CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Na blagadóirí abú!
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Míníonn Diarmaid Mac Mathúna na buntáistí móra a bhaineann le blaganna.

minic a bhíonn an Ghaeilge chun cinn ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta de ach bhí i lár an aonaigh le déanaí ag Oíche Ghradam Bhlaganna na hÉireann, ceann de na hócáidí teicneolaíochta is suimiúla a tharla le tamall anuas. Bhuaigh blag ( blog sa Bhéarla) Gaelach, “An tImeallle Conn Ó Muíneacháin, duais faoi leith as an úsáid is fearr den Ghaeilge.

Anuas ar na haltanna rialta dea-scríofa atá ar An tImeall (http://imeall.blogspot.com), comhaid fhuaime curtha ar fáil ar an mblag ina léitear amach na haltanna iad féin. Tugtarpodchraoladh” ( podcasting) ar an saghas seo comhad fuaime, agus go bunúsach is saghas cláracha raidió iad ar féidir éisteacht leo ag am a oireann duit. Is áis iontach foghlamtha é an podchraoladh Gaeilge seo toisc gur féidir anscripta léamh fhad is atá an t-údar (Ó Muíneacháin féin) ag léamh amach na n-altanna.

Ach cad go díreach atá i mblag, agus cad is fiú an bhlagadóireacht ( blogging) seo ar fad? Go bunúsach níl i mblag ach suíomh gréasáin. Ach is suíomh é blag atá an-éasca a chruthú, agus an-éasca eolas nua a fhoilsiú ar bhlag freisin. Foilsítear eolas nua ar bhlag i bhfoirm iontrála gairide agus taispeántar na hiontrálacha ar fad i liosta fadabeagáinín cosúil le dialann leictreonach (bíonn an iontráil is nua ag an mbarr). Is féidir leis an duine a chruthaigh an blagis é sin, an blagadóir ( blogger) – iontrálacha nua a fhoilsiú chomh minic is is mian leis léi (de ghnáth, déantar iontráil nua a fhoilsiú go laethúil). Nótaí altanna gairide a bhíonn sna hiontrálacha seo go hiondúil, ach is féidir grianghraif comhaid fhuaime a fhoilsiú freisinagus fada uainn an go mbeidh físeáin á bhfoilsiú go forleathan.

go leor cosúlachtaí idir blaganna agus na cláracha plé a bhíonn ar leithéidí boards.ie (www.boards.ie) fiú amháin anseo in Beo! Ach tugann blaganna an chumhacht ar fad don bhlagadóirde ghnáth ar chlár plé bíonn cead ag aon duine páirt a ghlacadh sa phlé a bhíonn ar siúl.

Is áis de do chuid féin go pearsanta atá i mblag chun do chuid tuairimí a nochtadh agus is tusa a fhoilsíonn na príomhiontrálacha ar fad go mbeadh siad ar fad ar an ábhar céanna fiú amháin. Is féidir leat ligean do dhaoine eile freagraí nótaí ar d’iontrálacha féin a fhoilsiú ach mura maith leat an méid atá ráite acu is féidir leat a dteachtaireacht siúd a scrios amach!

Ceapann go leor daoine gur mhaith le blagadóirí a bheith ina n-iriseoirí, ach mar a dúirt duine de na hionadaithe ag Oíche Ghradam na mBlaganna, ceist níos doimhne sin i gceist. blagadóirí ag teacht le chéile i gcomhluadair shainspéise toisc go bhfuil suim acu sna hábhair chéanna (an Ghaeilge an pholaitíocht, mar shampla). Tugann na blaganna deis dóibh a gcuid tuairimí a roinnt lena chéile agus a mballraíocht de chomhluadar faoi leith a fhoilsiú go poiblí le naisc go dtí blagadóirí eile atá ar aon aigne leo.

Comhlachtaí

Ach comhluadair amháin atá ag díriú ar an mblagadóireacht. comhlachtaí anois ag tabhairt airde ar an mblagadóireacht mar shlí chun margaíocht a dhéanamh. Tugann blag deis do chomhlacht cumarsáid a dhéanamh lena gcustaiméirí go rialta ar chostas an-íseal. Mar shampla, blag laethúil ar chúrsaí teilifíse le fáil ar shuíomh na hirise mór le *Time *(www.time.com/tunedin). Cinntíonn an blag sin go bhfuil ábhar nua ar an suíomh gach chun léitheoirí a mhealladh ar ais go rialtafiú agus gan an iris á foilsiú go laethúil. Cruthaíonn an blag seotráchtard ar an suíomh - rud atá tábhachtach do na fógróirí atá ansin sásta níos a íoc as fógraí ar líne.

Toisc gur féidir le daoine saghas síntiúis leictreonaigh a chur i bhfeidhm le blag, ag úsáid teicneolaíochta mar phodchraoladh, do chomhlacht nuachtlitir i bhfoirm ríomhphoist a sheoladh amach chun aird daoine a fháil. Agus an méid sin turscair timpeall, is beag duine a fháiltíonn roimh fhógra eile fós i mbosca isteach an ríomhphoist. Tugann blagadóireacht bealach do chomhlachtaí teacht timpeall ar an ndiúltacht seo agus éiríonn leo iontrálacha suimiúla a fhoilsiú bíonn fonn ar dhaoine cóip a sheoladh ar aghaidh go dtí a lucht aitheantais. Feidhmíonn seo mar shaghas margaíochta víreasaícóras fógraíochta atá go mór i bhfaisean faoi láthair.

Ar ndóigh, acmhainní móra margaíochta ag comhlachtaí chun duine a fhostú chun blag a choimeád suas chun dáta. deacair ar an mblagadóir aonair díriú ar bhlag gach go háirithe nuair a bhíonn siad fostaithe go lánaimseartha ag déanamh rudaí eile de ghnáth. Chun teacht timpeall air seo, is féidir foirne a chur le chéile chun blag a bhainistiú agus is féidir le haon bhall den fhoireann sin iontráil nua a fhoilsiú. Laghdaíonn an cur chuige comhoibríoch seo an t-ualach oibre go mór!

Tugann an cur chuige seo i bhfoireann deis do a lán eagraíochtaí beaga leas níos a bhaint as an idirlíon. Mar shampla, mbeadh foireann bheag pheile áitiúil ag iarraidh a lucht leanúna timpeall an domhain a choimeád ar an eolas faoi imeachtaí, bheadh i bhfad níos éasca blag a thosú iarracht a dhéanamh ar shuíomh gréasáin iomlán nua a chur chéile.

Ag úsáid suíomh ar nós Blogger (http://www.blogger.com/) – gnó atá ina chuid de Google thógann ach thart ar dheich nóiméad blag nua ildaite a chruthú. D’fhéadfadh coiste an chlub peile sealanna a thóil chun iontrálacha nua a fhoilsiú, agus d’fhéadfaí teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh chun seoladh idirlín an bhlag a fhógairt. Idir ghrianghraif agus thuairiscí ar chluichí, is cinnte go mbeadh an-éileamh ar a leithéid de bhlag i measc an lucht leanúna. Sábhálann blag a lán stróagus costastoisc nach spás a fháil ar cíos ar an idirlíon ainm nua suímh gréasáin a chlárú. Agus níl le haon tuiscint dhomhain ar chúrsaí teicneolaíochta rudaí casta ar nós cóid HTML chun iontráil nua a fhoilsiú ar bhlag gach ach foirm bheag a líonadh isteach ar líne. Más féidir leat teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh, na scileanna agat chun blag a fhoilsiú!

Léiríonn an lucht leanúna díograiseach atá ag An tImeall go bhfuil a lán daoine le Gaeilge timpeall an domhain ag lorg áiseanna ilmheán chun cabhrú leo an teanga a chleachtadh. Is iontach an rud é go bhfuil na teicneolaíochtaí is nua ar fad in úsáid chun an comhluadar Gaelach a neartú ar an idirlíonbímis ag blagadóireacht ar son na cúise!

Is Léiritheoir/Stiúrthóir sa réimse Eolaíochta agus Oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie). Bíonn ag obair ar fhíseáin, tionscadail DVD agus pacáistí CD-ROM do raon leathan eagraíochtaí in Éirinn agus thar lear. Lena chois sin, foilsíonn GaelSpell, an seiceálaí litrithe Gaeilge do Microsoft Word agus Office ar Windows, ar an suíomh www.cruinneog.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.