AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Moslamaigh faoi scrúdú
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Chas Príomh-Aire na hAstráile, John Howard, agus baill den rialtas le ceannairí Ioslamacha na tíre an mhí seo caite ach raibh na dreamanna is radacaí i measc na n-eagraíochtaí a fuair cuireadh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Príomh-Aire na hAstráile, John Howard
Íomhá
An tAire Oideachais, an Dr Brendan Nelson

Moslamaigh na hAstráile go mór sa nuacht le tamall. Bhí cruinniú ag an rialtas le hionadaithe ó 13 eagraíocht Ioslamach i gCanberra an mhí seo caite a tharla, is cosúil, de bharr na n-ionsaithe i Londain i Iúil. Ach fiú sula raibh an cruinniú ann, rinneadh cáineadh air agus ar an gcaoi ar roghnaíodh na hionadaithe. Dúirt cuid mhaith Moslamach gur chóir ionadaíocht níos láidre bheith ann do dhaoine óga agus gur cheart teagmháil éicint bheith ag an rialtas le daoine a bhfuil tuairimí radacacha acu.

Níor fheil sin don rialtas. Mar sin, bhfuair siad cuireadh. nach ionadh, raibh aon chonspóid ag baint leis an gcruinniú. Cáineadh sceimhlitheoireacht ach cosúil go raibh sceimhlitheoireacht rialtais san áireamh ansin. Bhí an rialtas ag iarraidh go mbeadh Moslamaigh ag coinneáil súil ar a chéile agus go gcuirfí ar a súile do na húdaráis aon chaint faoi sceimhlitheoireacht. Is beag plé a bhí ag an gcruinniú faoin ionradh ar an Iaráic agus an Afganastáin, na scórtha míle Moslamach a maraíodh ansin agus an bhaint a bhí ag rialtas na hAstráile leis an scéal.

Dúirt duine de na hionadaithe tar éis an chruinnithe nach le plé a dhéanamh ar pholasaí eachtrach na hAstráile bhí siad ansin. Níor réitigh sin rómhaith le tuairimí ó Mhoslamaigh eile nár thuig pobal na hAstráile an rialtas an mhíshástacht i measc Moslamach na hAstráile faoin Iaráic, go háithrid agus an chaoi a bhféadfadh sin daoine a spreagadh chun ionsaithe gcuid féin.

nach bhfuil pobal mór Moslamach sa tír, ag méadú go sciobtha. Sa daonáireamh deireanach (2001), bhí tuairim is 280,000 Moslamach sa tír 1.4% den daonra ach bhí méadú 40% tagtha ar an uimhir sin ó 1996 le hais méadú 5.7% ar an daonra ina iomláine. I New South Wales agus Victoria atá a bhformhór agus is sa stát sin is atá scoileanna Ioslamacha agus moscanna freisin.

Go dtí le gairid bhí míbhuntáiste an-mhór ag Moslamaigh ag cur a dtaobh féin den scéal os comhair an phobail. Go minic, nuair a chuirtí agallamh teilifíse raidió ar a gcuid ceannairí, bhíodh Béarla ar bith ag cuid acu agus droch-Bhéarla ag an gcuid eile. Is cosúil go bhfuil ceacht foghlamtha acu, áfach, agus anois bíonn Béarla líofa ag a gcuid urlabhraithe, agus tuin na hAstráile ar chuid mhaith acu.

Tamall tar éis an chruinnithe, dúirt Brendan Nelson, an tAire Oideachais, gur chóir níos béime a chur arluachanna Astrálacha”. Mar shampla de na luachanna seo luaigh an scéal faoi Simpson agus a asal. Bhí Simpson ina shínteánaí leo siúd a chuaigh i dtír san ionradh tubaisteach a rinne fórsaí as an Astráil agus an Nua-Shéalainn (na ANZACs) in Gallipoli sa Tuirc i 1915. Thugadh Simpson saighdiúirí a bhí gonta ar a asal ón líne tosaigh go dtí ionad leighis in ainneoin na contúirte ó ghunnaí na dTurcach a bhí i bhfoisceacht 20 slat dóibh in áiteacha. Lean den cheird sin ar feadh míosa sular maraíodh é.

B’aisteach an sampla é mar níorbh Astrálach é Simpson ach Sasanach. Níor chaith ach tuairim is cúig bliana san Astráil agus ba é an t-aon chúis a liostáil san arm go raibh ag iarraidh an Astráil a fhágáil agus cheap go bhfaigheadh bealach saor in aisce ar ais go Sasana, áit a raibh cuid de shaighdiúirí na hAstráile ag traenáil.

Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.