161
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Athrú suntasach a bheas i riail chaitheamh an chlogaid i gcluichí iomána a tháinig i bhfeidhm céad lá na míosa. Cíorann Colm Mac Séalaigh roinnt de na deacrachtaí a bhaineann le feidhmiú na rialach.
»»»Tá comhairle ag Diarmaid Mac Mathúna don té a bheadh ag smaoineamh ar ríomhaire nua a cheannach.
»»»Thosaigh ‘Teilifís na Gaeilge’ ag craoladh as Baile na hAbhann Oíche Shamhna sé bliana déag ó shin, i ndiaidh feachtas fada a troideadh d’fhonn bealach teilifíse a fháil le freastal ar lucht na Gaeilge. San alt seo ceistíonn duine de na daoine a bhí páirteach sa bhfeachtas sin, Donncha Ó hÉallaithe, dearcadh TG4 i leith na Gaeilge
»»»Más lag lúbach an teanga seo mar a labhraítear in Éirinn í, ghlac Diarmuid Johnson misneach ón saibhreas agus ón gcruinneas urlabhra a mhothaigh sé i dTrier na Gearmáine an mhí seo caite.
»»»Ríomhann Alan Desmond san alt seo scéal tubaisteach Eric Tabo as an gCamarúin atá fágtha in anchaoi i gceart i Maracó le tamall fada.
»»»Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go bhfuil taighde as úire agus foilsiú i réimsí den léann acadúil ag oscailt súile daoine san Astráil i leith sochaí an mhuintir dhúchais thar mar a tuigeadh a scéal le cúpla glúin anuas.
»»»Tá fíbín vótála ag teacht ar mhuintir Québec faoi reifreann tábhachtach atá ar na bacáin agus tá Eoin Ó Catháin thall ina measc. Tá gnéithe go leor ann a mhodraíonn an scéal ar an lucht féachana lasmuigh den áit.
»»»Tá saothar nua le Regina Uí Chollatáin dar teideal [i]Iriseoirí Pinn na Gaeilge[/i] foilsithe ag Cois Life. Is éard a ndírítear air sa leabhar seo ná prós-iriseoireacht Ghaeilge an fichiú haois agus léigh Pól Ó Muirí é le gairid.
»»»Ní minic a fhaightear deis freastail ar athchóiriú den scéal An Béal Bocht, ach fuair Anne Marie Flanagan a deis sa Project Arts Centre. Tá sí den bharúil go bhfuil roinnt barrchleití amach fós ar an gcóiriú a rinne an compántas drámaíochta Blue Raincoat Theatre.
»»»Thug Dublin Web Summit na bliana seo ábhar machnaimh go leor do lucht fiontraíochta agus chomh maith le sin, shaighid sé Roseanne Smith i mbun méarchláir.
»»»Na timpistí a gealladh nach dtarlódh, ach a tharla, agus na timpistí uafásacha a tharlóidh amach anseo a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa.
»»»Tá 35 bliain caite ag Donncha Ó hÉallaithe, ag múineadh in Institiúid Teicneolaíochta Gaillimh agus Maigheo. Tá sé éirithe as le mí anuas. Ag tosnú san eagrán seo, beidh sé ag roinnt a chuid tuairimí le léitheoirí Beo faoi cúrsaí an tsaoil. An mhí seo, míníonn sé cén fáth a bhfuil sé i bhfábhar táillí Ollscoile a ghearradh ar mhic léinn tríú leibhéal !
»»»Beidh Féile Litríochta IMRAM ar siúl i mBaile Átha Cliath idir 10 agus 15 Deireadh Fómhair. Déanann duine de lucht eagraithe na féile, Liam Carson, cur síos ar chuid de na himeachtaí atá ar chlár na bliana seo.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: siopadóireacht na Nollag.
»»»Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá ar barr creatha le binb, deir Brian Ó Broin. Céad bhabhta i dtroid na hUachtaránachta atá sa bhinb chéanna.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.