AR NA SAOLTA SEO
Ag cur na staire as a riocht
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá an scannán [i]The Wind that Shakes the Barley[/i] tar éis díospóireacht a chothú faoi stair na hÉireann ach, dar le Robert McMillen, tá staraithe áirithe ar mian leo neamhaird a thabhairt ar chomhthéacs eachtraí áirithe mar Chogadh na Saoirse.

Íomhá
An staraí Richard English: feargach

Chonaic mé The Wind That Shakes the Barley cúpla seachtain ó shin ag réamhthaispeántas preasa.

Le cois iriseoirí, bhí daoine eile i láthair ar shuim leo an scannán, Danny Morrison, Jim Gibney agus Seana Walsh, an fear a d’fhógair don saol mór go raibh an IRA ag éirí as an fhoréigean, ina measc.

Bhí cailín in aice liom - as Fear Manach ó dhúchas - a raibh deora léi nuair a maraíodh fear de chuid an IRA. Nuair a maraíodh Sasanach – dada. Níos moille an oíche sin, phléigh mé le cara de mo chuid an meascán mearaí de thionchair a lig di seo a dhéanamh. Nárbh fhíor do Yeats: “Too long a sacrifice makes a stone of the heart.” Tá croí cloiche ag cuid againn ó thuaidh agus is doiligh ag cuid againn caoinfhulaingt a bheith againn do dhreamanna eile.

Pléadh The Wind That Shakes the Barley ar “Sunday Sequence”, clár raidió ar BBC Raidió Uladh. I measc na gcainteoirí, bhí John Dunlop, iar-Mhodhnóir na hEaglaise Preispitéirí; Jude Collins, colúnaí le Daily Ireland agus an staraí, Richard English.

Luaigh Collins an “chothromaíocht bhréagach” atá á cothú le fada an lá ag na meáin chumarsáide i dtaca leis na Sé Chontae. Tá an dá dhream – náisiúnaithe agus aontachtaithe – chomh holc lena chéile, de réir na teoirice seo. Má rinne dream amháin éagóir, rinne an dream eile a mhacasamhail. Á, dá mbeadh an stair chomh néata sin!

Thug Jude Collins sampla.

“Thig leat é a shamhlú,” ar sé, “rang scoile agus an múinteoir ag rá, ‘Agus anois, a pháistí, amharcfaidh muid ar Auschwitz fríd shúile ghardaí an champa.’”

Tháinig fearg ar English.

“Ní féidir na Dúchrónaigh a chur i gcomparáid leis na Naitsithe,” ar sé. “Caithfidh tú iad a chur i gcomhthéacs. Bhí siad ansin mar go raibh an IRA ag scaoileadh póilíní neamharmtha,” a dúirt sé agus binb ina ghlór.

Agus sin croí na faidhbe, dar liomsa. Caithfidh tú na Dúchrónaigh a chur i gcomhthéacs, ach is scaifte dúnmharfóirí é an IRA, IRA na 1910í agus 1920í a oiread le Sealadaigh an lae inniu. Tháinig siad ar an saol i bhfolús agus maireann siad i bhfolús. Níl comhthéacs de dhíth.

An dearcadh céanna Tá macasamhail dhearcadh English á léiriú ag John Lloyd in alt a scríobh sé i mblag de chuid an Guardian.

“What is left over from the campaign begun by the IRA is not just distrust and bitterness: it is also the now-ingrained practice of intra-communal violence, as both republican and loyalist godfathers squeeze their communities for ‘protection’ and use them as the first client base for drug pushing.”

Sin agat é. Stair na hÉireann a la Lloyd fána shimplíocht, chlaonadh agus aineolas. Ar a laghad, cruthaíonn sé comhthéacs don IRA - cruthú maoine nó “for-profit terrorism”, mar a thugtar air.

Ach níl sé claonta – deir sé go ndearnadh coireanna uafásacha “ar an dá thaobh” – ag tabhairt aspalóide don tríú “taobh”, na Sasanaigh.

Ach, so what? Cad é an tábhacht phraiticiúil atá leis seo in Éirinn an lae inniu?

Ní féidir fadhb a réiteach mura dtugann tú aghaidh ar an chomhthéacs as a bhfáisctear grúpaí, smaointe, gluaiseachtaí, is cuma cén taobh. Is ag déanamh éagóra atá staraithe ar nós English agus tráchtairí ar nós Lloyd mura dtugann siad aghaidh ar na cúinsí a bhí taobh thiar de Chogadh na Saoirse agus an t-aisfhreagra ar na cúiseanna sin.

Is scannán sách teagascach é The Wind That Shakes the Barley, ach dalta Michael Collins, saothar Neil Jordan, is cúis lúcháire é – dá lochtach é – scannán a fheiceáil ina bhfuil dearcadh na nÉireannach, “the wild Irish”, chun tosaigh agus is breá an rud go bhfuil sé ag cothú conspóide agus, níos tábhachtaí, díospóireachta ar ár stair féin.

Tá súil agam go gcothóidh sé díospóireacht i measc mhuintir na Breataine ar a stair siúd agus an tionchar a d’imir sí ar Éirinn.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.