AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Téarma príosúin do Pauline Hanson
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Cé go bhfuil Pauline Hanson ón bpáirtí ciníoch One Nation sa phríosún anois, tá an ciníochas fós beo beathach san Astráil, dar le Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Hanson agus a lucht leanúna ag Comhdháil Náisiúnta One Nation, Aibreán 2001
Íomhá
Pauline Hanson le déanaí

Gearradh téarma príosúin trí bliana ar Pauline Hanson agus David Ettridge, beirt de bhunaitheoirí an pháirtí chiníoch One Nation an mhí seo caite. Ciontaíodh iad de bharr an páirtí a bheith cláraithe go mídhleathach don toghchán stáit i Queensland i 1998. Ciontaíodh Hanson freisin de bharr $500,000 (€300,000) a fháil go cam ón gCoimisiún Toghchánaíochta tar éis an toghcháin sin. “Seafóid!” a thug Hanson ar bhreith na cúirte. Is cosúil go mbeidh achomharc ann.

Bhain Pauline Hanson clú amach di féin i 1996 nuair a toghadh í mar bhall neamhspleách den pharlaimint i gCanberra. Bhí sí ina hiarrthóir do na Liobrálaigh sa toghchán sin ar dtús go dtí gur díbríodh í nuair a dúirt sí rudaí maslacha faoi bhundúchasaigh na hAstráile. Ní míbhuntáiste ar bith a bhí ansin agus ba léir gur thaithnigh a dearcadh leis an lucht vótála in Ipswich, baile mór taobh thiar de Bhrisbane.

Nuair a thug sí a céad óráid sa bparlaimint bhí a pictiúr agus a cuid focal ar fud na meán. D’ionsaigh sí dúchasaigh arís, ag rá go raibh buntáistí acu nach raibh le fáil ag Astrálaigh eile. Níor bhac sí a mhíniú cén chaoi ar réitigh a cuid tuairimí leis na míbhuntáistí follasacha atá acu maidir le sláinte, tithíocht agus fostaíocht. Dhírigh sí freisin ar dhaoine as an Áis, ag rá nach gcloíonn siad le nósanna agus traidisiúin na tíre seo agus gur chóir dóibh glanadh leo. Aisteach go leor, is i mBéarla a dúirt sí an méid sin, teanga nach raibh le fáil san Astráil go dtí 1770. Bheadh beagán ní ba mhó seasmhachta ag baint leis na tuairimí sin dá mbeidís á rá aici i gceann de na teangacha seanbhunaithe a bhí á labhairt sa tír le 50,000 bliain.

Bhunaigh Hanson, Ettridge agus David Oldfield an páirtí One Nation i 1997 agus sa toghchán i Queensland i 1998 d’éirigh leis an bpáirtí 11 suíochán (as 78) a bhreith leo le tacaíocht 23% den phobal. Thit an lug ar an lag acu ó shin de bharr achrainn agus anois níl ach beirt acu sin fanta.

Nuair a ciontaíodh Hanson le gairid ní raibh sé mórán achair gur thosaigh polaiteoirí ag rá go raibh an pionós a gearradh uirthi an-ghéar. Ba léir go raibh siadsan ag tochras ar a gceirtlín féin, ag iarraidh buntáiste éicint a bhaint as an tacaíocht atá fós aici ón bpobal. Níor luaigh aon duine acu go bhféadfaí téarma chomh hard le 10 mbliana a ghearradh uirthi de bharr na gcúiseanna a cuireadh ina leith.

Is é an cor is deireanaí sa scéal go bhfuil a fhios againn go raibh Tony Abbott, atá anois ina aire sinsearach sa rialtas náisiúnta, ag bailiú airgid ó 1998 le tacú le daoine a bhí ag tabhairt cásanna cúirte i gcoinne One Nation. Tá an Coimisiún Toghchánaíochta ag cur suime sa scéal seo, mar nár cuireadh ainmneacha na ndaoine a thug airgead don bhfeachtas sin os comhair an phobail.

Mura bhfuil aon cheo eile déanta ag Pauline Hanson, léirigh sí go bhfuil féith an chiníochais beo bríomhar san Astráil go fóill agus go mbeidh.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.