, rinneadh an damhsa ar an tsean-nós le taispeántas a thabhairt, ní raibh duine ar bith ag glacadh páirt ann. Is cuimhin liom nuair nach mbeadh mórán freastail ar Chorn Uí Riada. Anois, ní féidir áit mór go leor a fháil fána gcoinne, an damhsa agus an amhránaíocht.

Is i mBaile Átha Cliath a bhíodh sé go na seachtóidí, ó tháinig sé go dtí an Ghaeltacht, tá fás ag teacht faoi i gcónaí. Tchím go bhfuil níos mó daoine óga ag freastal agus ag glacadh páirte ann.

SÓC: An gceapann tú gur bhuntáiste é a bheith san áit chéanna dhá bhliain i ndiaidh a chéile?

MMGE: Sílim go bhfuil sé sin tábhachtach, nuair atá coiste agat atá ag obair go maith. Tá sé níos fusa an rud a dhéanamh an bhliain dár gcionn. Cosúil le Comórtas Peile na Gaeltachta, gach áit ina raibh sé riamh, fágadh coiste thar a bheith seasmhach ina dhiaidh.

SÓC: Cén tionchar atá ag foirne ar nós Laochra Loch Laoi, Móin Dearg agus Na Gaeil Óga ar Chomórtas Peile na Gaeltachta?

MMGE: Ó thaobh Gaeilge de, tá siadsan níos láidre ná aon fhoireann eile sa chomórtas. Tugann sé seasamh eile don chomórtas nuair a fheiceann daoine go bhfuil daoine as Béal Feirste agus daoine as Baile Átha Cliath ag imirt ann.

SÓC: An mbeidh an lá ann a mbeidh na comórtais a reáchtáil i gceann de na cathracha seo?

MMGE: Ní thig liom dul san áit sin; sa tsaol seo níor chóir duit rud ar bith a fhágáil amuigh. Tháinig athruithe mór agus tá tuilleadh le theacht!

Cumann Lúthchleas Gael

SÓC: Tuigim gur imir tú ag an Chomórtas, go raibh tú mar bhainisteoir aige agus gur chuidigh tú lena reáchtáil?

MMGE: Ní raibh mé go rómhaith mar imreoir! Bhí mé mar bhainisteoir ar fhoireann Chill Chartha i ’75 nuair a ghlac muid páirt sna cluichí ceannais agus i mo Chathaoirleach ar an Chomórtas idir 1977-79. Tá mé i m’iontaobhaí ar an chomórtas ar son mo pheacaí. Is iad na daoine a chastar orm bliain i ndiaidh bliana, an rud is tábhachtaí. Sin an uair a bhaineann tú sult as.

SÓC: Bhí dlúthcheangal agat leis an CLG go háitiúil, rud a d’eascair go hiontaobhas Pháirc an Chrócaigh le himeacht ama?

MMGE: Thosaigh mé mar Rúnaí ar chumann Chill Chartha i 1962. Bhí club Chill Chartha ó cheann Ghlinne go ceann Inbhir san am sin. Sé chumann atá sa cheantar úd anois. Ní raibh sé furasta foireann a chur chun páirce. Ní raibh na fir sa chontae.

Ó thaobh gnóthaí riaracháin, bhí mé i mo chathaoirleach contae ó 1980 go 1987, bliain ina dhiaidh sin bhí mé mar ionadaí ag DnaG i bPáirc an Chrócaigh agus mar iontaobhaí i bPáirc an Chrócaigh ag tús na forbartha. Is cuimhin liom seic a shíniú a raibh seacht bhfigiúr air! Bhí mé tinn ar feadh píosa. Nuair a d’fheiceadh daoine mé ag dul ar bhus go Baile Átha Cliath, d’abraíodh siad: “tá an fear sin ar a bhealach go Páirc an Chrócaigh”. Sílim gur chuidigh sé sin liom.

SÓC: Cén ról atá ag an CLG i gcás na himirce?

MMGE: Go háirithe sa lá inniu, más gá duit dul ar imirce rachaidh tú go club i gcíbe tír a rachas tú ann agus sin iad na cairde a bheas agat. Mura mbíonn aigne na foirne agat, ní bhíonn an dearcadh ceart ariamh. Ní thig leat a bheith i do sheasamh leat féin sa tsaol seo.

SÓC: Ag leanúint le tábhacht na foirne i gCLG, an gceapann tú gur chóir an phroifisiúntacht a sheachaint sa Chumann?

MMGE: Is cinnte go bhfuil an amaitéaracht iontach tábhachtach agus a oiread sin daoine a thug a oiread sin uaireanta dá saol go deonach. Níor mhaith liom a rá go mbeidh rudaí proifisiúnta ag leibhéal áirithe ariamh. Sílim gur chóir dó fanacht ar leibhéal amaitéarach chomh fada agus is féidir. Bhí CLG siosmaideach i gcónaí agus sílim go mbeidh.

Gnóthaí Oideachais

SÓC: An fíor é gur thosaigh tú ag teagasc agus tú fós i do dhéagóir?

MMGE: Dhá bhliain a bhí i gColáiste Phadráig san am sin. Thosaigh mé ag teagasc agus mé naoi mbliana déag d’aois i scoil Loch Dhoire Thoirc i nGleann Cholm Cille. Fuair mé post an phríomhoide. Bhí beirt againn ag teagasc sa scoil. Seomra amháin idir an dá oide. Ní raibh sé sin furasta ach an oiread.

SÓC: An raibh tú i bhfad ag teagasc sna scoileanna beaga sular dúnadh iad?

MMGE: Is aisteach an rud é, nach dhearna mé agallamh poist riamh i mo shaol. Tháinig mé go scoil Sealbha i bparóiste Chill Chartha i ’62. Rinneadh an cónascadh le scoil Chill Chartha i ’68, de bharr an drochbhail a bhí ar scoil s’againn féin.

SÓC: An bhfeiceann tú cosúlacht idir na ciorruithe atá os comhair scoileanna beaga tuaithe agus an tréimhse sna seascaidí nuair a bhí scoileanna beaga á ndúnadh?

MMGE: Ní brú a cuireadh ar na scoileanna ón Rialtas. Dúnadh go leor scoileanna san am sin mar go raibh múinteoirí ag éirí as. Tharla sé sin go nádúrtha. Ní shílim go raibh caillteanas postanna ar chor ar bith sa cheantar seo.

SÓC: Cén t-athrú a tchí tú i modhanna teagaisc agus iompair sa seomra ranga ón uair a thosaigh tú i ’61 agus gur éirigh tú as i ’94?

MMGE: Tháinig athruithe ar bhéasaí na bpáistí agus ar an oiliúint a fuair múinteoirí, bealaí nua le teagasc. Athruithe maithe a bhí iontu.

SÓC: Céard faoi theagasc na teanga i mbunscoileanna tuaithe?

MMGE: Tá múinteoirí anois i scoileanna náisiúnta, cuid acu níl Gaeilge ar bith acu. Ní fheicim cén dóigh gur féidir leosan í a theagasc nuair nach bhfuil sí acu féin. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an teanga ag na múinteoirí uilig agus deis a thabhairt do na páistí an líofacht agus an cumas sin a bhaint amach.

SÓC: An athrú é sin atá le tarlú sna coláistí oiliúna?

MMGE: Sílim é, go cinnte.

SÓC: An moladh as cuimse a bhí i ndúnghaois Fhine Gael leis an Ghaeilge a dhéanamh roghnach mar ábhar ardteistiméireachta?

MMGE: Ní bhacaim barraíocht le polaitíocht ach téann gach rud trí thréimhsí athraithe, ó thaobh an stair a bhí againne faoi rialtas Shasana, tá muid i gcoinne gach rud a thaganns anuas ón bharr!

SÓC: Mar fhocal scóir a Mhichíl, luaigh tú linn ar ball go raibh tinneas ort tráth. Ar mhiste an scéal spreagúil a d’inis tú ag d’insealbhú mar Uachtáran an Oireachtais a roinnt linn?

MMGE: Cinnte. Níor shíl mé go mbeinn beo ag an am seo, shíl mé nach bhfeicfinn an bhliain 2000 fiú. Rinneadh dhá sheachród croí orm agus tógadh beagnach duán agus trí cheathrú agus dhá phíosa scamhóg uaim. Rinne mé dhá chúrsa chaemptheiripe. Caithfidh mé buíochas a ghabháil leis na ndaoine a bhí mo thiomaint ar fud na tíre agus mo bhean chéile atá de shíor ag amharc i ndiaidh gach uile ní. Deirim é sin ag súil go dtabharfaidh sé spreagadh do dhaoine atá faoi bhrú ag ailse agus a chuireann a gcloigne síos.

SÓC: Go raibh míle maith agat as caint linn a Mhíchíl agus tá súil agam go misneoidh do scéal daoine eile.

MMGE: Tá fáilte romhat.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.