TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Níl na teangacha ach ina gcodladh
Marc Ó Conaill Marc Ó Conaill

Tá an Ghaeilge á labhairt agus á múineadh i gcathracha móra na hAstráile na laethanta seo agus, mar a mhíníonn Marc Ó Conaill, tá tuiscint níos fearr sa tír anois ar an tábhacht a bhaineann le héagsúlacht ó thaobh teangacha agus cultúr de.

Íomhá
Rinceoirí Kaurna
Íomhá
Marc ag taisteal na hAstráile

Táim á scríobh seo agus ag breathnú uaim amach ar mhachaire Adelaide i ndeisceart na hAstráile. Is anseo a bhí an náisiún bundúchasach ar a dtugtar na Kaurna. Iad ina gcónaí anseo ar feadh na mílte bliain. Cé go bhfuil a sliocht fós ann, is beag atá fágtha dá dteanga, agus ní labhraítear í a thuilleadh ó lá go lá. Ach tá foclóir Kaurna os mo chomhair amach, foclóir deas cuimsitheach atá líonta go béal le gnáthfhocail an lae: ngultiworta (tráthnóna), tindo yurlo (éirí na gréine), panyi (breacadh an lae).

Tá lucht ollscoile ag déanamh taighde ar Kaurna agus ag cabhrú leis na seanóirí Kaurna í a mhúineadh i scoileanna na mbundúchasach anseo in Adelaide. Tá na céadta agus céadta teanga eile anseo san Astráil ach ní chloistear go rómhinic iad. Tá cultúr an Bhéarla agus an Meiriceánachas róláidir agus bíonn náire ar dhaoine a dteanga féin a labhairt ach amháin nuair a bhíonn siad i dteannta a chéile. Cúpla lá ó shin agus mé ar an mbus thug mé faoi deara beirt seanbhan agus iad ag labhairt Iodáilis bhinn bhlasta os íseal. Bhí beirt eile ansin ag labhairt teanga nár chuala mé riamh agus mise ar mo bhealach chun rang Gaeilge a mhúineadh. Nach ait an saol é!

Tá athrú ag teacht ar an scéal anseo san Astráil. An bhliain seo caite bhí comóradh céad bliain an chónasctha ann, nó i bhfocail eile bhí an Astráil céad bliain d’aois. Tháinig na teangacha uilig le chéile chun ilchultúrachas na hAstráile a chomóradh, Gaeilgeoirí Adelaide ina measc. Chonaic roinnt mhaith Astrálach den chéad uair go bhfuil an Ghaeilge ann agus go bhfuil sí á labhairt in Adelaide, i Melbourne, i Sydney agus i bPerth. Tá na teangacha láidir agus iad ag seasamh le chéile. Tá Astrálaigh ag glacadh leis go bhfuil cultúir a muintire tábhachtach agus go gcuireann siad go mór le saibhreas na tíre seo.

Cúlra

Agus cé mise? Is Corcaíoch mé. D’fhreastail mé ar scoil lán-Ghaelach na mBráithre Críostaí áit a ar fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge. Bail ó Dhia orthu! Tháinig mise anseo thart fá cheithre bliana ó shin ón Ollainn le mo pháirtí Ingrid agus chaitheamar an chéad dá bhliain ag cur eolais ar an tír álainn fhiáin seo. Is múinteoir ríomhaireachta mé in Adelaide.

Tá trí rang Ghaeilge againn anseo sa chathair - an bun-, meán-, agus ardrang. Tá béim againn ar an chaint agus mar sin is é an cúrsa Abair Leat! atá á úsáid againn. Is Astrálaigh den chuid is mó iad na daltaí ach tá roinnt Éireannach ina measc.

Tá an Ghaeilge beo beathach i Melbourne chomh maith faoi chúram Chumann Gaeilge na hAstráile. Bhí Daonscoil Samhraidh acu i mí Eanáir i mbliana agus d’fhreastail seachtar is caoga uirthi ó gach cearn den tír. Bhí leithéidí Louis de Paor ann, an file cáiliúil a d’fhág an Astráil tamall de bhlianta ó shin le filleadh ar Éirinn tar éis naoi mbliana a chaitheamh anseo. Ceann de na himeachtaí is spéisiúla a bhí ann ná léacht ó Dymphna Lonergan ar an taighde atá á dhéanamh aici ar thionchar na Gaeilge ar Bhéarla na hAstráile. Más buan mo chuimhne is minic a chuala mé an focal sheila sa scannán Crocodile Dundee agus mo dhuine ag caint faoi na mná. Meastar go raibh an t-ainm Síle coitianta i measc na mban a tháinig anseo mar dhaoránaigh ó Éirinn. Dar le Dymphna, áfach, gur a mhalairt a bhí ann: ceapann sí gur ag caint faoi hómaighnéasaigh a bhí siad! Nach bhfuil sé sin féin aisteach!

Beidh Scoil Gheimhridh againn in Adelaide i mbliana agus táimid ag súil go mór leis. Tugaim cuireadh do mhúinteóirí Gaeilge teacht agus páirt a ghlacadh sa scoil. Is féidir breis eolais a fháil ach teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chugam.

Na laethanta seo, tá comhoibriú níos fearr idir Gaeilgeoirí na hAstráile, ach is fadhb mhór dúinn i gcónaí an fhad atáimid óna chéile.

Sleamhnaíonn an t-am faoi mar a shleamhnaíonn an t-uisce de ghaineamh na trá. Tá seans againn uilig ár dteanga a chur chun cinn agus gan ligean di dul a chodladh. Mar a deirtear i Kaurna: Wanggandi! - Bí ag caint!

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Marc Ó Conaill ag an seoladh conaill@iprimus.com.au.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.