AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Na Gearmánaigh i Wisconsin
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Chaith Brian Ó Broin cúpla lá pléisiúrtha i measc daoine de shliocht Gearmánach i Wisconsin le gairid.

Íomhá
Emil agus Mary Jo Schuster
Íomhá
Margadh i lár an bhaile
Íomhá
Bia Gearmánach ar díol i siopa i Sheboygan
Íomhá
Ag imirt Eisstockschießen
Íomhá
Fir amháin a imríonn Eisstockschießen

Chaitheas cúpla lá i gcathair bheag i Wisconsin le déanaí: Sheboygan, atá seasca míle nó mar sin cois chósta Loch Michigan ó thuaidh ó Milwaukee. Déanta na fírinne, tá daonra na cathrach chomh mór céanna le daonra na Gaillimhe, ach ní bheadh a fhios agat sin ó lár na cathrach, atá in ísle brí. Níl fágtha ar an bpríomhshráid ach trí nó ceithre shiopa, tábhairne nó dhó, agus siopa carthanais.

Bhíomar ag stopadh le hEmil agus Mary Jo Schuster, ar de bhunadh Gearmánach iad, agus d’fhiafraigh mé d’Emil an raibh lár na cathrach mar sin nuair a bhí sé óg.

Dar fia, arsa sé, ní raibh.

Rugadh agus tógadh gar do lár na cathrach é féin, agus ba chuimhin leis na sráideanna a bheith lán le daoine ag siopadóireacht, ag spaisteoireacht, ag siúl chun na hoibre agus ar ais, nó ag guairdeall thart i measc na ndaoine. Níorbh amhlaidh anois. Le teacht na mbóithre móra agus na gcarranna saora, d’imigh an gnó uilig go dtí imeall na cathrach, áit a raibh cíos níos saoire agus a raibh níos mó spáis don chustaiméir le páirceáil. Bhí pobal na cathrach ina gcónaí i bhfobhailte anois, cúpla míle ó lár na cathrach. Dá mbeadh tráthnóna spaisteoireachta uait, bheadh ort tiomáint go lár na cathrach agus áit a fháil do do charr. Na laethanta seo, níorbh fhiú é cibé, ó bhí na sráideanna uilig folamh. Go deimhin, sinn féin amháin a bhí ar phríomhshráid na cathrach ag a trí a chlog tráthnóna Sathairn.

Tá dhá stát i Meiriceá a bhfuil traidisiún láidir Gearmánach acu (cé go bhfuil Gearmánaigh i ngach stát le fada): Pennsylvania agus Wisconsin. Gearmánaigh Phrotastúnacha den chuid is mó a chuir fúthu i bPennsylvania, ag éalú ó dhlíthe frith-Phrotastúnacha nó ag cuardach saol nua ar an taobh eile den Aigéan Atlantach. Meascán de Chaitlicigh agus Protastúnaigh go príomha a chuir fúthu i Wisconsin ar dtús, iad ag teitheadh ó dhíoltas na rialtas tar éis éirithe amach 1848 timpeall mhór-roinn na hEorpa.

Tháinig mórchuid Ghearmánaigh Sheboygan as an mBaváir. Cuimhnigh nach raibh Wisconsin aitheanta fiú mar “territory” (sé sin, dúiche faoi choimirce na Stát Aontaithe) go dtí 1836, agus aithníodh é mar stát den chéad uair in 1848. Mar sin, bhí talamh go leor ar reic sa stát nua seo, agus inimircigh go leor ag teacht as mór-roinn na hEorpa chun í a thógáil. Le cois sin, bhí tírdhreach Wisconsin an-chosúil le tírdhreach na Baváire. Bhraith na hinimircigh seo go rabhadar ar ais sa Ghearmáin arís, agus thugadar faoi fheirmeoireacht díreach mar a thug a n-aithreacha fúithi sa “tseantír.”

Ach ní hí an fheirmeoireacht príomhthionscal Wisconsin níos mó, cé go bhfuil cáil fud fad Mheiriceá air mar gheall ar a tháirgí ó thionscal na mbeithíoch: cáis agus feoil. Saothraítear talamh i Wisconsin freisin, agus ní féidir éalú uaidh gan beoir an stáit a thriail. Gan aon agó, is é Milwaukee príomhchathair na beorach i Meiriceá go fóill, agus is inti a ghrúdaítear beoracha mar Miller, Pabst, Schlitz, Blatz, agus Heileman. Ar ndóigh, ó na hainmneacha amháin is léir gur Ghearmánaigh an dream uilig a chuir tús leis na grúdlanna seo.

Béile leis na Schusters

D’eagraigh na Schusters béile dúinn an chéad oíche. Cé go raibh an teocht i bhfad faoin reophointe, chaith Emil uair an chloig roimh an mbéile ag dul isteach agus amach doras cúil an tí, agus faoi dheireadh rug mo chaidéis orm. Ar dhul amach dom ina dhiaidh, chonaic mé go raibh tine lasta aige taobh amuigh, agus feoil an bhéile á gríoscadh aige go mall os cionn na mbladhmanna.

Ar ghá é seo i ndáiríre?

Ba ghá, a d’fhreagair sé go sollúnta. Bhí aíonna ina theach, agus d’íosfaidís “Wisconsin Brats” mar ba cheart iad a ithe.

*Bratwurst *ab ainm don chineál seo feola, an Ghearmáinis do “ghríosc-ispín.”

Bhí cuairteoirí eile ag an mbéile freisin – Dorothee agus Walli Hellauer, ón dúiche chéanna. Tógadh Dorothee, dála Emil, le Gearmáinis, agus labhair sí Béarla linn a raibh blas láidir Gearmánach air. Phós sí Walli, a rugadh agus a tógadh sa Ghearmáin, tar éis bliain a chaitheamh i mbaile dúchais a seanathar, Wegscheid, i sléibhte na Baváire. Go deimhin, níl dearmad déanta ag Gearmanaigh Wisconsin ar a ngaolta sa Ghearmáin. Thóg Emil agus Mary Jo a gclann uilig go dtí an Ghearmáin faoi thrí nuair a bhí siad óg, agus glaonn Emil ar a chol ceathracha sa mBaváir ar an teileafóin go minic. Dúirt sé go ngáireann a ghaolta sa Ghearmáin faoina Ghearmáinis nuair a labhraíonn sé leo, ó tá rian láidir na seanaimsire ar a chaint, é ag úsáid focal, nathanna cainte, agus gramadaí atá imithe as faisean sa Ghearmáin le céad bliain. Le teacht an idirlín, déanann sé iarracht corr-ríomhphost a sheoladh chucu freisin, ach dar leis féin, cliseann an litriú air, ó nár fhoghlaim sé Gearmáinis ariamh ach ó bhéal a thuismitheoirí.

Fiú má tá Gearmáinis ag an tseanghlúin, ní hamhlaidh don aos óg. Tá Gearmáinis ag beirt de chlann Emil agus Mary Jo, ach d’fhoghlaimíodar í ar scoil, agus níl líofacht na teangan acu mar atá ag Emil nuair a labhraíonn sé lena chairde. Lárchanúint na Gearmáinise, nó Gearmáinis chaighdeánach, atá ag an dream óg, agus Baváiris a labhraíonn seisean. Béarla amháin a labhraíonn sé lena pháistí anois.

Bhí féiríní eile le nochtadh ag an mbéile: fíorarán baile: “Sheboygan Hard Rolls” a cheannaigh Emil go speisialta ó bhácús Gearmánach i Sheboygan. Faraor, arsa Emil, tá sé ag éirí níos deacra iad a fháil anois, gan ach dhá bhácús fágtha ar an mbaile a dhéanann iad. I gceann glúine eile, ní bheidh siad ar fáil in aon chor, is cosúil. Lena gcois, bhí Salzstänge, rollaí aráin agus salann orthu, a rinne Walli féin in oighean speisialta, ó fuair sé traenáil mar bháicéir sa Ghearmáin.

Tá traidisiún na fáilte go láidir i Wisconsin, agus níor chlis ar an traidisiún an oíche seo ach oiread, sinn ag ithe scoth feola agus aráin an chultúir Ghearmánaigh i Wisconsin.

An lá dár gcionn thug Emil cuireadh dom dul ag imirt Eisstockschießen – cluiche a imrítear ar leac oighir. Ba leid an t-ainm gur tháinig an cluiche as an mBaváir leis na hinimircigh freisin, agus inár mbuataisí troma agus cótaí móra, thugamar faoi go croíúil. Tá an cluiche féin an-chosúil leis an spórt Albanach Ice-Curling. Caithfidh tú blocanna déanta as adhmad agus miotal a shleamhnú ar raon leac oighir agus iad a chur chomh cóngarach le sprioc (píosa beag adhmaid) agus is féidir leat.

Ba Ghearmánaigh uilig a bhí ag imirt an lá fuar gréine seo, gan náire ar bith orthu Baváiris a labhairt eatarthu féin, cé gur Béarla a labhraíodar lena gclann. Le mo Ghearmáinis, bhíos in ann iad a thuiscint anois agus arís, ach ba léir go raibh an chanúint an-fhada ón chaighdeán.

Cluiche d’fhir amháin, dála an scéil, is ea Eisstockschießen, agus ní dóigh liom go rabhadar róshásta ach oiread go raibh Éireannach ag tabhairt faoi!

Ar mhalairt tuairime a bhíodar, buíochas le Dia, i ndeireadh báire, ó phiocas suas na rialacha sách tapaidh, agus go rabhas lánsásta pé Baváiris a bhí agam a thriail leo.

“Hei,” ar siad, agus sinn ag críochnú, “Wann kommst’ zurück?”

Cathain a thiocfainn ar ais? Go luath, bhí súil agam.

Faraor, ní raibh mórán ama fágtha againn i Sheboygan. Nuair a chuala duine de na seanfhondúirí go mbeimis ag fágáil gan mhoill, chuir sé lámh ar mo ghualainn.

“Hey Ireland,” arsa sé, agus oiread na fríde den chumha ina ghlór, “say hello to the Old Country for me, okay?”

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.