AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Ceist na Sláinte
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Má tá doghrainn go leor agus éirí amach ag eascairt as drochlámh agus saint na mbancanna abhus in Éirinn, níl na Stáit Aontaithe róshocair do lucht polaitíochta ach oiread. Bí ag faire amach a deir Brian Ó Broin, don reicstí agus do ruaille buaille mar gheall ar ghnóthaí sláinte sna Stáit an fómhar seo.

Íomhá
Dick Armey, an Feisire Poblachtach
Íomhá
Máire Ní Mhealláin as Tír Eoghain, a fuair cóir leighis 26 bl. i Meiriceá saor in aisce!
Íomhá
Max Baucus, an Seanadóir Daonlathach

Bhí Lúnasa ina raic ó chósta go cósta i Meiriceá i mbliana. Is mí chiúin í, de ghnáth. Tapaíonn feisirí agus seanadóirí na Comhdhála an sos míosa, agus filleann siad abhaile go dtína dtoghcheantair timpeall na tíre. Do chuid mhaith feisirí, seo é an chéad uair le ráithe nó níos mó a thug siad cuairt abhaile, agus dá réir sin, eagraíonn siad cruinnithe poiblí chun fáil amach cad iad na ceisteanna is mó atá ag déanamh scimedtoghthóirí.

Ní mó ná sásta a bhí siad, mar sin, nuair a sheas daoine suas ina sluaite sna cruinnithe seo ag screadaíl agus ag trasnáil orthu agus ar chainteoirí eile sna cruinnithe. Ar dtús, síleadh nach raibh sna hagóidí ach correachtra anseo is ansiúd, ach diaidh ar ndiaidh, ba léir go raibh a leithéid ar siúl fud fad na tíre, agus nach raibh ach ceist amháin ar bheolaibh an lucht agóide - an bille sláinte a bhí faoi chaibidil ag an gComhdháil i Washington. Luíochán sáreagraithe a bhí ann, ar na feisirí, a eagraíodh go glic. Ní fios go fóill cé a d’eagraigh é, ach táthar ag díriú na méar go forleathan i dtreo Dick Armey, feisire fíorchoimeádach as Texas, agus a eagraíocht FreedomWorks, brúghrúpa a oibríonn thar ceann comhlachtaí chun cáin a ísliú agus gnó an stáit a chur i lámha na hearnála príobháidí. (http://912dc.org/) Tarraingt in Aghaidh a Chéile Scríobhas cheana ar an gcaoi ina bhfuil an dá pháirtí anseo deighilte suas iontu féin i ndreamanna bunaithe ar na rudaí is mó suime dóibh. Bheadh mionghrúpaí láidre sa Pháirtí Daonlathach, cuir i gcás, bunaithe ar Aerachas (= báine) agus an Timpeallacht, agus mionghrúpaí sa Pháirtí Poblachtach bunaithe ar Chríostaíocht agus Náisiúnachas.

I láthair na huaire, tá cogadh ollmhór ar siúl sa Pháirtí Poblachtach idir na mionghrúpaí go léir do cheannaireacht an pháirtí, agus ní léir go fóill cé aige a bhéas an bua. I bhfad amach ar eite dheis an Pháirtí, ámh, tá scata mionghrúpaí ag aontú in aghaidh rialtais Obama agus ceist mhór amháin á dtarraingt le chéile: ról an rialtais i saol na tíre. Dar leo, ba cheart don ról sin a bheith beag; ní cheart dó, mar shampla, a bheith ag cur srian ar ghunnaí sa tír, ná ag cur a ladar isteach i gcúrsaí oideachais na stát (tá córas oideachais faoi leith ag gach stát i Meiriceá). Ní ceart dó srian ar bith a chur ar chúrsaí gnó i Meiriceá trí cháin a ghearradh ar chomhlachtaí, ná dlíthe a rith a chuirfeadh smacht ar a gcleachtais ghnó. Is é is mó atá ag dó geirbe na gluaiseachta i láthair na huaire, mar sin, sláinte. Má bhreathnaíonn Eorpaigh ar shláinte (nó cóir leighis) mar cheart daonlathach, ní hamhlaidh atá sé i Meiriceá. Cé go bhfuil roinnt otharlann poiblí sa tír, is le comhlachtaí príobháideacha a bhformhór, agus taobh amuigh de chásanna éigeandála mar thimpistí bóthair, tá sé de cheart acu othar ar bith a dhiúltú más maith leo. Bhí cara liom ina luí i leaba otharlainne in Austin, Texas le déanaí á réiteach féin d’obráid ailse thíoróidigh nuair a tháinig cláraitheoir isteach ag lorg sonraí a cárta creidmheasa! Ba léir an teachtaireacht: cuirfí a hobráid ar fionraí muna dtabharfadh sí an t-eolas.

Ar ndóigh, is maith an rud é an saormhargadh do rudaí áirithe: eitiltí, éadaí, agus earraí leictreonacha, fágaim, ach níltear róchinnte in aon chor ar cheart cead a chinn a thabhairt don saormhargadh i gcúrsaí sláinte, oideachais, nó príosúntachta. Más é brábach sprioc do chomhlachta, nach luíonn sé le réasún go ngearrfaidh tú na praghasanna is airde ar na táirgí is saoire? Faigh Cumhdach ÁrachaisCónra! Sin mar a sheasann cúrsaí mar atá siad. Dúinne a bhfuil árachas sláinte againn, tá córas sách maith againn, is cosúil. Má bhuaileann tinneas sinn, téimid go dtí an dochtúir agus molann seisean nó sise cóir leighis chuí dúinn. Ach ar ndóigh, más é an comhlacht árachais atá ag íoc as an gcóir leighis, is ar mhaithe leis an gcomhlacht leighis na praghasanna is airde agus is féidir a ghearradh ar a dtáirge. Muna bhfuil an tomhaltóir é féin ag íoc as na táirgí, is cuma leis faoi na praghasanna. Go deimhin, tá go leor Meiriceánach ag fáil árachais beagnach saor in aisce, ó íocann a bhfostóirí na préimheanna árachais.

Fostóirí is mó atá thíos leis an gcóras mar atá. Siadsan a íocann na préimheanna seo (a mhéadaigh faoi dhó le deich mbliana anuas, agus atá ag ardú a cheithre oiread níos tapúla ná an ráta boilscithe), agus dá réir sin, is mó an méid fostóirí atá ag éirí as árachas sláinte a thairiscint dá bhfostaithe. Tá mar sin, i láthair na huaire, 47 milliún daoine sa tír gan árachas ar bith, fiú agus postanna acu. Ar ndóigh, nuair a éiríonn daoine den dream seo an-tinn, lorgaíonn siad cóir leighis ón stát, a bhfuil dualgas air cóireáil a thabhairt má tá an t-othar i mbaol. I gceantair ina bhfuil formhór an daonra gan árachas, cuireann seo brú chomh mór sin ar na hotharlanna gurb éigean dóibh dúnadh. Tharla seo cheana féin, mar shampla, in Irvington agus Orange, dhá cheantar Gorma i Nua-Gheirsí atá buailte ar a chéile, agus nach bhfuil otharlann iontu le roinnt blianta anois. Seo an fáth gur chuir an tUachtarán Obama leasú árachais ar bharr a chlár oibre nuair a bhain sé a oifig amach i mí Feabhra na bliana seo. Bhí sé ag iarraidh srian a chur ar phraghasanna cóir leighis, agus córas árachais phoiblí a bhunú a chuirfeadh seirbhísí bunúsacha ar fáil do na saoránaigh is boichte. Rinne sé suntas faoi leith go raibh Meiriceá, lena sluaite gan árachas, ag caitheamh 17.6% dá Olltáirgeadh Intíre ar shláinte i gcomparáid le 8.2% sa Ríocht Aontaithe agus 7.5% in Éirinn, tíortha a bhfuil córais sláinte uilíocha acu. (http://standupforhealthcare.org/) (http://www.familiesusa.org/resources/action-center/)Dá dtiocfadh córas mar sin go Meiriceá, ba iad na comhlachtaí sláinte agus árachais ba mhó a bheadh thíos leis. Bheadh iachall ar na comhlachtaí árachais daoine a ghlacadh beag beann ar a sláinte, agus bheadh iachall ar na hotharlanna agus ar na comhlachtaí leighis seirbhísí agus táirgí a dhíol ar chonarthaí réasúnta. Ach tá pócaí doimhne ag na comhlachtaí úd. Thugadar na milliúin dollar d’fheisirí cheana féin, ina measc an Poblachtach John McCain, a fuair $546,000, agus an Daonlathach Max Baucus, a fuair $413,000. Is deacair an bheirt seo a shamhlú ag vótáil do bhille ar bith a d’ísleodh brabach na gcomhlachtaí sláinte.

Beidh an chomhdháil ar ais ina suí arís ar an 8ú Meán Fómhair agus beidh an tUachtarán meáite ar an mbille sláinte a rith faoi dheireadh na bliana. Bígí ag faire amach don reicstí fómhair, mar sin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.