145
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
D’fhoghlaim Ruth Nic Giolla Iasachta níos mó le gairid faoin nasc idir tíreolaíocht na Nua-Shéalainne agus seanchas na Maorach.
»»»Deir Robert McMillen go raibh sé i gcónaí i gceist ag Sinn Féin tacaíocht a thabhairt do Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann, ó aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta ar aghaidh.
»»»Níl dearmad déanta fós san Astráil ar dhuine de réabhlóidithe na hÉireann ag tús an ochtú haois déag. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Tá cur síos ag Liz Curtis ar cheantar suimiúil eile in Albain ar thug sí cuairt air i mbliana.
»»»Níl seans ach ag trí fhoireann Premiership Shasana a bhuachan, rud a fhágann go bhfuil cluichí na roinne sin an-leadránach, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Is ealaíontóir tréitheach é Ken Walters a tháinig ar a chuid buanna cruthaitheacha gan choinne. Insíonn Ciara Nic Gabhann scéal an fhir spreagúil seo ar éirigh leis an lámh in uachtar a fháil ar dhrochshláinte.
»»»Má tá doghrainn go leor agus éirí amach ag eascairt as drochlámh agus saint na mbancanna abhus in Éirinn, níl na Stáit Aontaithe róshocair do lucht polaitíochta ach oiread. Bí ag faire amach a deir Brian Ó Broin, don reicstí agus do ruaille buaille mar gheall ar ghnóthaí sláinte sna Stáit an fómhar seo.
»»»Bíonn bagairtí báis le feiceáil níos minice sa chomhrá ar líne ar an saolta seo. Breathnaíonn Niamh Ní Shúilleabháin ar an nós agus ar na deacrachtaí a bhaineann leis an iompar frithshóisialta ar líne.
»»»Míníonn Robert McMillen cén fáth a bhfuil polaiteoirí áirithe aontachtacha, leithéidí David Burnside agus Jeffrey Donaldson, chomh mór sin i gcoinne aon athrú a dhéanamh ar an RUC.
»»»Tá cultúr rúndachta le fáil le fada sa Gharda Síochána, dar le Dónall Ó Maolfabhail, agus ní chun leas na ngnáthghardaí é seo.
»»»Bréagshanas a imríodh ar shloinne a mhuintire féin i measc rudaí eile a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa, nó Ciarán Mac Géibheannaigh ó cheart, agus é ag grinniú daonáireamh a rinneadh nach mór céad bliain ó shin.
»»»Tá bealaí eile le ceist theanga teagaisc mheánscoil an Daingin a fhuascailt seachas pobalbhreith gan chiall a reáchtáil, dar le Breandán Delap.
»»»Rinne roinnt de lucht na himirce níos fearr ná a chéile. Chuir Bearnaí Ó Doibhlin spéis i ndaoránach as Tiobraid Árann a rinne thar cinn dó féin sa tír dár díbríodh é ar daorbhreith 14 bliana déag.
»»»Murar roinn siad na hurchair, roinn siad na focail le Breivik. Rianaíonn Maidhc Ó Cathail conair na bhfocal siar roimh shléacht Utøya.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag ceiliúradh lá breithe
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.