AR NA SAOLTA SEO
Anders Behring Breivik: Crosáidire ar son Iosrael
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Murar roinn siad na hurchair, roinn siad na focail le Breivik. Rianaíonn Maidhc Ó Cathail conair na bhfocal siar roimh shléacht Utøya.

Íomhá
Utøya
le Менеджер подключений Shotwell ar Picasaweb
Íomhá
Pamela Geller
le Yaalon-2 ar Vicipéid
Íomhá
Daniel Pipes ag comhdháil Chomhghuaillíocht Saoirse Mheiriceá
le Lukeford.net ar Vicipéid
Íomhá
Ar leathchrann, Norge faoi bhrón
le Per Pettersson ar Picasaweb

An mhí seo caite, rinne cur síos ar fhíseán a d’eisigh al-Qaeda i Meithimh inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne, a lucht leanúna i Meiriceá teacht ar ghunnaí agus jihad foréigneach gan trócaire a fhearadh archomhghuaillíocht na Síónach agus na gCrosáidiríthall. mba Moslamach é Anders Behring Breivik, bheadh na hanailísithe sceimhle á mhíniú ó mhaidin go hoíche guréan cuideáina bhí ann ar spreag fealsúnacht marfach bin Laden é chun na scórtha chomhthírigh óga a mharú in aice le hOsló ar an 22 Iúil. Ó tharla nach Moslamach atá i gceist, na meáin ag cur lipéid mhíchruinne mhíthreoracha ar an Ioruach ar nósCríostaí bunchreidmheach,” “Críostaí coimeádach,” “náisiúnaí den eite dheis,” “Naitsí,” srl. Ach fhéachann ar fhealsúnacht Breivik, agus ar na claonbholscairí a chuaigh i bhfeidhm go mór air, féidir focal níos cruinne a thabhairt air Síónachas.”

I bhforógra a foilsíodh ar líne tamall beag sula ndeachaigh ag scaoileadh is ag sléachtadh faoi is thairis, léirigh Breivik an meas mór atá aige ar an stát Síónach agus an fuath atá ann ar naimhde an stáit. LuaitearIosraelgo dearfach 223 uaire sa 1,500 leathanach de “2083: A Declaration of European Independence.” Dar leis, “It’s time to end the stupid support for the Palestinians and begin to support our cultural cousinsIsrael.” Agus hamháin go bhfuil Anders Breivik ag iarraidh na Moslamaigh a dhíbirt as Eoraip, ach an crosáidireCríostaíag iarraidh iad a dhíbirt as an mBruach Thiar agus as Gaza chomh maith. Is cosúil nach eol go bhfuil cuid mhaith de na Pailistínithe ina Críostaithe. b’fhéidir go gcreideann mar aon le leithéidíTréadaíJohn Hagee agus a dhream, Christians United for Israel, gur leis na Giúdaigh amháin an Talamh Naofa (go dtiocfaidh Íosa Chríost ar ais). go mbeadh deacair a leithéid a fháil i dteagasc Íosa, is cuma sa diabhal leis naCríostaitheseo, óir Íosa ach Iosrael a adhraíonn siad.

Gisele Littman

Agus bíobla ag Breivik, is éEurabia,” leabhar de chuid Bat Ye’or, ainm cleite Gisele Littman, inspioráid intleachta na gluaiseachta frith-jihad ar bhain Breivik leis. Sa leabhar sin a foilsíodh i 2005, maíonn Littman go bhfuil Ioslam ag coilíniú na hEorpa de réir a chéile trí imirce. Mar sin, féachann duine de lucht leanúna Bat Ye’or ar nós Breivik go faiteach ar inimirce Moslamach mar jihad déimeagrafach. Is Giúdach í Littman a rugadh i gCaireo. De réir a suíomh idirlín, theith chun na hEorpa nuair a chúlghairmeadh a clóichead Eigipteach sna 1950í. luaitear, áfach, gur ghlac scata Giúdach na hEigipte páirt san eachtra spiaireachta agus sceimhlitheoireachta Iosraelach ar a dtugtar Teagmhas Lavon trí bliain roimhe sin.

Daniel Piper agus Hans Rustad

Duine eile a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Breivik Daniel Pipes, bunaitheoir Campus Watch, tionscadal a iarrann ar mhic léinn SAM faisnéis a thabhairt ar ollúna ollscoile a cháineann Iosrael. Ba léacht a thug Pipes dar teidealLeftism and Islam. Muslims, the warriors Marxists have been praying foran t-aon fhíseán a chuir Breivik in airde ardocument.no,” an suíomh frith-Ioslamach Ioruach de chuid Hans Rustad. seo an chéad uair a chothaigh Pipes naimhdeas idir Eorpaigh agus Moslamaigh ach an oiread. Ba i ndiaidh cruinniú le Pipes i 2004 a d’fhoilsigh Flemming Rose na cartúin frith-Ioslamach sa nuachtán Danmhargach Jyllands-Posten.

Pamela Geller

Chuaigh Breivik freisin faoi anáil Pamela Geller, an blagálaí Meiriceánach ar léi an suíomh frith-IoslamachAtlas Shrugged.” Is ansin a chuir tús leis an bhfeachtas in aghaidh anMosc Ball Sprice,” an leasainm gríosaitheach a thug Geller agus a leathbhádóirí ar Park51, an t-ionad Ioslamach i Nua Eabhrach a bhí le tógáil measartha gar do láthair na n-ionsaithe 9/11. Phostáil Geller sraith de phostanna gríosaitheacha faoi Mhoslamaigh san Iorua arAtlas Shrugged,” áit a ndéanadh Breivik trácht ar an ábhar go minic. Seans gur casadh an bheirt ar a chéile fiú nuair a ghlac Geller páirt i slógadh beag in Osló i 2009 ag tacú leis an ionsaí Iosraelach ar Gaza inar mharaigh siad thart ar 1,400 Pailistíneach.

gur mian leis na meáinCríostaía thabhairt ar Anders Breivik, is leasc leo tabhairt le fios cén creideamh lena mbaineann leithéidí Bat Ye’or, Daniel Pipes, Hans Rustad, Flemming Rose, agus Pamela Geller a ghríosaigh é chun crosáid a fhógairt ar na Moslamaighatá ghríosú féin chun jihad ag an am céanna agMoslamach bunchreidmheachar nós Adam Gadahn, ar bhain a sheanathair, Carl Pearlman, leis an idé-eolaíocht céanna le Ye’or, Pipes agus Geller. Más crosáidire atá in Anders Breivik, is crosáidire ar son na Síónach é. Agus mar a chuir anailísí ar an bhfrithjihad é, they may not have given Breivik his orders, but they paved the road down which he chose to walk.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.