AGALLAMH BEO
Bríd Seoighe
Odi Ní Chéilleachair Odi Ní Chéilleachair

Beidh sraith nua d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, Turas Teanga, le feiceáil ar RTÉ agus ar TG4 ó dheireadh na míosa seo ar aghaidh, sraith a chuir comhlacht as Conamara, Abú Media, le chéile. Labhair Odi Ní Chéilleachair le duine de bhunaitheoirí an chomhlachta sin, Bríd Seoighe, faoin tsraith seo agus faoi na tionscadail shuimiúla eile atá idir lámha ag an gcomhlacht.

Íomhá

Lonnaithe sna Forbacha atá Abú Media, comhlacht teilifíse atá réasúnta nua (bunaíodh é ceithre bliana ó shin) ach atá ag dul ó neart go neart. Tá bliain chinniúnach chruógach curtha díobh ag comhúinéirí an chomhlachta, na deirfiúracha Bríd agus Eileen Seoighe agus Pierce Boyce (atá pósta le Bríd). Is cinnte go mbeidh ainm Abú Media in airde i rith na bliana atá romhainn ar thrí chúis: is iad an chéad chomhlacht Gaelach a bhfuil scannán déanta acu i gcomhar le comhlacht scannánaíochta i Hollywood, tá deontas suntasach faighte acu ó Bhord Scannán na hÉireann agus is iad a bhí i mbun na sraithe nua d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, Turas Teanga, a bheidh á craoladh ar RTÉ agus ar TG4 sar i bhfad.

Thug mé sciuird ar Abú Media le déanaí le labhairt le duine de stiúrthóirí an chomhlachta, Bríd Seoighe. “An agallamh fada a bheidh anseo?” a d’fhiafraigh sí díom agus í ag féachaint go díreach idir an dá shúil orm, “mar ní bean mhór cainte mé.” Uair an chloig ina dhiaidh sin bhí téip líonta aici. Ní mar mhagadh é seo do bhean a mhaíonn nach ndeir sí mórán. Is léir, áfach, go bhfuil croí agus anam na mná seo sa chomhlacht agus is dócha gurb é sin an chúis go dtagann an chaint chomh nádúrtha sin chuici.

I nGaeltacht bheag idir An Fháirche agus Tuar Mhic Éadaigh i gContae Mhaigh Eo a fuineadh agus a fáisceadh Bríd Seoighe, an té is sine de sheachtar clainne. “Bhí neart Gaeilge ann nuair a bhí muid óg ach d’fhág go leor daoine óga an áit agus, i ndáiríre, is iad na seandaoine atá á labhairt anois,” a mhínigh sí dom agus í ag rá *daoiní *agus *Tuar Mhic Éidí *agus *sa mbailí *mar is dual do chainteoirí Mhaigh Eo.

Thaitin an bhunscoil go mór léi agus is anseo a leagadh an bhunchloch ó thaobh forbairt phearsanta de.

“D’fhreastail mé féin agus mo dheirfiúr Eileen ar an mbunscoil ar an gCloch Bhreac agus de bharr go mbeidh mo mhac, Cathal, ag tosú ar mbunscoil go luath, is minic mé ag smaoineamh ar na hoideachasóirí a bhí sa scoil sin. Ní raibh gach duine sa rang ag an leibheál céanna agus bhí bealach an-chliste ag na múinteoirí le freastal ar na riachtanais a bhíodh ag na gasúir. D’fhoghlaim mé go leor uathu.”

Cé go raibh sí i ngiorracht cúpla míle don scoil, is mar chailín cónaithe a chaith sí a tréimhse meánoideachais, ag freastal ar an scoil iomráiteach a mbíodh tarraingt chomh mór sin ag muintir Chonamara uirthi, Coláiste Mhuire. Cé go bhfuair sí an-oideachas ann níor thaitin saol teoranta na scoile mórán léi agus deir sí nach gcuirfeadh sí riamh a clann féin go scoil den chineál seo.

“Foghlaimíonn tú na rudaí gránna faoin saol i bhfad róluath agus tú ag freastal ar scoil chónaithe. Má chuireann tú 150 cailín in áit mar seo ní chaithfidh cuid acu go deas le chéile agus chonaic mé féin é sin ag tarlú. Is dóigh liom nach mbíonn cailíní óga ábalta do shaol mar seo ag a 12 nó 13.”

Céim sa Léann Ceilteach

Sin ráite, réitigh an saol cónaithe don chéad leibhéal eile í agus thug sí aghaidh ar Ollscoil na Gaillimhe, áit ar bhain sí céim amach sa Léann Ceilteach. Bhí an-spéis aici san ábhar a bhí idir lámha aici agus thaitin an chaoi ar chuir na léachtóirí an t-ábhar i láthair go mór léi.

“Spreag siad muid agus thug siad saoirse dúinn forbairt a dhéanamh ar an rud ba spéis linn féin, agus níor chuir siad srian ar bith orainn. Oscailt intinne a bhí ann.”

Dhírigh an Seoigheach ar chéim mháistreachta ansin agus thosaigh ar thráchtas a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Bhreandáin Uí Eithir. Go mí-ámharach, áfach, cailleadh an t-údar agus go gairid ina dhiaidh sin foilsíodh leabhar faoina shaol ina raibh (trí chomhtharlúint) an-chuid den eolas céanna a bhí bailithe ag Bríd.

“Tá an tráchtas fós thuas san ailéar sa mbaile agus lá breá éigin tabharfaidh mé isteach go dtí mo chomhairleoir acadúil é!”

Ní saol léinn a bhí i ndán do Bhríd mar bhí sé de rún i gcónaí aici dul ag obair i réimse na meán cumarsáide. Fuair sí a céad phost mar léiritheoir faoi oiliúint le comhlacht darbh ainm Hofnaflús a bhíodh ag déanamh cláracha anamúlachta.

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

What to expect when your expecting!

Cén ceol is fearr leat?

Gach saghas: The Band, Elvis Costello, Van Morrison, The Thrills, Dido …

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Jean de Florette *agus *Company of Wolves *is mo a thaithnigh liom ag an am a chonaic mé iad. Na scannáin is fearr liom ar fad, b’fhéidir, ná *The Godfather *agus *The Mission.

Cá dtéann tú ar saoire?

Gach áit. In 2003, mar shampla, chuaigh mé go Gozo agus Lanzarote.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Faoi dhó.

Cén bhialann is fearr leat?

The White Gables, Maigh Cuillinn.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Mo sheanathair.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Mo sheanathair.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Truailliú na timpeallachta, daoine leisciúla agus jabanna leathdhéanta.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Braitheann sé - thart ar 60 uair.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Daoine.

An bhfuil tú sásta leis an méid atá bainte amach agat i do shaol?

Tá, an-sásta.

“D’fhoghlaim mé an t-uafás san áit sin mar comhlacht beag a bhí ann agus bhí orm píosa de gach rud a dhéanamh”.

Chuaigh sí as sin go Telegael sa Spidéal agus thosaigh sí ag obair mar stiúrthóir athghuthaithe. Bhí an-chuid oibre ag an gcomhlacht ag an am, ag fáil réidhe le soláthar bliana de chláracha anamúla a chur ar fáil do TG4. Níorbh fhada gur deineadh bainisteoir léiriúcháin di agus, tamall ina dhiaidh sin, fuair sí ardú céime agus chuaigh sí i mbun stiúrthóireachta.

Bhí a fhios i gcónaí aici gur theastaigh uaithi a gnólacht féin a bhunú agus bhí an bheirt eile ar aon intinn léi. Bhí Pierce ag obair leis an gcomhlacht Winning Post Productions agus bhí Eileen fostaithe le Nuacht TG4 ag an am.

“Bhí an mhílaois nua ag teannadh linn agus cheap muid gur thráthúil an t-am é lenár jabanna maithe a fhágáil agus tabhairt faoin tionscadal nua seo.”

No!” an freagra deimhneach a tugadh orm nuair a d’fhiafraigh mé di an raibh aon eagla orthu dul sa tseans.

“Más duine imníoch tú, ní fiú duit a bheith sa ghnó seo. Rinnemar cinneadh agus rinneamar beart de réir ár mbriathar agus níor bhuail an faitíos éinne againn riamh. Bhí go leor taithí againn nuair a bhunaigh muid an comhlacht agus thuig muid go rímhaith an obair a bhí ar bun againn agus bhí ár spriocanna leagtha amach go soiléir againn.”

dearfacht na stiúrthóirí le sonrú chomh maith i dteideal an chomhlachta.

“Theastaigh rud éigin simplí agus dearfach uainn agus shocraíomar ar ‘Abú’. Bhí orainn ‘Media’ a chur ina dhiaidh mar go raibh comhlacht eile den ainm ‘Abú’ ann cheana féin.

“Cé go bhfuilimid lonnaithe sna Forbacha breathnaíonn muid ar an domhan mór mar mhargadh dár gcomhlacht. Níl aon fhaitíos orainn agus tá muinín againn asainn féin. Caithfimid díriú ar an margadh idirnáisiúnta mar tá an margadh anseo in Éirinn i bhfad róbheag. Tá 12 fostaithe go lánaimseartha anseo anois agus go leor ag obair go páirtaimseartha. Táimid an-chúramach faoi na daoine a fhostaíonn muid; is cuid an-tábhachtach den chomhlacht iad siúd. Bíonn critéir faoi leith againn agus muid ag earcú fostaithe: ní mór dóibh a bheith cliste, ní gá go mbeadh taithí acu ach go mbeadh meon agus dearcadh faoi leith acu ar an saol. Caithfidh siad a bheith ionraic chomh maith agus gan rud a cheilt má dhéanann siad praiseach de. Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeadh siad díograiseach; daoine cosúil linn féin chun an fhírinne a rá leat. Roghnaigh muid an fhoireann atá anois againn go han-chúramach; tá siad thar barr agus d’fhéadfá iad a chur in áit ar bith. Tá súil againn go bhfanfaidh siad linn mar tá sé fíodheacair daoine feiliúnacha a fháil.”

Tionscadail dhifriúla

Is liosta le háireamh na tionscadail dhifiúla a bhfuil lámh ag Abú Media iontu. Tá conradh acu le TG4/RTÉ agus soláthraíonn siad trí phacáiste nuachta dóibh chuile lá sa tseachtain. Is í Eileen a bhíonn ag plé leis an réimse sin agus soláthraíonn siad cúpla pacáiste don chlár nuachta Seachtain chomh maith agus don irischlár Nationwide. Tá cúpla clár fáisnéise ó thíortha iasachta ar nós na Bainglaidéise agus na Maláive déanta chomh maith acu do TG4. I gceannas ar an obair athghuthaithe atá Bríd.

“Faigheann muid méid áirithe de na huaireanta a sholáthraíonn RTÉ do TG4 agus déanann muid athghuthú ar na cláracha sin. Tá go leor tionscadal ar na bacáin agus forbairt le déanamh orthu, agus faoi láthair táimid ag obair ar chlár anamúlachta do TG4 agus tá ag éirí go breá leis. Bíonn an-chuid rudaí ag tarlú ag an am céanna agus obair le déanamh orthu ar fad!”

Is amhlaidh anois go bhfuil Hollywood “briste” ag Abú Media. I mbliana bhí Pierce agus an criú ag obair ar scannán i gcomhar le comhlacht darb ainm Rock and Reed i Hollywood. Cheannaigh an comhlacht sin na cearta do leabhar Joseph O’Connor, Red Roses and Petrol, agus de bharr gur oibrigh Bríd cheana leis an mbean ar léi an comhlacht seo, shocraigh siad go rachaidís i mbun léiriúcháin le chéile. Taispeánadh den chéad uair é i Los Angelus an Samhain seo caite agus táthar ag súil len é a eisiúint in Éirinn go luath san athbhliain.

“Tá cloiste ag na meáin faoi agus bhí taighdeoirí an *Late Late Show *i dteangmháil linn faoi cheana féin! Tá roinnt aisteoirí Éireannacha ann: iar-Miss Ireland, Olivia Treacy, Susan Lynch agus Catherine Farrell, deirfiúr le Colin. Is scannán deas é agus táimid an-sásta leis, agus tá súil againn níos mó oibre den chineál sin a dhéanamh. Táimid tosaithe cheana féin ag obair le comhlacht Gearmánach darb ainm Fair Oak ar scannán nua agus faoi láthair táimid ag lorg maoinithe le gur féidir linn scannán eile a dhéanamh i gcomhar le Rock and Reed.”

Clár d’fhoghlaimeoirí

Tá suas le sé mhí caite ag Bríd ag cur na sraithe nua d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ag an meánleibhéal, Turas Teanga, i dtoll a chéile. Bhí difríocht bheag i ndéantús an chláir seo sa mhéid is gur sraith oideachasúil a bhí ann agus, dá bhrí sin, bhí comhairleoir teanga ina dteannta an t-am uilig.

“Thuig muid go raibh le foirfeacht ó thaobh stór focal agus gramadaí agus, dá bhrí sin, bhí sé deacair cloí le sceideal. Ní mar a shíltear a bhítear ó thaobh cainteoirí agus uaireanta níor chuir daoine iad féin in iúl i gceart os comhair an cheamara agus thóg sé roinnt mhaith ama na cláracha a dhéanamh. Dhírigh an tsraith dheireanach d’fhoghlaimeoirí, Now You’re Talking, ar chanúint Uladh agus bhí sé cinnte ar sciar maith den lucht féachana an chanúint seo a thusicint. Rinneamarna iarracht cothrom na Féinne a thabhairt do gach canúint; chuaigh muid ar chamchuairt na nGaeltachtaí agus áiteanna ina mbíonn an Ghaeilge á labhairt agus níor fhág muid aon áit amach. Caithfidh mé a rá go raibh áiteanna áirithe bhfad níos láidre ó thaobh shaibhreas na teanga agus bhí rogha iontach cainteoirí iontu. Bhí áiteanna eile, ar a n-áirím Maigh Eo, lag agus chruthaigh sé seo roinnt fadhbanna. Bhí sé deacair teacht ar chainteoirí cumasacha ina áiteanna mar seo.”

Cad faoin nGaeilge agus an riocht ina bhfuil sí? Ón méid atá feicthe aici, an gceapann sí go bhfuil an teanga truaillithe agus go bhfuil an iomarca Béarla tríthi?

“Níor bhain seo leis na haíonna a bhí againne mar roghnaíodh iad de bharr feabhas a gcuid Gaeilge ach caithfidh mé a rá go bhfuil rian an Bhéarla le sonrú i gcaint an-chuid de mhuintir na Gaeilge. Ach sin mar atá sa lá atá inniu ann; sin é caint na ndaoine; is mar sin atá an teanga ag forbairt.”

Aontaíonn sí liom go raibh folús mór i sceideal na gcláracha Gaeilge agus go líonfaidh *Turas Teanga *an bhearna mhór mhillteach seo.

“Sílim go bhfuil margadh mór ann de dhaoine a bhfuil cúpla focal acu ach a dteastaíonn uathu slacht a chur ar an méid atá acu agus tuilleadh a fhoghlaim.”

Roghnaíonn sí tuismitheoirí óga mar shampla.

“Tá daoine ar m’aithne a bhfuil náire agus éad orthu mar gheall ar an easpa Gaeilge atá acu. Cuid acu seo, tá a bpáistí ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ní bhíonn siad ábalta cabhrú leo lena gcuid obair bhaile. Cúig mhí an sprioc ama a bhí againn chun an tsraith a dhéanamh agus bhí a fhios againn go mbeadh na cláracha ag dul amach san athbhliain. Táimid thar a bheith sásta le caighdéan na gcláracha agus tá a fhios againn go mbeidh éileamh mór orthu.”

Dea-scéala

Shroich dea-scéala eile oifigí Abú Media roimh shaoire na Nollag. Cé nach bhfuil sé fógartha go hoifigiúil fós (agus mé ag scríobh an ailt seo), tá deontas mór airgid faighte ag Abú Media ó Bhord Scannán na hÉireann.

“Bhí muid ag stocaireacht orthu agus ag cur tionscadail éagsúla faoina mbráid. Nuair nár thug siad cúnamh dúinn le *Red Roses and Petrol *leanamar ar aghaidh leis ar aon nós agus seans gur thaitin an dul chun cinn atá ionainn leo. Go dtí seo is muide an t-aon chomhlacht lasmuigh de Bhaile Átha Cliath a fuair an t-airgead seo agus is rud mór dúinn é. Ní gá a rá gur cabhair mhór a bheidh sa mhaoiniú seo agus cuideoidh sé linn ár dtionscadail a chur i gcrích.”

torthaí a saothar anois á nochtadh féin do Bhríd, Eileen agus Pierce.

“Táimid an-sásta le cúrsaí agus, mar a luaigh mé cheana, tá foireann den scoth againn. Is breá liom a bheith ag obair le m’fhear agus le mo dheirfiúr. Tuigimid a chéile go maith agus smaoinímid sa mbealach céanna; tá muinín againn as a chéile agus táimid ann le tacaíocht a thabhairt dá chéile. Dar ndóigh is laige é seo chomh maith agus caithimid a bheidh cúramach gan ár saol pearsanta a thabhairt isteach san obair linn. Rud eile, táimid an-oscailte agus deirimid amach go díreach aon rud atá le rá againn. D’fhéadfá breathnú air seo mar láidreacht nó mar laige!”

Beidh bliain mhór eile ag Bríd agus Pierce i 2004 mar go bhfuil siad ag súil le breith an dara duine clainne i mí Eanáir.

“Níl sé éasca a bheith ag obair agus ag tógáil clainne, go háirithe san earnáil seo mar go mbíonn na huaireanta oibre sách fada, ach faighmid bealach thart air agus déanann muid cinnte go dtógaimid laethanta saoire go rialta.”

Cuirfear tús chomh maith sa bhliain nua le sraith a dó den chlár grinn Fear an Phoist. Fuair an clár seo ainmniúchán ag Féile Scannánaíochta Montroux, éacht nach beag nuair a smaoiníonn tú go raibh sé sa rannóg chéanna le *The Office *agus léiriúcháin mhóra eile.

Tar éis uair a chaitheamh i gcomhrá le Bríd tuigim cén fáth go bhfuil Abú Media faoi bhláth. Is duine ionraic díreach í a bhfuil fíos a gnó go maith aici agus tá sé de nós aici féachaint díreach ort agus í ag caint leat. In ainneoin na ndea-scéalta ar fad is í an chloch is mó atá ar a paidrín faoi láthair ná spás oifige.

“Tá muid ag méadú linn agus tá níos mó seomraí ag teastáil uainn. Táimid i mbun cainte le hÚdarás na Gaeltachta faoi láthair ach níl cuma rómhaith ar an scéal. Tá seans ann go gcaithfidh muid bogadh amach as an nGaeltacht agus chuirfeadh sé sin as go mór dúinn mar is comhlacht Gaeltachta muid. Murab ionann agus an clár, níl muid féin ag iarraidh dul ar thuras teanga!”

Ón méid atá feicthe agamsa de Bhríd Seoighe, is cinnte nach bhfuil deireadh fós lena hiarrachtaí le fanacht sa Ghaeltacht.

Is as Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge í Odi Ní Chéilleachair ach tá cónaí uirthi i gConamara anois. Tá sí ag obair in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua, ionad de chuid Oifig na Gaeilge Labhartha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.