AR NA SAOLTA SEO
Ag iarraidh pilleadh ar an nirvana aontachtach
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Míníonn Robert McMillen cén fáth a bhfuil polaiteoirí áirithe aontachtacha, leithéidí David Burnside agus Jeffrey Donaldson, chomh mór sin i gcoinne aon athrú a dhéanamh ar an RUC.

Íomhá

Níor cheart dom a bheith ann. Bhí iarrtha ag RTÉ orm tuairiscí a chur ar fáil faoi Chomhdháil Chomhairle Aontachtach Uladh in Óstán an Europa i mBéal Feirste i mí Aibreáin 1998, comhdháil a tarraingíodh le chéile le tacaíocht an pháirtí do Chomhaontú Aoine an Chéasta a iarraidh.

Dúirt iriseoir ó TnaG a raibh mé ag caint leis go raibh cead agam suí isteach i dtaobhsheomra le héisteacht leis na hóráidí. Isteach liom, leabhar nótaí i mo lámh, le héisteacht le ceann de na horáidí ar an lá stairiúil sin.

David Burnside an fear a bhí ag caint.

“Ba mhaith liom sibh bhur dtacaíocht a léiriú don fhórsa péas pobail ab fhearr ar domhan - na B-Speisialaigh,” a dúirt sé.

Tost.

“Ó,” arsa Burnside, agus aiféaltas air, “caithfidh sé go bhfuil sibh ró-óg le cuimhne a bheith agaibh ar na B-Speisialaigh.”

Leis sin, nocht oifigeach de chuid an pháirtí agus iarradh orm (go deas múinte) an seomra a fhágáil.

Anois tá an Burnside céanna agus Jeffrey Donaldson ag seasamh an fhóid d’fhórsaí logánta slándála na Sé Chontae agus tá siad sásta na hinstitiúidí polaitiúla tuaisceartacha a tharraingt anuas dá bharr. Is furasta a thuigbheáil cén fáth.

Ag cosaint na hAontachta

Ó bunaíodh stát na Sé Chontae, bhí an RUC agus paramílitigh na B-Speisialach sa líne tosaigh ag cosaint na hAontachta in éadán an IRA, a bhí á gcothú i measc na gCaitliceach bradach sin.

“I wouldn’t have one about the place,” arsa Phríomhaire an Tuaiscirt Lord Brookeborough tráth fána chomh-Ultaigh Chaitliceacha, ag tabhairt le fios gur drong fhodhaonna iad. Ba é an RUC lámh láidir an hegemony seo, laochra áitiúla a choinnigh an sceimhle ón doras agus a lig do Phrotastúnaigh luí go suaimhneach ina leapacha.

Agus ba iad a d’fhulaing ar a shon. 302 acu marbh le linn na dTrioblóidí reatha, agus anbhás ag cuid acu.

Buillí leanúnacha dóláis do phobail bheaga tuaithe agus do shaoránaigh na mbailte beaga nuair a mharófaí mac leo. B’ionann é agus laoch de chuid an GAA a bheith dúnmharaithe, ionsaí ar an duine agus ionsaí ar an chultúr as ar fáisceadh é. Dhlúthaigh dúnmharaithe bhaill an RUC mórtas cine na n-aontachtach, na bProtastúnach, thiontaigh go leor acu isteach iontu féin agus ba doiligh leo lámh a shíneadh amach chuig na daoine, dar leo, a bhí ag déanamh sléachta ar phlúr na bhfear s’acu.

Agus in dhá réadúlacht chomhthreomhara na Sé Chontae, ba doiligh leo taithí na “bhFíníní bradacha” seo a mhothú ina gcroí. Ní fheiceann siad an gortú a mhothaíonn an gnáthshaoránach náisiúnaíoch. Sin an fáth a dtig le Donaldson agus Burnside moladh nach labharfadh aontachtaithe ach le Rialtas na Breataine agus go measann siad go dtiocfadh réiteach as sin. Tá siad ag iarraidh pilleadh ar an nirvana aontachtach sin réamh-1969 nuair a thuig náisiúnaithe a stádas sa tsochaí agus chloígh leis. Níorbh ann do náisiúnaithe an tráth úd. Nuair a luaigh na haontachtaithe “The People of Northern Ireland”, ba ag caint ar an phobal aontachtach amháin a bhí siad.

Sin an fáth a mbíonn mearbhall ar Donaldson agus ar Burnside nuair a chaitheann siad déileáil le náisiúnaithe cumasacha uaillmhianacha. Is doiligh gan trua a bheith agat dóibh - tá siad mar a bheadh dornálaí ann a bhris cnámha agus é i mbarr a réime ach atá anois ag dul in aois agus ag fuilstin na náire a d’fhulaing siad sin a dtug sé greadadh dóibh tráth.

Tá aontachtas Burnside, Donaldson agus a lucht leanúna ag éirí sean. Ainneoin go bhfuil a mbunchreideamh chomh docht diongbháilte agus a bhí riamh, tá an saol ag athrú thart orthu.

Iarphríosúnaigh

Meastar go bhfuil ceann de a rudaí is mo a chuireann déistin ar lucht tacaíochta an RUC á ofráil sa cháipéis a eiseoidh an dá rialtas ag tús na míosa seo. Beidh cead ag iarphríosúnaigh a bheith ina mbaill de na Police Partnership Boards, rud a chiallódh go dtiocfadh le ról lárnach a bheith ag (iar)bhaill den IRA sa tseirbhís úr póilíneachta.

Rud nádúrtha go leor, dar le Sinn Féin, le bheith cinnte nach bhfeiceann muid macasamhail mhí Lúnasa 1969 (nuair a d’ionsaigh baill den RUC, de na B-Speisialaigh agus dílseoirí ceantracha Caitliceacha ar fud na Sé Chontae) agus na heachtraí náireacha a raibh an RUC páirteach iontu roimhe sin agus ó shin.

Ach d’aontachtaithe, tá an mac tíre ag an doras agus tá siad ag tiontú isteach iontu féin arís. Sin an fáth a bhfuil ceist na póilíneachta chomh tábhachtach sin don dá phobal.

Ní leor é Chamberlainachas - píosa páipéir an dá rialtas - leis an chasm intinne idir Donaldson/Burnside agus a lucht tacaíochta agus an gnáthphobal náisiúnaíoch - gan trácht ar Shinn Féin - a laghdú.

Cinnte dearfach is bealach dhá threo atá i gceist. Is mairg go bhfuil dream amháin nach bhfuil sásta dul ar an turas.

Is iriseoir leis an Irish News é Robert McMillen.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.