102
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Osclaíodh an Irish Hunger Memorial i Nua-Eabhrac go hoifigiúil i lár na míosa seo caite. Féachann Tom Deignan ar an tábhacht bhreise a bhaineann leis an ionad seo anois de bharr eachtraí an 11 Meán Fómhair anuraidh.
»»»Tá díospóireacht ar siúl faoi láthair san Astráil mar gheall ar na fadhbanna móra sóisialta agus sláinte atá i measc na ndúchasach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Níl dearmad déanta fós san Astráil ar dhuine de réabhlóidithe na hÉireann ag tús an ochtú haois déag. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Nuair a dhiúltaigh Coimisiún na hEorpa ceadúnas a thabhairt don bhád ollmhór iascaireachta The Atlantic Dawn, rinne Rialtas na hÉireann stocaireacht ar son an úinéara. Measann go leor daoine anois, áfach, go mbeidh gnáth-iascairí na tíre seo thíos leis an stocaireacht sin, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail.
»»»Is oileán beag é Cléire, atá suite amach ó chósta Chorcaí. Thug Liz Curtis cuairt air an samhradh seo.
»»»Chaith Ciara Nic Gabhann seal draíochta san India le gairid, in áit ar a dtugtar Kerala. Anois, tá fonn uirthi filleadh arís is arís eile.
»»»Ghlac AnnMarie Flanagan an deis chun an chéad léiriú san Amharclann na Mainistreach den dráma “Pygmalion” ó George B. Shaw a fheiceáil, agus shíl sí mórán de.
»»»Bhí John-Paul McCarthy ag athléamh leabhar tábhachtach a scríobh Michel Foucault, leabhar a mbeidh a theideal tráthúil i dtólamh faraor, Madness and Civilization.
»»»Tugann sé ardú meanman do dhaoine, dar le Colm Mac Séalaigh, agus cuireann sé leis an taitneamh a bhaineann siad as an spórt nuair a bhíonn an bua ag duine atá macánta agus nach mbriseann na rialacha, leithéidí Phádraig Harrington.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Deirdre Ní Loingsigh, Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh.
»»»Cuireann sé ionadh ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil daoine fós sásta bheith ina mbainisteoirí ar fhoirne peile agus iománaíochta, in ainneoin na drochíde go léir a fhaigheann go leor acu.
»»»Chas Tony Birtill le fear an-ait agus é amuigh ag siúl i Cheshire le gairid agus fuair sé amach ina dhiaidh sin gur duine a bhí ann atá an-tugtha don fhoréigean.
»»»Bhí díomá ar go leor daoine nuair a dhún caife Ghael Linn i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Ar an dea-uair, áfach, d’oscail caife Gaeilge eile i lár na cathrach i dtrátha an ama chéanna. Thug Caoimhe Ní Laighin cuairt ar an gcaife seo agus labhair leis an mbainisteoir, Úna Nic Gabhann.
»»»Tá Robert McMillen ag leagan amach gur gairid eile go dtolgfaidh achan duine sa taobh ó thuaidh taom olltoghchánaíochta.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.