AGALLAMH BEO
Ciarán Ó Cofaigh, Ráth Cairn agus Conamara
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Bhuail Seosamh Mac Muirí le Ciarán Ó Cofaigh, príomhfheidhmeannach ROSG, an comhlacht a thug Cré na Cille ina scannán dúinn, a thug Scéal na Gaeilge dúinn a bhain Gradam an Chumarsáide an Oireachtais 2012 an mhí seo caite agus a roinneann mórán eile lena gcois siúd orainn chaon tseachtain. Cíoradh tionscal físe na Gaeilge mar atá agus mar a bheas.

Íomhá
Ciarán Ó Cofaigh
Íomhá
Diarmuid Goggins, Scéal na Gaeilge, le Síne Nic an Ailí a fuair ainmniúchán ag Gradaim an Oireachtais
Íomhá
Pangur Bán
Íomhá
Alan Titley i Scéal na Gaeilge
Íomhá
Na Lochlannaigh chugainn
Íomhá
Na Cloigne
Íomhá
Naomh Pádraig gona bhachall
Íomhá
Ailill
Íomhá
Gafa le glaoch, cuid den obair

SMM: Fáilte romhat go Beo.ie a Chiaráin.

CÓC: Go raibh maith a’t.

SMM: Ba as Conamara ó thús sibh ach tógadh i gContae na Mí thú. An Conamarach thú a Chiaráin tharla go bhfuil tú ar ais ar do sheanfhódaí dúchais mar a déarfá?

CÓC: I ndáiríre, níl a fhios a’m cé as mé. Tá blas Chonamara ar mo chuid Gaeilge ach níl Gaeilge Chonamara a’m. Chaith mé tréimhse de mo shaol in oileán beag Conamarach darb ainm Ráth Cairn i gContae na Mí. Rugadh i gCeanada mé. Bhí m’athair i gCeanada ag an am, ag déanamh iarchéime le hOllscoil Ontario in Innealtóireacht Cheimiceach. Rugadh mo dheirfiúr is sine, Siobhán, i mB’l’Átha Cliath, rugadh Bláthnaid i gCeanada agus rugadh Móire is Bríd ar ais in Éirinn. Bhí mé thart ar sé bliana d’aois nuair a tháinig muid ar ais. Chaith mé deich mbliana i Ráth Cairn, ach ón aois 16 ar aghaidh bhí mé ar scoil i mBÁC mar ní raibh meánscoil Ghaeilge i Ráth Cairn ag an am. Bhí orm gabháil go Coláiste Eoin i mBÁC agus bhí mé ar an ollscoil i mBÁC. Mar sin, chaith mé deich mbliana i Ráth Cairn, sé bliana i mBÁC agus tá mé fiche bliain i gConamara. Níl a fhios a’m mar sin cé as mé i ndáiríre, ach amháin gur Gael atá ionam. Tá a fhios a’m an méid sin.

SMM: Cén bhunfhealsúnacht a spreag thú le Rosg a thosú an chéad lá riamh?

CÓC: Bhí suim a’m san obair. Bhí mé th’éis beagáinín taithí a fháil sa tionscal agus mé ar an ollscoil, mar runner nó gofor leis an léiritheoir Muiris Mac Conghaíl, ach go háirithe ar chlár darbh ainm ‘Mórchuid Cloch is Gannchuid Cré’ a rinne sé ar Árainn. Thaithnigh sé sin liom go mór ach is dóichí gur cheap mé, ceart nó mícheart, [ag gáire] go bhféadfainn rud éicint a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge dhe. Mar gheall gur cheap mé go mbeadh scileanna a’m go bhféadfainn a fhorbairt sa tionscal teilifís-scannáin. Agus mé á rá sin, ní haon mhairtíreach ná aingeal mise, ach is dóigh go gcaithfidh tú creidiúint i rud éicint. Ó mo thaobhsa dhe, ba mhaith liom rud éicint a dhéanamh le mo shaol ar mhaithe leis an nGaeilge.

Cré na Cille agus Na Cloigne

SMM: Cén léiriú, clár, scannán nó sraith, is mó údar mórtais agus sásaimh duit?

CÓC: [Ag meabhrú] Shílfeá go mbeadh freagra a’m ar an gceist sin, ceann de na ceisteanna is minice a chuirtear ar dhaoine, ach tá sé deacair é sin a fhreagairt. Is dóichí [ag meabhrú] … Cré na Cille, tá mé an-an-bhródúil as an mbaint a bhí a’m leis mar go bhfuil tionchar mór ag Máirtín Ó Cadhain orm agus is ceann de na leabhra é a déarfadh daoine, ‘nach féidir é a chóiriú mar scannán’. I ndáiríre, níl ann ach cóiriú, níl an scéal iomlán sa scannán.

Tá mé an-bhródúil as Na Cloigne. Chreid muid go bhféadfadh muid genre difriúil ó Chré na Cille a léiriú. Genre comhaimseartha, spraoiúil, siamsúil a dhéanamh trí Ghaeilge, sraith teannais osnádúrtha, rud a bhfuil go leor suime ag daoine ann sa lá inniu. Tá an-tóir air mar genre, ach arís, ar mhaithe lena dhéanamh, d’úsáid muide gnéithe a bhain leis an mbéaloideas, a bhain leis na scéalta sí. Níor úsáid muid an focal ‘sí’ ag aon phointe sa tsraith. Ní raibh muid ag iarraidh a bheith ag tarraingt na tóna as. Ní Tinkerbell atáimid ag caint air anseo. Tá na scéalta béaloidis i bhfad níos dorcha. Tá mé an-bhródúil as sin mar gur chruthaigh muid gur féidir leat genre a léiriú i nGaeilge ar mhaithe le siamsaíocht. Ní haon ealaín mhór é [gáire], ach é a dhéanamh go maith, le aisteoirí maithe, Gaeilge mhaith, go dtarraingeodh sé lucht féachana, go háirithe an dream óg. Dream b’fhéidir nach gcuirfeadh mórán suime amanntaí i ndrámaíocht i nGaeilge.

Scéal na Gaeilge

Scéal na Gaeilge, an bhfuil a fhios a’t, tá sé ar nós Críostaí ag déanamh scéal ar Chríost, ó mo thaobhsa dhe. Tá mé an-bhródúil as sin mar d’fhéadfá a shamhlú a dheacra is a bheadh sé airgead a chur i dtoll a chéile le clár a dhéanamh faoi stair na Gaeilge. [gáire] Bhí TG4 sásta an seans a thógáil, chomh maith leis an BAI agus Foras na Gaeilge. Thóg muid féin an seans freisin. Chuaigh muid ag cuartú airgid eile lena dhéanamh. Níor éirigh linn sa deireadh go teicniúil íoc as ach tá sé déanta anois agus is dóigh nuair a bheas mise faoi chré na cille ní bheidh daoine ag cur na ceiste orm, an ndearna muid aon airgead as Scéal na Gaeilge nó nach ndearna. Tá sé déanta anois agus b’fhéidir nach ndéanfaí arís é. Thar aon rud eile, ní rud tirim, faisnéisiúil/stairiúil a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh.

Bhí muid ag iarraidh rud éicint siamsúil, spraoiúil agus físiúil a dhéanamh. Ó bheith ag obair le hAlan Titley agus Diarmuid Goggins - Alan a scríobh é agus Diarmuid a bhí á stiúradh – ceapaim gur chruthaigh muid gur féidir leat rud siamsúil spraoiúil a dhéanamh ar aon ábhar. Fiú ábhar nach mbeifeá in ann pictiúir a chur le haon rud roimh ré na gceamaraí ar nós Scéal na Gaeilge agus muid ag caint na mílte mílte bliain a chuimsiú. Is féidir é a dhéanamh ar bhealach siamsúil agus aird daoine a tharraingt, agus tharraing Scéal na Gaeilge aird daoine sa mbaile agus thar lear. Ar chúiseanna éagsúla tá mé bródúil as rudaí éagsúla; tá mé an-bhródúil as Cosa Nite mar is é an chéad ghearr scannán a rinne muid agus tharraing sé aird agus d’éirigh leis thar cinn ag féilte agus mar sin de.

SMM: Caithfidh sé go raibh Scéal na Gaeilge costasach, ó thaobh na teicneolaíochta de?

CÓC: Bhí sé costasach. Fuair muid tacaíocht ó TG4, fuair muid tacaíocht ón BAI, ó Fhoras na Gaeilge, agus bhí muid an-bhuíoch agus an-sásta an tacaíocht sin a fháil, ach níor éirigh liom an t-airgead uilig a fháil le n-íoc as agus séard a tharlaíonn sa gcás sin ná an táille atá ag an gcomhlacht, ní gheofa siad é, ach beidh chuile dhuine eile íocthaí. Ní raibh éinne riamh a rinne obair dúinne nach raibh íocthaí, is prionsabal an-láidir, an-tábhachtach domsa é. Sin é an chaoi ar tógadh mé. Bhí an prionsabal céanna ag m’athair, gan a bheith i bhfiacha le héinne. Is dóigh gur as sin a thagann sé. Thóg muid an fhreagracht sin orainn féin, agus sa deireadh bhí muid as poca mar gheall air. I ndáiríre, nuair a thosaigh muid á léiriú, cheap mé go n-éireodh liom an cúpla punt – euro a fháil anseo is ansiúd, rud gur féidir leat a bhaint amach amantaí le tograí cultúrtha atá, i mo thuairim [gáire] tábhachtach.

Neamhspleách ar an tsraith a fhorbairt, a rinne mé i chomhair le hAlan Titley, thosaigh an léiriúcháin Samhradh 2010 agus chríochnaigh sé i nGeimhreadh 2011. Sa tréimhse sin d’éirigh rudaí chomh dona sa tír nach raibh aon airgead le fáil in aon áit go bhféadfá amantaí tacaíocht chultúrtha a fháil. Thar aon rud eile, bhí muid uilig ag obair ar mhaithe le rud ar leith a bhaint amach. An rud a bhí uaimse, ná an ceangal idir Éireannaigh agus an Ghaeilge a láidriú nó fiú a shoiléiriú dóibh. Tá go leor daoine sa tír seo agus ceapann siad nach bhfuil aon bhaint acu leis an nGaeilge. Dá mbeadh a fhios acu stair na Gaeilge, thuigfeadh siad nár ghá dhóib ach gabháil siar cúpla glúin go raibh a muintir féin ag labhairt i nGaeilge, go raibh an Ghaeilge lárnach i stair na tíre ó thaobh na lámhscríbhinní móra, i Leabhar Laighean agus mar sin de, go dtáinig an Ghaeilge, stair na tíre agus spiorad na tíre againn tríd an nGaeilge. Agus locht amháin a bheadh a’msa ar lucht staire in Éirinn, agus ní drochdhaoine iad, ná nach déantar riamh tagairt don Ghaeilge nuair a bhíonn siad ag caint ar staire na tíre. Is ionann stair na tíre agus stair na Gaeilge. Ní bheadh an stair acub mura mbeadh sé scríofa i nGaeilge

Tuairim an Phobail

SMM: An bhfaigheann sibh aon aiseolas faoi chláracha Fíorscéal, tharla gur ábhair an-tromchúiseacha a bhíos idir chamáin agaibh ann?

CÓC: Tagann aiseolas ar ais go cinnte. Rud atáimid a fhorbairt le roinnt blianta anuas ná an chumarsáid atá ag an gcomhlacht ó thaobh na meán sóisialta, Facebook agus Twitter ach go háirithe. Tá comhlacht darbh ainm Fáilte a chabhraíonn linn leis an obair seo. Is dóigh gur slat tomhais an-mhaith atá sna líonraí seo ar céard atá daoine ag ceapadh faoin ár gclaracha. Bhí an t-aiseolas faoi Scéal na Gaeilge an-dearfach. Fiú an t-aiseolas traidisiúnta, táimid an-sásta a fháil freisin, léirmheas sna nuachtáin, bhí siad sin an-dearfach fiú ó dhreamanna a bhíonn amantaí, b’fhéidir, cáinteach. Le Scéal na Gaeilge d’úsáid muid bealaí eile le scéal a inseacht agus daoine a tharraingt isteach sa stair. I mo thuairim tá an stíl a roghnaigh muid níos tarraingtí ná an bealach traidisiúnta le sraith faisnéise stairiúil a léiriú, ar nós The Story of Ireland ar RTÉ. Bhí sé go maith mar shraith faisnéise ar an seanbhealach, ach tá mé ag ceapadh go gcaithfidh tú i bhfad níos mó a dhéanamh sa lá inniu ó thaobh físiúlachta le haird an phobail a tharraingt. Agus bhí go leor aiseolais dearfach ag teacht ón lucht féachana idirnáisiúnta atá ag TG4 maidir le Scéal na Gaeilge. Tá go leor scoileanna agus ollscoileanna ag iarraidh orainn an tsraith a chur ar fáil dóibh. Is bealach é, ní hamháin le Scéal na Gaeilge a sholáthar, ach ceapaim mórtas ó thaobh na Gaeilge a léiriú do pháistí agus iad a cheangal leis. Le cúnamh Dé amach anseo, beimid in ann an t-ábhar a chur ar fáil do na scoileanna ar bhealach éicint.

Comhlachtaí Miona

SMM: An mbíonn aon teannas sa tionscal idir na comhlachtaí in iarthar na hÉireann, nó idir iarthar na hÉireann agus RTÉ?

CÓC: Bíonn tú i gcónaí san iomaíocht san earnáil neamhspleách, ach, níl. Níl a fhios a’m ar ‘teannas’ an focal ceart. Ar bhealaí, táimid uilig sa mbád céanna. B’fhéidir go bhfuil níos lú de na comhlachtaí beaga ‘boutique’ ann anois, mar atá i ROSG. Is comhlacht beag muid a dhéanann rudaí móra. Is maith linn a bheith in ann forbairt ó thaobh na léiriúcháin a dhéanann muid. Nuair atá muid i mbun léiriúcháin ar thogra mór ar nós Na Cloigne, tá muid ag fostú thart ar chaoga duine, ach ansin nuair atá an léiriúcháin críochnaithe tá muid in ann titim siar go dtí an bhuíon bheag daoine atá lán-aimseartha sa gcomhlacht.

Is maith linn freisin comhléiriúcháin a dhéanamh le comhlachtaí eile. Feicfidh tú daoine ag rith thimpeall anseo faoi láthair mar táimid i lár léiriú ar scéim gearrscannáin darbh ainm Scéal a thosaigh muid roinnt blianta ó shin mar comhléiriúchán idir muid féin agus EO Teilifís. Tá an scéim seo cruthaithe againn ar mhaithe le scríbhneoirí agus stiúrthóirí nua a fhorbairt. Beidh sé ghearrscannán léirithe againn do TG4 le tacaíocht ón BAI mar thoradh ar an scéim seo. Tá nascadh mar sin ag tarlú idir comhlachtaí. Tá sraith drámaíochta darbh ainm An Bronntanas á forbairt againn le TG4, Bord Scannán na hÉireann agus an BAI ach táimid á dhéanamh mar chomhléiriúchán le comhlacht eile, De Facto Films atá lonnaithe i nDoire. Tom Collins atá i gceannas ar sin.

Agus Comhlachtaí Móra

Sin é an chaoi ó thaobh seo a’ainne dhe, is maith linn a bheith ag forbairt le comhlachtaí, ach maidir leis na comhlachtaí eile, Telegael, EO Teilifís, Nemeton, thar aon rud eile is comhlachtaí móra iad sin atá ag déanamh an-mhaith ó thaobh gnaithe dhe.

EO Teilifís ó thaobh Ros na Rún, tá siad ag déanamh sraithe dramaíochta do TV3 agus tá siad ag obair linne ar an scéim Scéal i mbliana; Telegael ar bhun idirnáisiúnta, ní dóigh liom go dtuigeann daoine an méid atá bainte amach ag Telegael ó thaobh sraitheanna beochan idirnáisiúnta agus an t-airgead atá said ag tarraingt isteach sa tír. An rud is tábhachtaí ó thaobh comhlachtaí ar nós Telegael, EO Teilifís agus Nemeton, ná go bhfuil siad ag cruthú fostaíochta sa nGaeltacht. Ní bheidh aon Ghaeilge a’ainn mura mbeidh daoine ag obair sa nGaeltacht. Go háirithe sa lá inniu nuair atá na ceantair Ghaeltachta á mbánú. Tá leath de Chonamara i gCeanada agus san Astráil faoi láthair. B’fhéidir go bhfuil iomaíocht ann go teicniúil idir muid agus comhlachtaí eile ach tá compháirtíocht ann agus tá ardmheas a’m ar an bhfostaíocht a chuireann siad ar fáil.

Margaí Thar Lear?

SMM: An ndíoltar roinnt de na cláracha seo thar lear le fotheidil?

CÓC: Níor dhíol muide aon cheann de na cláracha seo thar lear, go fóilleach ar aon chuma. B’fhéidir gur rud é a bhféadfadh muid a leanacht níos mó, ach tá méid áirithe ama a’t le chuile shórt a dhéanamh [pléascadh gáire]. Le díol mar sin a dhéanamh, tá mé ag ceapadh go gcaithfidh tú go leor leor díolacháin a dhéanamh. Ní hamháin sin, ach caithfidh an t-ábhar a bheith réitithe a’t ó thaobh fuaime agus eile de, ó thaobh fiú amháin bheadh ort an dialogue a scaradh ón gcuid eile don fhuaim. Caithfidh a fhios a bheith a’t go bhfuil an margadh ann. Níl an méid a chaithfidh an ceannaitheoir air, an-mhór. I gcás leithidí Game of Thrones nó Madmen, tá siad ag díol in an-chuid tíortha. Íocfar iad as líon an lucht féachana in chaon tír acu sin. Tá leithéidí HBO, Showtime, na comhlachtaí móra seo, tá siad in ann na sraitheanna seo a dhéanamh agus iad a dhíol thar lear. Is é an nós san Eoraip, déanfaidh tú iarracht airgead a fháil sula ndéanfaidh tú é. B’fhéidir nach bhfaigidh tú uilig é ach beidh tú in ann tús a chur leis ar a laghad. Tá na stáisiúin ‘cable’ móra Meiriceánacha in ann na sraitheanna dhéanamh agus ansin iad a dhíol.

D’fhéadfá a rá i ndáiríre gur ar an teilifís atá an drámaíocht is fearr agus ní sna scannáin, ó ré na Sopranos, i leith. Tá an t-airgead mór á chaitheamh ar na blockbusters i Hollywood ach ní fhéadfá a rá go bhfuil aisteoireacht agus carachtarú láidir ann. Bíonn cinnte, i ndrámaí teilifíse, Six Feet Under, Madmen, Dexter, Game of Thrones, fiú tá na Lochlannaigh ag déanamh thar cinn anois le sraitheanna móra ar nós The Killing, agus le deireanas, The Bridge atá le feiceáil ar an mBBC. Tá na Meiriceánaigh ag ceannach cearta le leaganacha Béarla a dhéanamh do leithéidí, The Killing. Bhí an chéad sraith i nDanmhairgis is d’éirigh an-mhaith leis, ach anois tá an leagan Béarla suite i Seattle.

I dTeangacha Eile

B’fhéidir gurbh é an áit ba cheart a bheith ag díriú, a bheith ag díol an choinceap seachas an tsraith. B’fhearr leo an tsraith a athdhéanamh i mBéarla ar aon chuma mar níl na Meiriceánaigh sásta breathnú ar rud le fotheidil ná breathnú ar rud dubáilte. Ach bheadh ort go leor leor acub a dhíol le teacht ar ais a bheith a’t ar chlárachaí. I bhfad níos mó ná mar a cheapfeá. Tá acquisition mar a ghlaonn said air, íseal go maith ó thaobh an phraghais dhe. Cuirfidh mé mar seo é. Dá n-éireodh leat sraithe éicint a dhíol i Meiriceá Theas, i Spáinnis nó sa bPortaingéilis, bheifeá ag déanamh thar cinn, mar bheadh na céadta milliún ag breathnú air.

Tá margaí ann. B’fhéidir nach bhfuil leath ár ndóthain déanta a’ainne, ach níl ach méid áirid ama agus fuinnimh ag duine le díriú ar rudaí. D’oibreoinn in aon teanga os rud é go bhfuil comhlacht le coinneáil ag imeacht agam, ach go bhfuil mé nádúrach claonta i dtreo obair a dhéanamh i nGaeilge.

SMM: An bhfuil roinnt comhlachtaí sa tionscal ag feidhmiú gan Ghaeilge?

CÓC: Ba mhaith liom go pearsanta níos mó Gaeilge a bheith le cloisteáil i measc an lucht oibre sa tionscail, ach éinne a mbím ag plé leo is Gaeilge a bhím ag labhairt leo. Táimid ag obair ar an scéim Scéal le hEO Teilifís agus Gaeilge an teanga oibre don chuid is mó. Anois, tarlaíonn rud eile chomh maith. Níl chuile dhuine atá ag obair sa gcriú as an nGaeltacht. Tharla sé leis Na Cloigne. D’fhostaigh muid oiread as an gceantar is a raibh muid in ann, ach tá tú i gcónaí ag brath ar dhaoine ón taobh amuigh agus amantaí, ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge acub.

Éadan agus Bunchloch na Gaeilge: TG4 & RnaG

SMM: Cén t-athrú, meas tú, a rinne bunú TG4 (TnaG ag an am) sa tír?

CÓC: Cheap mé gurb é an rud is mó a rinne TG4, ná gur thug siad éadan agus beocht don Ghaeilge. Sula raibh TG4 ann, níor airigh go leor de mhuintir na hÉireann ceangal leis an nGaeilge. Is cuimhin liom daoine ag tíocht anseo ar an Spidéal agus chloisfeadh siad daoine ag labhairt Gaeilge Tigh Hughes thimpeall orthub agus baineadh geit astub. Ní hé gur chuimhnigh siad ariamh air – níor thuig siad go raibh daoine ag úsáid na Gaeilge agus go raibh sí mar theanga bheo. Ghlac siad leis nach raibh sa nGaeltacht ach triúr seanleads ag ól piontaí siar an bealach. Léirigh TG4 go raibh idir óg is aosta á labhairt, gur teanga idirnáisiúnta atá ann agus d’athraigh sé dearcadh na hÉireann ar an teanga go hiomlán. Sna hochtóidí, sin é an t-am is gaire a raibh sí don bhás, measaim, agus bhí an dearg-ghráin ag daoine ar an nGaeilge. Ar a laghad anois, cuireann siad suas leis, seachas an ghráin a bheith acub air. Feiceann siad go bhfuil áit aici sa tsochaí. Is í TG4 an rud is tábhachtaí a tharla don Ghaeilge ó hAthbheochain na Gaeilge ag tús an chéid seo caite. Ní raibh aon rud chomh mór leis. Freisin tá sé deacair TG4 a scarúint ó Raidió na Gaeltachta. Is ionann an dá rud measaim. Bunchloch a bhí i Raidió na Gaeltachta agus chuir TG4 leis ach mar gheall ar an bhfísiúlacht a bhain le TG4, feiceann daoine go bhfuil beocht ann, go bhfuil mná óga deasa á labhairt ar an scáileán, ‘sex sells’ mar a deir siad. Níl tada mícheart leis, ach fós tá spás ar TG4 do rudaí ar nós Cré na Cille. Thar aon rud eile, léiríonn sé gur teanga bheo atá inti agus sin rud mór millteach.

An Dóchas agus an Duainéis

SMM: An mbraitheann sibhse sna comhlachtaí go bhfuil sibh ag iompar ualach ‘cúis na Gaeilge’ i saol na meán úr mar a d’iompair an córas scolaíochta cúis na teanga nó cúis na Gaeilge i ndiaidh bhunú an tSaorstáit? An mbraitheann sibh, sna comhlachtaí, go bhfuil ‘dualgas aiséirí na Gaeilge’ oraibh?

CÓC: Braithimse! Mé féin go pearsanta agus tá go leor daoine a mbím ag obair leo a mbíonn an dearcadh céanna acub. Ní fhéadfainn labhairt thar cheann daoine eile, an bhfuil a fhios a’t. Is cinnte dream a bhfuil mise ag obair leo ar léiriúcháin teilifíse, bíodh siad anseo nó le EO Teilifís, nó Telegael, nó Nemeton, is cinnte go n-airíonn siad dualgas ó thaobh na Gaeilge. Tá siad dílis don Ghaeilge ar an mbealach sin. Airímse é sin, cinnte.

SMM: Céard tá roimh ROSG anois, an bhfuil aon rud ar na bocáin agaibh?

CÓC: Tá muid tosaithe ar thaifeadadh ar an sé scannán sin don scéim ‘Scéal’. Tá gréasán traenála a’ainn sa gceantar seo ar a nglaoimid ‘Gréasán na Meán’. Is é ‘Scéal’ an tríú scéim gearrscannáin atá déanta againn le ceithre bliain anuas. Thosaigh ‘Scéal’ Meán Fómhair seo caite agus muid ag forbairt na scripteanna leis na scríbhneoirí nua. Beidh sé seachtainí taifeadta agus beidh cúpla mí iarléirithe go mbeidh siad críochnaithe.

Luaigh mé leat forbairt na sraithe ‘An Bronntanas’ mar chomhléiriúchán le De Facto Films. Tá roinnt tacaíochta faighte a’ainn, ar pháipéar. Tá an tsraith á forbairt againn do TG4, an BAI, Bord Scannán an hÉireann agus an ILBF ó Thuaidh. Níl pingin faighte fós againn agus ní bheidh go mbeidh an maoiniú iomlán faighte. Bíonn i gcónaí ceist faoin méid tacaíochta agus le cláracha Gaeilge bíonn níos lú ar fáil ná go mbíonn lena leithéid i mBéarla. Ar ndóigh táimid buíoch as tacaíocht ar bith. Faoi láthair táimid ag oibriú amach céard tá a’ainn ar pháipéar, céard táimid in ann a dhéanamh leis, ach ar nós rud ar bith, níl aon rud cinnte – go dtí go mbeidh tú amuigh ansin ar an gcéad lá scannánaíochta agus fiú ansin, níl aon rud cinnte!

SMM: Go raibh míle maith a’t a Chiaráin.

CÓC: Tá fáilte romhat. Go raibh maith a’t féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.