AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Howard arís agus arís
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Cé gur léirigh dhá phobalmheas roimh an olltoghchán san Astráil nach raibh mórán muiníne ag an bpobal as an bPríomhaire John Howard, d’éirigh lena pháirtí an bua a fháil sa toghchán sin mar sin féin. D’éirigh le Howard, dar le Dáithí Ó Colchúin, de bharr gur chuir sé imní ar an bpobal, go háirithe orthu siúd a bhfuil morgáistí acu.

Íomhá
Príomhaire na hAstráile, John Howard
Íomhá
Póstaer de chuid John Howard á ghlanadh
Íomhá
Mark Latham, ceannaire an Lucht Oibre

Fuair John Howard an ceann is fearr ar an bhfreasúra san olltoghchán an mhí seo caite. Seo é an ceathrú ceann as a chéile gnóite ag an gcomhrialtas coimeádach ó 1996. Níor chuir a bhua iontas ar mhórán ach is é an rud a chuir ná gur méadaíodh móramh an rialtais i dTeach na nIonadaithe agus go bhfuil seans maith go mbeidh smacht ag an rialtas ar an Seanad ó mhí Iúil seo chugainn, rud nach raibh ag aon rialtas ó 1980.

Nuair a d’fhógair Howard ag deireadh mhí Lúnasa go mbeadh toghchán ann, dúirt sé go mbeadh an mhuinín mar phríomhthéama an toghcháin sin. Bhain sé sin leagan as daoine i bhfianaise an dá phobalmheas a foilsíodh le seachtain roimhe sin a léirigh gur chreid 60% den phobal gur bréagadóir é Howard. Pé locht a bheadh ag duine ar Howard, ní fhéadfaí easpa muiníl a chur ina leith.

Chuir an rialtas béim ar bhainistiú an gheilleagair agus an chaoi a raibh cúrsaí go maith faoina stiúir. Tá an leibhéal dífhostaíochta íseal go maith (5.6%), beagnach chomh híseal is a bhí ag am ar bith ó 1981.

brabach comhlachtaí méadaithe 30% le hais 2003. Tá an stocmhargadh ag an leibhéal is airde a bhí ariamh.

Ach is ar rátaí úis a chuir an rialtas béim thar aon cheo eile. Dúirt siad go mbeadh na rátaí i bhfad níos airde faoin Lucht Oibre. Is léir gur reacaireacht an uafáis a bhí ansin ó thús. Is iad an Banc Ceannais, atá neamhspleách ar an rialtas, a shocraíonn na rátaí oifigiúla (5.25% faoi láthair) agus tá chuile chosúlacht ar an scéal go mbeidh siadsan ag ardú as seo go ceann dhá bhliain nó trí, is cuma cé a bheas i mbun rialtais.

Is léir go ndeachaigh bagairt an rialtais i bhfeidhm go mór ar dhaoine a bhfuil morgáistí acu. Thagair an rialtas do na rátaí úis a bhí ann nuair a bhí an Lucht Oibre i réim sna seachtóidí agus sna hochtóidí, rátaí a bhí níb airde ná mar atá anois. Ach ar ndóigh níor luaigh siad go raibh na rátaí ab airde le dhá scór bliain ann nuair a bhí Howard ina Chisteoir ag tús na n-ochtóidí.

athbhreithniú geallta ag an Lucht Oibre ar thorthaí an toghcháin. Seachas tagairt do bhagairt an rialtais faoi rátaí úis, níl aon mhíniú tugtha acu ar an tubaiste. Tá sé ráite ag Mark Latham, ceannaire an fhreasúra, go raibh a gcuid polasaithe ceart. Tá sé ráite ag beagnach chuile dhuine sa Lucht Oibre go raibh feachtas ar dóigh ag Latham. Ach, ina ainneoin sin, tá siad i gcruachás. Roimh an toghchán, bhí dhá shuíochán déag ag an rialtas nach raibh ach farasbarr 2.6% de vótaí nó níos lú acu agus ceapadh go mbeadh seans maith ag an bhfreasúra ar chuid acu sin. Ní mar sin a tharla agus anois beidh farasbarr 4% nó níos mó ag an rialtas i bhformhór na suíochán imeallach sa gcéad toghchán eile. Tá daoine sa Lucht Oibre ag rá go hoscailte cheana féin go bhfuil dhá théarma eile sa bhfreasúra rompu.

Ceapadh go mbeadh an buntáiste ag an Lucht Oibre maidir le cúrsaí oideachais, sláinte agus comhshaoil, agus b’fhéidir an Iaráic freisin, ó tharla an oiread sin bréagadóireachta a bheith ar siúl ag an rialtas. Ach an mbeadh dóthain ansin? Tugadh freagra simplí ar an gceist sin. Dúirt an pobal an méid seo go soiléir: má tá do phócaí teann, is cuma faoi cheisteanna prionsabail agus moráltachta.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.