CÚINNE NA nEALAÍON
Leabharmheas: A New View of the Irish Language

leabhar nua dar teideal [i]A New View of the Irish Language [/i] díreach foilsithe ag Cois Life. Leabhar thar a bheith suimiúil is ea é a thaitneoidh go mór le daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, sa tsochaí Éireannach agus sa tsochtheangeolaíocht, dar le Caoimhe Laighin.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
An Dr Caoilfhionn Nic Pháidín: comheagarthóir an leabhair
Íomhá
an Dr Lillis Ó Laoire ar dhuine de na húdair a bhfuil aiste chuid le fáil sa saothar A New View of the Irish Language

leabhar a mbeidh an-tóir air, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, díreach foilsithe ag Cois Life. Is éard atá idir chamáin sa saothar, a bhfuil *A New View of the Irish Language *mar theideal air, staid na Gaeilge sa atá inniu ann. Is iad Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh eagarthóirí an tsaothair, ina bhfuil sraith aistí le húdair a áirítear mar údaráis ar a réimse féin saineolais. Úsáidtear cur chuige ildisiplíneach ann le léargas cuimsitheach a chur ar fáil don léitheoir maidir leis an riocht ina bhfuil an teanga sa tsochaí chomhaimseartha. Déantar plé sna haistí ar réimse leathan ábharna meáin chumarsáide Ghaeilge; an fhéiniúlacht Éireannach agus an Ghaeilge; litríocht na Gaeilge; an Ghaeltacht agus logainmneacha, ina measc.Is cinnte go bhfuil ábhar inspéise sa saothar seo do lucht na Gaeilge agus is cosúil go dtabharfaidh lón machnaimh don chuid eile den tsochaí Éireannach nach bhfuil eolach ar an teanga ar na nithe atá ina n-údair imníagus ina n-údair bhróid lucht labhartha in Éirinn agus i gcéin.

Is iad na buanna is atá ag baint leis an saothar seo , sa chéad dul síos, go bhfuil na haltanna i mBéarla agus, sa dara dul síos, gur éirigh leis na húdair ar fad stíl bhreá iriseoireachta a chothú ina gcuid scríbhneoireachta agus nár ghéill siad don chathú dul i muinín an bhéarlagair acadúil.

Gach seans go sílfidh daoine áirithe gur peaca marfach é leabhar mar seo a fhoilsiú i mBéarla. Mar shampla, dúradh i léirmheas amháin a léigh gur "admháil teipeé an rogha teanga. aontaím leis an tuairim sin. Cheisteoinn luach na seimineár ar fad agus fiúntas na leabhar uile ina bpléitear ceist na Gaeilge as Gaeilge. Dar ndóigh, tábhacht ag baint leo i gcomhthéacsanna áirithecomhthéacs acadúil, cuir i gcás. Ach i gcásanna eile, braithim go mbítear ag iarraidh dul i bhfeidhm ar dhaoine atá báúil leis an teanga cheana - "preaching to the converted”, mar a deirtear sa Bhéarla. Aontaím le Nic Pháidín agus Ó Cearnaigh nuair a deir siad i réamhrá an leabhair seo: “The goodwill of [the] largely English speaking population is essential for [the promotion of the Irish Language], and this support must be sought and maintained primarily in English.” Aistí

Ar cheann de na haistí is a chuaigh i bhfeidhm orm bhíThe State and the Irish Languagele Gearóid Ó Tuathaigh ina ndéantar cur síos, mar a thugann an teideal le fios, ar pholasaithe teanga an stáit thar na blianta. Aiste shuntasach is ea í mar go ndéantar plé suimiúil inti, hamháin ar an nGaeilge, ach ar an dóigh ar tháinig athrú íde-eolaíoch ar an Stát sna caogaidí nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valerais é sin, go raibh teipthe ar nóisean na hathbheochana agus ar an gcaomhnaitheacht. Is díol spéise é, dar liomsa, gur chuathas i mbun na dtionscadal a bhí níb fhiúntaí ó thaobh na Gaeilge de sa úr (bunú Gaeltarra, agus ba dhéanaí, bunú Údarás na Gaeltachta) in ainneoin nach rabhthas ag leagan béime ar náisiúnachas cultúrtha a thuilleadh.

Saineolaí eile a phléann cúrsaí idé-eolacha sa leabhar is ea Iarlaith Watson. In aiste dar teidealThe Irish Language and Identity”, tugann léargas dúinn faoin nasc idir féiniúlacht na nÉireannach agus an Ghaeilge. Mholfainn go láidir do dhaoine atá ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide, d’aon duine a bhfuil spéis aige sna cúrsaí seo i gcoitinne, a leabhar Broadcasting in Irish (2003)a léamh chomh maith.

Déanann Breandán Delap achoimriú ar a leabhar mór-ráchairte Ar an Taifead (2007) san aisteIrish and the Media”. Pléann cúlra stairiúil na meán Gaeilge agus déanann cur síos ar na feachtais éagsúla ar tugadh fúthu agus Raidió na Gaeltachtaagus ba dhéanaí, Teilifís na Gaeilgeá mbunú. Leabhar eile is ea Ar an Taifead a bheadh an-úsáideach don atá i mbun staidéir ar na meáin Ghaeilge

Ar na haistí eile ar thug suntas dóibh bhí, “The Global Diaspora and theNew’ Irish Languagele Brian Ó Conchubhair agusCurrent Attitudes to Irishle Ciarán Mac Murchaidh.

Éacht éacht bainte amach chomh maith ag Ruairí Ó hUiginn ina chaibidil siúd, “The Irish Language”, ina bhfuil cur síos ar fhréamhacha na teanga. go bhfuil ag moladh teoiric úr cheannródaíoch, ach éiríonn leis ábhar casta a mhíniú ar bhealach sothuigthe soiléir. an chaibidil an-ghearr, ach go leor eolais inti le tuiscint ghinearálta a thabhairt don léitheoir maidir leis na teangacha as ar eascair na teangacha Ceilteacha, an difríocht idir P-Ceilteach agus Q-Ceilteach (coincheap a raibh deacracht riamh agam leis) agus na tréimhsí stairiúla éagsúla a ndéantar tagairt dóibh agus an teanga á plé i gcomhthéacs acadúil.

San aisteCorpus Planning for IrishDictionaries and Terminology”, pléann Caoilfhionn Nic Pháidín stair fhoclóireacht na Gaeilge agus tábhacht na pleanála corpais, agus míníonn an phráinn atá ag baint le foclóir oifigiúil amháin a fhorbairt.

A New View of the Irish Language dírithe, glacaim leis, ar dhá ghrúpa éagsúla: an pobal i gcoitinne agus an lucht acadúil. Ach is mar eolaire pointe éasca tagartha atá deartha i gcás an dara dream a luadh, dar liomsa. Is geall le* Rapid Revision on Issues pertaining to the Irish Language* é an saothar seo, ach ar bhealach díspeagúil a deirim sin agus súil agam nach gcuirfidh an cur síos olc orthu siúd a bhí bainteach leis. Is éard atá i gceist agam go gcuireann an saothar in iúl don léitheoir na rudaí ar fad ar chóir dóibh a bheith ar an eolas fúthu ó thaobh na Gaeilge de agus go dtugann túsphointe an-mhaith do mhic léinn atá ag tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge, sa teangeolaíocht, sa tsochtheangeolaíocht, sa stair sa tsocheolaíocht. mar a bheadh léarscáil ann mar go dtarraingíonn aird an léitheora ar na ceisteanna agus ar na sainréimsí tábhachtacha atá ag baint leis an teanga.

Sa chaoi seo, measaim go bhfuil éacht bainte amach ag cuid de na húdair. chuirfidh fiacail ann: i bhfad níos éasca ábhair marna meáin chumarsáideagusféiniúlacht agus an Ghaeilgea scríobh i bhformaid mar seoformaid a thaitneoidh leis an bpobal i gcoitinne mar atá ábhair mar fhoclóireacht logainmneacha pholasaithe stáit i leith na teanga a dhéanamh tarraingteach don ghnáthdhuine. Ach mar gheall ar gur éirigh leis na húdair stíl bhreá iriseoireachta a chothú sa saothar, cuirtear an t-eolas casta os comhair an léitheora ar bhealach tarraingteach taitneamhach.

LochtI bhfírinne, féidir liom locht a fháil ar a bhfuil in A New View of the Irish Language. Locht amháin a gheobhainn air, áfach, na rudaí atá fágtha ar láridir dhaoine agus ábhair.

Ba dheas liomsa mbeadh tuilleadh díospóireachta ann maidir leis an nasc idir féiniúlacht, teanga agus rathúlacht eacnamúil. tagairt déanta don choincheap seo, ach measaim go gcuirfeadh go mór leis an leabhar mbeadh aiste iomlán faoin teoiric seo le fáil ann. Bheadh leithéidí Joe Lee John Walsh an-mhaith sa réimse áirithe seo. go n-éiríonn leis na húdair ar fad stíl shothuigthe neamhacadúil a úsáid, locht eile a gheobhainn ar an saothar go bhfuil na húdair ar fad bainteach leis an saol acadúil is moite de Bhreandán Delap agus de Liam Ó Muirthilear eagarthóir nuachta le TG4 agus file iad faoi seach. Measaim go gcuirfeadh go mór leis an saothar mbeadh roinnt aistí ag daoine ann atá ag obair sa phobal i gceann de na heagraíochtaí Gaeilge, cuir i gcás.

É sin ráite, measaim go bhfuil an leabhar seo riachtanach d’aon duine atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge, ar an tsochtheangeolaíocht ar an teangeolaíocht. Is leabhar thar a bheith taitneamhach agus faisnéiseach é chomh maith a mbeidh an-ráchairt air sna míonnaagus sna bliantaatá amach romhainn, táim cinnte.

A New View of the Irish Language (eagarthóirí Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, Cois Life, 2008)

Praghas: €20

an leabhar ar fáil ó www.coislife.ie agus ó shiopaí leabhar mar Shiopa Leabhar Chonradh na Gaeilge (www.evertype.com/siopa6) ar Shráid Fhearcháir i mBaile Átha Cliath. Is féidir é a cheannach ar líne freisin ar na suíomhanna seo: www.cuplafocal.iewww.litriocht.comwww.oideas-gael.com/siopa

Is eagarthóir ar an iris seo í Caoimhe Laighin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.