89
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Bhí aithne ag Nikki Ragsdale tráth ar roc-cheoltóirí mór le rá, ach na laethanta seo tá sí níos tógtha leis an chultúr Gaelach agus le cur chun cinn na Gaeilge i gceantar San Francisco. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin dóigh ar fhás a grá don teanga agus faoina cuid oibre mar dhearthóir suíomh gréasáin.
»»»Céard a léiríonn cláracha teilifíse mar “X-Factor” agus “You're a Star” faoi chúrsaí ceoil an lae atá inniu ann? An t-uafás, dar le Toner Quinn.
»»»Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, i ndiaidh cháinaisnéis na míosa seo caite. Cuid de na ciorruithe a rinneadh, agus cuid de na hualaigh mhóra a leagadh, bhí siad barbartha agus fíochmhar. Is beag cainte a dhéanfar as seo amach ar dhíscire Ray McSharry nó ar ghairge Ritchie Ryan. Is é Brains Ó Leanacháin - Ó Léanacháin mo léan, agus a bhrúidiúlacht a bheidh i mbéal an phobail go deo na ndeor.
»»»Bhí Humptaí Dumptaí thuas ar an mballa, shéid an ghaoth is thit sé ar an talamh, tháinig amach an tseanbhean bhuí, is nuair chonaic sí HD ina luí, “anois” a deir sí, “ní fhéadfadh an rí, ná an méid capall is fear atá faoi, thú a chur ar ais arís mar a bhí!” - Na pictiúir dhaite a bhí breactha ar iarsma Bhalla Bherlin ó briseadh é, scuabadh den bhalla iad le huisce te ar na mallaibh. Ní gach éinne atá sásta. Tá an scéal ag Ciara Nic Gabhann.
»»»Tá éirithe le Christoph Wendler an Ghaeilge a fhoghlaim, in ainneoin go bhfuil cónaí air sa Ghearmáin agus gur beag deis a bhí aige ar feadh i bhfad an teanga a labhairt.
»»»Tá roinnt cásanna cúirte ag cur Balor i gcontúirt casadh aigne nó fiú baol an urchair mhillte. Is doiligh glacadh le cuid dá bhfuil ar siúl.
»»»Tá sé tugtha faoi deara ag Ruth Nic Giolla Iasachta nach bhfuil bunadh na Nua-Shéalainne chomh sásta céanna a bheith ag canadh is atá na hÉireannaigh ach go gcuireann siad i bhfad níos mó béime ar an spórt agus ar an aclaíocht.
»»»Sular éalaigh an Taoiseach Ali Abdullah al Saleh as Poblacht Éimin go dtí An Araib Shádach i mbliana, chas sé de thaisme ar Amanda Reid sna sléibhte i gceantar Aden in iardheisceart na tíre. Seo mar a tharla...
»»»Chaith Liam Ó Cuinneagáin cúpla lá an-phléisiúrtha ag Irish Fest i Milwaukee Mheiriceá i lár mhí Lúnasa. Mar a mhíníonn sé anseo, tá níos mó béime á cur ar an Ghaeilge san fhéile sin anois ná mar a bhí riamh.
»»»Ní bheidh toghchán na huachtaránachta ar siúl sna Stáit Aontaithe go ceann bliain go leith eile ach, mar a mhíníonn Brian Ó Broin, tá an feachtas faoi lán seoil anois le tamall anuas.
»»»Aisteoir amharclainne agus teilifíse is ea Darach Ó Tuairisg, a bhunaigh an compántas puipéad Fíbín sa bhliain 2003. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid agus é i mbun dualgas éagsúil mar léiritheoir ar shraith cláracha dar teideal “Raidió na nÓg” atá á craoladh faoi láthair ar Raidió na Life.
»»»Más mian leat BMW a cheannach ar athláimh, agus a bheith i do Bhímear, cuideoidh an chomhairle a bhreac Daragh Ó Tuama san alt seo leat.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú ar chur chuige na mbainisteoirí a bhain craobhacha le blianta gairide anuas, Brian Mac Óda agus Jim Mac Géibheannaigh ina measc.
»»»Beidh sé roinnt blianta sula bhfeicfidh an foclóir nua Béarla - Gaeilge solas an lae. Measann Brian Ó Broin gur cheart tabhairt faoi obair eile idir an dá linn le déanamh cinnte go bhfuiltear ag freastal ar lucht léite agus scríofa na Gaeilge.
»»»Bhain Alan Desmond an-sult as breis is scór go leith scannán a fheiceáil le linn Féile Scannáin na Veinéise. Níl sé ach ina thús agus beidh sé ar ais ann.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.