CÚRSAÍ SPÓIRT
Príomhroinn Shasana ag éirí leadránach
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Níl seans ach ag trí fhoireann Premiership Shasana a bhuachan, rud a fhágann go bhfuil cluichí na roinne sin an-leadránach, dar le Colm Mac Séalaigh.

Íomhá
Is beag seans go mbuafaidh foirne mar Bolton Wanderers Charlton Athletic (thuas) Príomhroinn Shasana go deo
Íomhá
Didier Drogba, duine de réaltaí Chelsea
Íomhá
Kieron Dyer, Newcastle United: is beag tábhacht a bhaineann le cuid cluichí an chlub sin a thuilleadh
Íomhá
bheidh oiread d'imreoirí Phoblacht na hÉireann ag imirt sa Premiership sa todhchaí

Is deacair an Premiership a sheachaint. go bhfuilim ag iarraidh sin a dhéanamh, ach mbeinn, ba dheacair é. Scaití bím ag ceapadh go mbíonn sacar ar an teilifís chomh minic leis naSimpsons’, ‘Eastenders’ Friends’ agus is minic a bhíonn! Le fírinne, bainim taitneamh as cláracha teilifíse ar nósMatch of the Day’ agusThe Premiership’ ach thuigim cén fáth go mbíonn an oiread sin rírá faoin bPríomhroinn chéanna. Is deacair éirí corraithe sceitimíneach faoi ar an ábhar go bhfuil sách leamh agus leadránach mar chomórtas. Mar sin féin, tarraingíonn caint agus díospóireacht agus argóintí i monarchana, i bpubanna, in oifigí agus i scoileanna, hamháin sa chlós ach i seomra na foirne teagaisc chomh maith, i gcás meánscoil lán-Ghaelach amháin ar a laghad!

Rud amháin a chuireann as dom féin an chaoi a nglactar leis go coitianta go bhfuil suim ag chuile dhuine beo i gcúrsaí sacair i Sasana, agus go bhfuil sórt "ait" ar bhealach éigin mura bhfuil. achPremiershipUniteda agus tosaíonn an chraic. ach ainmneacha ar nós Ferguson Keane, Abramovich Drogba a lua agus glactar leis go dtuigeann chuile dhuine atá i gceist, cén club lena mbaineann siad, céard a itheann siad don bhricfeasta ar maidin! Nach mbeadh iontach dtarlódh uair amháin ar an "Late Late Show", cuir i gcás, go mbuafadh duine sa lucht féachana dhá thicéad go Old Trafford, a leithéid de dhuais, agus go ndéarfaidís le Pat Kenny iad a thabhairt do dhuine éigin eile ar an ábhar nach raibh aon suim acu dul ann. Ba bhreá liom aghaidh Pat a fheiceáil dtarlódh sin!

Ach, cén dochar? Níl aon rud mícheart mímhorálta faoi shuim a chur sa Premiership! Níl ann ach gur mhaith leat a mhíniú do dhaoine uaireanta nach bhfuil chomh tógtha sin lena dtarlaíonn ó go thall i Sasana. Ar chuma ar bith, nach í Príomhroinn Shasana an sraithchomórtas sacair is fearr agus is spéisiúla ar domhan? an ea? Is cinnte go bhfuil aird mhuintir na hÉireann, chomh fada is a bhaineann le cúrsaí sacair ar aon nós, dírithe ar fad, beagnach, ar imeachtaí na Príomhroinne sin. Gan amhras, caitear súil ar chúrsaí in Albain anois is arís le seiceáil cén chaoi a bhfuil ag éirí leis na Ceiltigh thuas ansin, go mór mór nuair a bhíonn siad i gcoinne Rangers. an choimhlint iomaíocht seo idir na Ceiltigh agus Rangers míshláintiúil toisc go bhfuil bunaithe ar dheargsheicteachas. Caitlicigh v Protastúnaigh atá i gceist, ach is údar gáirí ar bhealach é nuair a chuireann san áireamh gur cuma sa diabhal leis na himreoirí ina gcroí istigh (nach de bhunadh Ghlaschú na hAlban a bhformhór) faoin tseafóid sheicteach. Dar ndóigh, ligeann siad orthu go bhfuil an paisean agus an tuiscint cheart acu ar an traidisiún, ach i ndáiríre níl ann acu go dtuigeann siad ag íoc an phá i ndeireadh na seachtaine.

Dornán beag clubanna

Ar aon nós, taobh amuigh den choimhlint shuarach úd thuas in Albain, is i Sasana atá an t-aicsean agus na cluichí iontacha! Ach, fan nóiméad, dhéanaimid anailís ar an scéal, fiú ar leibhéal an-simplí ar fad, seans go dtiocfaimid ar an tuairim nach bhfuil Príomhroinn Shasana chomh hiontach sin i ndáiríre. An léiriú is fearr air sin an chaoi gurb é an dornán beag céanna clubanna a bhíonn chun tosaigh ar an gcuid eile bliain i ndiaidh bliana. Níl ach trí ceithre fhoireann sa Phríomhroinn atá fíormhaith: Chelsea, Arsenal agus Manchester United. Uaireanta, déanann Liverpool iarracht a dhul in iomaíocht leo, ach de ghnáth críochnaíonn siad sa cheathrú háit, líon mór pointí taobh thiar de na foirne eile. Cheana féin i mbliana is léir gur ceann de na trí fhoireann a luadh thuas a bhuafaidh an Chraobh agus an t-aon rud atá suimiúil faoin bPríomhroinn acu a bhuafaidh í. Seans nach mbeidh an comórtas thart chomh luath sa séasúr reatha is a bhí anuraidh nuair a d’imigh Chelsea as radharc ar fad sa chéad leath den séasúr.

Is trua gur mar sin atá. Bhí níos suimiúla nuair a bhí West Ham, Spurs, Everton, Newcastle, Leeds agus araile in ann dul in iomaíocht leis na clubanna móra úd agus cluiche maith a thabhairt dóibh. Ach bearna shuntasach eatarthu anois agus an bhearna ag méadú de shíor. Scór bliain ó shin, bhí caighdeán níos cothroime ann agus cluichí níos fearr a raibh brí agus substaint leo. Anois nuair a imríonn Everton agus Newcastle, Aston Villa agus Spurs, agus mar sin de, is cuma a bhuann. Is iad na cluichí a bhaineann le hArsenal, Man United agus Chelsea is tábhachtaí sa deireadh agus sin an fhírinne.

Mar sin, céard a tharla céard difriúil faoi chúrsaí sacair ar an taobh thall denchainéal”, mar a deirtear ar RTÉ. furasta go leor a mhíniú: airgead bun agus barr an scéil. féidir bheith san iomaíocht i gcúrsaí sacair gan airgead mór agus níl an saghas airgid atá ag teastáil sa Premiership ach ag cúpla club. Níl indéanta, dar liom, Príomhroinn cheart a reáchtáil, is é sin sraithchomórtas ina bhfuil na foirne ar comhscór, mar a déarfá, ag tús an tséasúir. B’fhéidir gur cuma leis an lucht eagraithe (agus leis an lucht leanta freisin, b’fhéidir) ach a lán de na clubanna i bhfiacha agus i dtrioblóid réir. I gcás mo leithéidse, údar imní é, ach samhlaím go n-éireoidh níos deacra de réir mar a théann na blianta ar aghaidh an lucht féachana a mhealladh leanann an scéal amhlaidh agus an bhearna idir an mionlach saibhir agus an chuid eile ag méadú.

siad dáiríre faoi, aithneoidh na húdaráis an fhadhb agus tuigfidh siad agus géillfidh siad go mba chóir go mbeadh Sraith Príomhroinn Eorpach ann do na clubanna ar fud na hEorpa atá an-saibhir agus sraitheanna cearta náisiúnta a thabharfaidh sásamh agus dóchas don lucht leanta.

Géarchéim

Rud eile, feictear dom go bhfuil géarchéim i ndán don fhoireann náisiúnta sacair i Sasana agus réir sin d’fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann. Níl i bhfad ó shin ó bhí laochra an chluiche thall ina Sasanaigh den chuid is , agus corr-Éireannach agus Albanach ina measc. Faoi mar atá faoi láthair, eachtrannaigh is ea formhór na n-imreoirí agus na mbainisteoirí sna clubanna móra. Is beag Sasanach Éireannach atá ar aon chaighdeán leis na himreoirí as an bhFrainc, an Iodáil, an Phortaingéil agus araile atá ag imirt sa Phríomhroinn. Scór bliain ó shin bhí na heachtrannaigh (abraimis nach eachtrannaigh iad na hÉireannaigh ar son na hargóinte) ina mionlach beag coimhthíoch i sraithchomórtas Shasana ach anois a mhalairt atá fíor.

léiriú ar an teoiric seo le fáil i gcomhthéacs fhoirne idirnáisiúnta Shasana agus na Poblachta. go bhfuil Sasana ar bharr a ngrúpa i gcomórtas Chorn na hEorpa faoi láthair, siad ar comhphointí (seacht gcinn) leis an gCróit, an Mhacadóin agus Iosrael. Chaill Sasana i gcoinne na Cróite agus bhí comhscór i gceist sa chluiche leis an Macadóin. Níl ach seacht bpointe ag an gcéad fhoireann sa ghrúpa; i ngach grúpa eile ar a laghad naoi bpointe ag an gcéad fhoireann agus dhá phointe dhéag ag foireann amháin.

Dar ndóigh, feicimid go bhfuil an scéal níos measa i gcás fhoireann na hÉireann; níl ach pointe amháin acu, siad ag bun an ghrúpa agus bhí an toradh uafásach i gcoinne na Cipire náireach amach is amach. Níl i bhfad ó shin ó bhí imreoirí fhoireann na hÉireann ag imirt le clubanna móra Shasana ar nós Liverpool, Manchester United, Arsenal agus araile. Anois, is moite d’eisceacht dhó, níl seans faoin spéir ag Éireannach áit a fháil ar na foirne thuasluaite.

bhfágann sin an Premiership? Fágann é, mar atá ráite agam, le trí ceithre fhoireann láidre ar a bhfuil imreoirí costasacha as tíortha éagsúla den chuid is , agus clubanna eile atá ag streachailt le bheith beo i sraithchomórtas nach bhfuil leath chomh suimiúil is a deirtear agus atá ar chaighdeán an-dona. Ceapaim nach bhfuil Príomhroinn Shasana go maith. Níl ag oibriú mar atá eagraithe agus bheidh rath air sa bhfadtéarma, dar liom.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.