156
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is deas an sos faoin Nollaig, ach bíonn oiread sin le déanamh. Cuirimid brú orainn féin le taisteal, le siopadóireacht agus le hullmhúchán san am ba cheart dúinn a bheith ag glacadh sosa. An dtiocfaidh ciall dúinn?
»»»Chaith Brian Ó Broin cúpla lá pléisiúrtha i measc daoine de shliocht Gearmánach i Wisconsin le gairid.
»»»Tá PJ Mac Gabhann ag coinneáil súile ar scéal Jean-Pierre Treiber sa Fhrainc. Ní fios an méid scannán a dhéanfar as amach anseo.
»»»Is í Muireann Nic Amhlaoibh, bean óg as Dún Chaoin, atá mar phríomhamhránaí leis an ngrúpa ceoil Danú. Cé gurb iad na hamhráin is mó a choinníonn gnóthach í leis an ngrúpa seo, seinneann sí ar an bhfeadóg mhór chomh maith. Labhair Antaine Ó Faracháin léi faoi shaol an cheoil.
»»»Chaith Balor seal i measc mhaithe agus mhóruaisle na Gaeilge ag Irish Fest Milwaukee an mhí seo caite.
»»»Tús na míosa seo caite, tháinig moladh ó Frank Feighan T.D go mba cheart ‘Gaeltacht’ a dhéanamh de Chliara, oileán amach ó chósta Mhaigh Eo. Tá Donncha Ó hÉallaithe den tuairim go léiríonn a mholadh go bhfuil easpa buntuisceana ar urlabhraí nuacheapaithe Fhine Gael ar chúrsaí Gaeltachta agus go mba cheart do Enda Kenny fáil réidh leis mar urlabhraí a pháirtí ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.
»»»Tá go leor aontachtaithe, Pastor Jack McKee ó Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste ina measc, atá sásta comhoibriú le poblachtánaigh ar bhonn áitiúil ach nach dteastaíonn uathu aon bhaint a bheith acu le Sinn Féin i dTionól Thuaisceart Éireann. Léiriú é seo, dar le Robert McMillen, ar an mhearbhall atá ar na haontachtaithe.
»»»Dfhoghlaim Liz Curtis go leor faoi shaol na manach fadó le linn di cuairt a thabhairt ar an áit a raibh mainistir Bheannachair suite fadó.
»»»Thug Ruth Nic Giolla Iasachta do na boinn é ag tús Redadeg, nó Rith, a shín timpeall na Briotáine ar son ghníomhaíocht na Briotáinise, scolaíocht sa teanga sin go háirithe.
»»»Tá an Ghaeilge á labhairt agus á múineadh i gcathracha móra na hAstráile na laethanta seo agus, mar a mhíníonn Marc Ó Conaill, tá tuiscint níos fearr sa tír anois ar an tábhacht a bhaineann le héagsúlacht ó thaobh teangacha agus cultúr de.
»»»Tá leabhar nua dar teideal [i]A New View of the Irish Language [/i] díreach foilsithe ag Cois Life. Leabhar thar a bheith suimiúil is ea é a thaitneoidh go mór le daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, sa tsochaí Éireannach agus sa tsochtheangeolaíocht, dar le Caoimhe Ní Laighin.
»»»Dealraíonn sé go mbeidh cosc ar an tobac sna tithe tábhairne agus in áiteanna eile poiblí in Éirinn go luath. Níl sé i gceist ag Rialtas na Breataine cosc den chineál céanna a chur i bhfeidhm, áfach, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Tá imní agus fearg ar Tony Birtill mar go bhfuil rudaí gránna, aisteacha agus míchuí á gcur i mbaill áilleachta timpeall Ghleann Cholm Cille. Ach ní hé gur déagóirí ná loitiméirí atá á dhéanamh, ach na forais úd a dhéanann cúram d’oidhreacht na tíre.
»»»Chaith Emer Ní Bhrádaigh an Nollaig seo caite i Wisconsin Mheiriceá agus bhraith sí uaithi a tír dhúchais go mór.
»»»Cuireadh fáilte mhór roimh Tony Birtill agus a chomhchnocadóirí i nGleann Cholm Cille ach tá daoine áirithe sa tír, feirmeoirí go háirithe, níos doicheallaí roimh thurasóirí.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.