CÚINNE NA nEALAÍON
Féile IMRAM chugainn arís
Liam Carson Liam Carson

Beidh Féile Litríochta IMRAM ar siúl i mBaile Átha Cliath idir 10 agus 15 Deireadh Fómhair. Déanann duine de lucht eagraithe na féile, Liam Carson, cur síos ar chuid de na himeachtaí atá ar chlár na bliana seo.

Íomhá

Bunaíodh IMRAM i 2004. Is é príomhaidhm an eagrais ná litríocht na Gaeilge a chur chun cinn trí imeachtaí siamsúla nua-aoiseacha agus dúshlánacha a chur ar siúl in ionaid tharraingteacha i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath.

Beidh IMRAM 2006 ar siúl idir 10 – 15 Deireadh Fómhair, agus beidh imeachtaí go leor in ionaid éagsúla, áiteanna ar nós an chlub oíche The Sugar Club (Sráid Líosan), agus an Boom Boom Room (Sráid Parnell).

Tá IMRAM ag tabhairt faoin bhféile seo le fuinneamh agus le fuaimint. Tá sé curtha romhainn againn an fhilíocht, an prós, amhránaíocht ar an sean-nós agus imeachtaí ceoil a chur i láthair an phobail ar shlí mheallacach. Beidh ceardlanna, seoltaí leabhar agus díospóireachtaí ar siúl i rith na féile chomh maith.

Is é príomhaidhm IMRAM ná a léiriú gur litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch í litríocht na Gaeilge a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is é cuspóir na féilespéis daoine óga a chothú sa litríocht chéanna. Ba mhaith le stiúrthóirí IMRAM go mbeadh scríbhneoirí na Gaeilge mar chuid de chroílár shaol cultúrtha na príomhchathrach.

Creidimid go bhfuil IMRAM riachtanach le haghaidh dul chun cinn litríocht na Gaeilge amach anseo. Ar shlí, d’fhéadfá a rá go bhfuil fuinneamh INNTI laistiar de, an ghluaiseacht a d’athraigh cúrsa na nuafhilíochta breis is 30 bliain ó shin. Tá áit na leathphingine á tabhairt do leabhair Ghaeilge sna meáin chumarsáide agus sna siopaí leabhar chomh maith. Tá gearradh siar suntasach ar an réimse leabhar Gaeilge atá i siopa leabhar Easons ar Shráid Uí Chonaill, cuir i gcás, agus is truamhéalach an scéal é ina lán siopaí eile, Waterstones agus mar sin de. Ba mhaith le hIMRAM teacht ar sheifteanna chun dul i ngleic le meath chultúr na léitheoireachta.

Beidh díoltóir leabhar, Anthology Books, ag formhór na n-ócáidí i mbliana agus tabharfaidh sin deis d’fhoilsitheoirí na Gaeilge a gcuid leabhar a chur chun cinn.

Is é IMRAM an chéad fhéile dá leithéid i mBaile Átha Cliath. Ós rud é gur éirigh leis cheana féin, tá deis iontach ag IMRAM líon na ndaoine a bheidh ag glacadh páirte san fhéile a leathnú ionas go mbeidh taispeántas cruinn ann d’éagsúlacht thallann na n-ealaíontóirí i saol liteartha na Gaeilge.

Is mór an deis a thabharfaidh IMRAM d’fhoilsitheoirí agus d’údair na Gaeilge a gcuid saothar a chur i lár an aonaigh.

Bígí linn – bímis ag iomramh!

IMRAM 2006 FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGE - BÍMIS AG IOMRAMH

CEILIÚRADH SA PHRÍOMHCHATHAIR

10 – 15 Deireadh Fómhair/October 2006



AN LEABHAR MÓR EXHIBITION

Taispeántas an Leabhar Mór, Dé Máirt go dtí Dé Domhnaigh


An Leabhar Mór in eagar ag Theo Dorgan agus Malcolm Maclean ina bhfuil na céadta file, ealaíontóir agus peannaire ó Albain agus ó Éirinn. An saothar is maisiúla ó bhí na manaigh i mbun oibre. Beidh deis ag muintir na hardchathrach agus ag cuairteoirí an bunsaothar a iniúchadh sa Lab, gailearaí nua Chomhairle Bhaile Átha Cliath i Sráid Uí Fhoghlú.

An Leabhar Mór/The Great Book of Gaelic - edited by Theo Dorgan and *Malcolm Maclean *– brings together 200 poets, visual artists and calligraphers from Scotland and Ireland to create a major artwork, a 21st century Book of Kells. During IMRAM, the people of Dublin can see the 100 original artworks exhibited in The Lab, Dublin City Council’s new gallery in Foley Street, between 10 am and 5pm, Tuesday 10 to Sunday 15 October.

AN LEABHAR MÓR SCHOOLS OUTREACH PROGRAMME


In conjunction with Proiseact nan Ealan and Poetry Ireland, IMRAM has established a writer in residence programme in ten primary and post-primary schools throughout Dublin, Galway and Kilkenny. Using material from An Leabhar Mór, writers Áine Ní Ghlinn, Aifric Mac Aodha, Colette Nic Aodha, Éilís Ní Dhuibhne, Catherine Foley and Áine Uí Fhoghlú will encourage children to write in Irish. Some of this work will feature in the exhibition launch.

AN LEABHAR MÓR AGUS AN tAOS ÓG

Tá scríbhneoirí cónaitheacha ceaptha ag IMRAM i gcomhar le Proiseacht nan Ealan agus Éigse Éireann/Poetry Ireland, scéim a chuimsíonn bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i gCill Chainnigh. Is iad an cúigear scríbhneoirí ná Áine Uí Fhoghlú, Áine Ní Ghlinn, Catherine Foley, Aifric Mac Aodha,* Colette Nic Aodha* agus Eilís Ní Dhuibhne. Spreagfaidh siad Gaeil óga chun pinn agus beidh an toradh mar chuid den taispeántas.

Is iad na scoileanna atá páirteach sa tionscadal seo ná Gaelscoil Bhaile Munna, Gaelscoil Chluain Dolcáin, Gaelscoil Bharra, Coláiste Íosagáin agus Coláiste de hÍde, BÁC; Coláiste Pobail Osraí agus Coláiste Pobail Chaisleán an Chomair, Cill Chainnigh; Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Scoil Iognáid, Gaillimh, agus Gairmscoil an Phiarsaigh, Ros Muc (i gcomhar le Pléaráca).

Dé Máirt, 10 Deireadh Fómhair/Tuesday, 10 October


5.30 pm, Anthology Books, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill/Meeting House Sq., Temple Bar

Saorchead Isteach /Admission free


Seoladh leabhair/book launch: *dánta.com *le Mícheál Ó hUanacháin


Mícheál Ó hUanacháin is a journalist with RTÉ, and editor of the literary magazine Comhar. His poetry has been translated into Scots Gaelic, Dutch, Spanish, Serbian and Romanian.


Tá ceithre chnuasach filíochta foilsithe cheana ag Mícheál: Go dTaga Léas, Crann Tógála, Aibítir Mheiriceá agus Tráchtaireacht ar na Cluichí Móra.



6.30 pm, The Lab, Sráid Uí Fhoghlú/ Foley Street

Launch of An Leabhar Mór Exhibition in The Lab

Saorchead Isteach/Admission free

Speakers: Malcolm Maclean and others

Cainteoirí: Malcolm Maclean agus laochra eile

Páistí ag léamh dánta

Children reading poems

9.00 pm, Boom Boom Room, Conway’s Bar, 70 Sráid Pharnell/ 70 Parnell Street

San Juan de la Cruz, Federico Garcia Lorca y Michael Hartnett.

Cead isteach/Admission 10 euro


Naomh Eoin na Croise, Federico Garcia Lorca agus Michael Hartnett

Ceiliúradh Spáinneach ar an bhfile Michael Hartnett agus an saothar iontach le Naomh Eoin na Croise agus Lorca a thiontaigh sé. Bunleaganacha á léamh ag Diego Valverde, leaganacha Hartnett á léamh ag Tomás Mac Síomóin agus cloisfear saothar na beirte sin chomh maith.

Ceol a chuirfidh na smóilíní ag sclimpireacht i do chroí ó Aindrias de Staic, Estaban Gonzalez agus na Lachikos, meascán meisciúil de rumba, ceol giofógach agus flamenco, an ceangal cultúrtha idir an tír seo agus tuaisceart na hIbéire.

In association with the Cervantes Institute, the Irish Literature Exchange/Idirmhalartán Éireann and Comhar.


A special celebration of the poetry of the late Michael Hartnett, featuring his Irish and English translations of St. John of the Cross and Federico Garcia Lorca. The original Spanish texts will be read by Diego Valverde; Michael Hartnett’s versions will be read by Tomás Mac Siomóin. Both Diego and Tomás will also read a selection of their own work.

Music by Aindrias de Staic, Estaban Gonzalez and the Lachikos - a heady sonic brew of rumba reels, gypsy jigs and flamenco, celebrating the Atlantean links between the west of Ireland and northern Spain.

Dé Céadaoin, 11 Deireadh Fómhair/Wednesday, 11 October


1.00 pm, Anthology Books, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill/ Meeting House Sq., Temple Bar

Léamh /Reading, Lorcán Ó Treasaigh and Éilís Ní Dhuibhne

Saorchead Isteach/Admission free


Lorcán Ó Treasaigh is the author of the acclaimed semi-autobiographical novel Céard é English? Writing in the Observer, Edna O´Brien declared that Élís Ní Dhuibhne’s ‘prose shimmers like poetry’. Her books include Dúnmharú sa Daingean, Cailíní Beaga Ghleann na mBláth and Hurlamaboc.

Tá mórchuid úrscéalta agus gearrscéalta foilsithe ag Éilís Ní Dhuibhne i mBéarla freisin, ina measc The Dancers Dancing agus The Inland Ice. I measc na nduaiseanna litríochta atá buaite aici tá Duais Bisto, Duais Stewart Parker agus duaiseanna an Oireachtais. Scríobhann Lorcán Ó Treasaigh ficsean dírbheathaisnéisiúil i bprós fileata faoina óige i dteaghlach Gaelach i mBaile Átha Cliath.

6.00 pm, Damer Hall

Léamh /Reading

I gcomhar le Éigse Éireann/In association with Poetry Ireland

Saorchead isteach/Admission free


Pádraig Ó Snodaigh, Bríd Ní Mhóráin & Aindrias Ó Cathasaigh (reading Irish versions of Bertolt Brecht)


Pádraig Ó Snodaigh is a seminal figure in Irish letters, not only as the country’s leading Irish language publisher, but also as an historian, essayist and poet.* Bríd Ní Mhóráin* is the author of an acclaimed study of Iveragh peninsula Irish, Thiar sa Mhainistir atá an Ghaolainn Bhreá; her third poetry collection, Síolta an Iomais, will be published soon. Aindrias Ó Cathasaigh’s selected translations of Brecht, Chucu siúd a rugadh ina dhiaidh, has just been published.

Mórphearsa i saol liteartha agus cultúrtha na tíre é an Snodach. Ní hé amháin gurb é an foilsitheoir is bisiúla againn é, is staraí, fear aistí, aistritheoir agus file é a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta bainte amach aige. Thiar sa Mhainsistir atá an Ghaolainn Bhreá is teideal don staidéar ar Uíbh Ráthach a scríobh Bríd Ní Mhóráin agus tá an tríú cnuasach filíochta uaithi díreach tagtha ó CIC, Síolta an Iomais. Tá ceiliúradh á dhéanamh ar fud an domhain ar Bhrecht i mbliana agus ní taise d’IMRAM é. Cuirfear an dúspéis sa leabhar Chucu siúd a rugadh ina dhiaidh, dánta Bhrecht tiontaithe go Gaeilge ag Aindrias Ó Cathasaigh.

8.00 pm, Sugar Club, 8 Sráid Líosan Íochtarach/8 Lower Leeson Street


Máimín Cajun Band

Léamh/Reading: Liam Ó Muirthile, Colm Breathnach, Colette Nic Aodha

Cead isteach/Admission 10 euro


Seo linn go Louisiana thiar theas leis an* Máimín Cajun Band.* Conamara agus Meiriceá, Conameiriceánachas is dócha. Oíche go maidin!

The seven-piece Máimín Cajun Band takes you on a musical journey through south west Louisiana - delivering infectious Cajun two steps and waltzes that compel you to dance. Lead vocalist Sean Monahan sings his original songs and Connemara songs through Irish. An experience not to be missed!

Poet, novelist, children’s author, dramatist, the prolific Liam Ó Muirthile has just published Sister Elizabeth ag eitilt and Ar an bPeann. Praised for the intimate and lyrical tone of his work, Colm Breathnach won the 1999 IACI/Butler Award for Poetry; his books include Croí agus Carraig and the just published Chiaroscuro. Colette Nic Aodha’s latest bilingual collection is Between Curses/Bainne Géar.

Beirt Chorcaíoch a bhfuil aithne ag an saol Fódlach orthu iad Colm Breathnach agus Liam Ó Muirthile. Wouldn’t doubt ya, boy! Beidh Colette Nic Aodha i láthair freisin, chun smacht a choimeád orthu. Filíocht a chuirfidh ola ar do chroí.

Déardaoin, 12 Deireadh Fómhair/Thursday, 12 October


1.00pm, Anthology Books, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill/ Meeting House Sq., Temple Bar

Saorchead isteach/ Admission free


Díospóireacht/Debate

AN 10 LEABHAR GAEILGE IS FEARR: AN RAIBH AN CEART AG FOINSE?

‘The ten best books in Irish - was Foinse right?’


Smaoineamh maith ab ea é liosta de na deich leabhar Gaeilge is fearr a fhoilsiú ar FOINSE. Beidh díospóireacht mhór ina thaobh. Cloisfear ó Bob Welch (Eagarthóir Oxford Companion to Irish Literature), ó Liam Mac Cóil, ó Thomás Mac Síomóin, ó Anna Heussaff - agus cloisfear uaitse chomh maith, má bhíonn tú i láthair.

A provocative debate on Foinse newspaper’s recently published list of the’ten best books in Irish’, with Chairperson Bob Welch, Liam Mac Cóil, Tomás Mac Siomóin and Anna Heussaff.

6.00 pm, Goethe- Institut Inter Nationes, 37 Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2/37 Merrion Square

Trilingual reading and launch of Hilde Domin book with Gabriel Rosenstock and Hans-Christian Oeser.

Seoladh leabhair - Crann Almóinní Milis agus Searbh, rogha dánta le Hilde Domin, mórfhile a cailleadh i mbliana, á chur i láthair ag na haistritheoirí Gabriel Rosenstock agus Hans Christian-Oeser

Léamh trítheangach agus fáiltiú fial ina dhiaidh in áras an Goethe-Institut Inter Nationes.

‘I should like to be riven by the things I see’, wrote Hilde Domin (who died earlier this year),’as though riven by lightning’. Her work explores life, love, language and the quest to define the Self.

‘Is mar fhile grá a fhéachaimse ar Hilde Domin, grá don domhan, grá don bheatha, grá don teanga, grá don aistear i dtreo an Fhéin.’

Gabriel Rosenstock

7.00 pm, Seomra D115/Room d115, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, BÁC 9/ St. Patrick’s College, Drumcondra


Léacht iarnóna (sa Bhéarla) ón Ollamh Bob Welch ar an gCadhnach agus Beckett

(IMRAM i gcomhar le Coláiste Phádraig, Droim Conrach)

Lecture (in English) by Professor Bob Welch (IMRAM in association with the English and Irish Departments of St. Patrick’s College)

"Samuel Beckett and Máirtín Ó Cadhain:The Vehemence of the Dead"

Tar éis na léachta, nochtfar portráid nuadhéanta de Mháirtín Ó Cadhain, coimisiúnaithe ag Coláiste Phádraig, Droim Conrach, leis an ealaíontóir Caoimhghin Ó Croidheáin.

A newly commissioned portrait of Máirtín Ó Cadhain will be unveiled immediately after the lecture.

8.30 pm, Amharclann an Choláiste, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, BÁC 9/ St. Patrick’s College, Drumcondra

Léiriú tráthnóna ar An Eochair leis an gCadhnach.

Evening performance of Máirtín Ó Cadhain’s An Eochair

Cead isteach/Admission 10 euro

(mic léinn/students 5 euro)


Bunaithe ar an ngearrscéal le Máirtín Ó Cadhain, insíonn An Eochair scéal ’J’- státseirbhíseach atá faoi chois - dúinn. Dráma greannmhar is ea é seo a thugann léargas dúinn ar an saol taobh istigh de bhallaí na státseirbhíse. Is é 2006 bliain chomórtha bhreith an Chadhnaigh agus tá an dráma seo á léiriú mar chuid den chomóradh sin.

An Eochair (The Key) tells the story of ‘J’ - an poor, oppressed civil servant - revealing a quirky, comic, vision of life in the civil service.

A special performance by Aisteoirí Bulfin in association with IMRAM.

Dé hAoine, 13 Deireadh Fómhair/ Friday, 13 October

1.00 pm, Anthology Books, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill/ Meeting House Sq., Temple Bar


Léamh/Reading

Rita Kelly & Gréagóir Ó Dúill

Saorchead isteach/Admission free


Rita Kelly is the author of the bilingual collections Farewell/Beir beannacht and Travelling West - she is hailed by Máire Mhac an tSaoi as’a love poet of great lyric power and beauty’. Poet and short-story writer Gréagóir Ó Dúill *is noted for the questioning drive of his work, and his many books include *Mar Atá and Blaoscoileán**.

Beirt fhilí iad Kelly agus Ó Dúill a bheadh molta dá mbeimis inár dtost agus is criticeoirí sárchumasacha iad freisin, sa dá theanga. Ná bac gur Aoine an tríú lá déag é – bí ann, más i mBarra an Teampaill féin é!

7.00 pm, Anthology Books Cearnóg, Theach an Tionóil, Barra an Teampaill/ Meeting House Sq., Temple Bar


Léamh/Reading

Liam Mac Cóil & Seán Ó Dúrois

Saorchead isteach/Admission free


Scríbhneoir agus criticeoir is ea Liam Mac Cóil. Tá leabhair iomráiteacha, ailt, agus aistí scríofa aige faoi chúrsaí litríochta, staire, ceoil agus ealaíon.

Liam MacCóil is the author of the bestselling novel An Dochtúir Áthas and the literary diary Nótaí ón Lár. His latest book is the historical novel Fontenoy, telling the story of a young man’s life in the Irish Brigade of the French army in 1745.

Is múinteoir é Seán Ó Dúrois i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh, Béal Feirste, agus é ag teagasc ó 1995. Tá sealanna thar sáile caite agige sa Spáinn agus sa tSeapáin – agus de thoradh an tseala sa tSeapáin, rinne sé aistriúchán ar scéalta Akutagawa Ryuunosuke. Coiscéim a d’fhoilsigh an cnuasach sin, Rashoomon, i 1995.

Seán Ó Dúrois *is the author of the historical crime novels *Crann Smola and Rí na gCearrbhach. **– set in 1860s Belfast, they fuse politics, history and gripping storytelling as the reader follows the exploits of Detective Eugene Watters.

9.00 pm, Boom Boom Room, Conway’s Bar, 70 Sráid Pharnell/ 70 Parnell Street


The Gaelic Jazz Project/ An Tionscadal Snagcheoil Gaelach

(le Louis de Paor, Gearóid Mac Lochlainn agus Dairena Ní Chinnéide)

Cead isteach/Admission 10 euro


Oíche Snagcheoil a chuirfidh snag orainn go léir! Scata de na hoirfidigh is breátha sa tír a bhfuil a gcáil á leathnú ón Sciobairín go Sydney. Éagsúlacht mhór guthanna agus uirlisí, manglam do na céadfaithe go léir.

Bígí ann in am mar beifear ag crochadh as na fraitheacha!

A unique gig that promises to electrify the IMRAM festival. Seán Óg (saxophone, flute, clarinet, chord drone) is a leading composer in the vanguard of improvised and contemporary music; he will be joined by Cormac O’Brien (bass/trombone) and Kevin Brady (percussion/drums) Together with three of the most radical and innovative voices in modern Irish literature - Louis de Paor, Gearóid Mac Lochlainn and Dairena Ní Chinnéide - they will create a spellbinding fusion of hip-hop, jazz, blues, traditional music, poetry and pure sound.

The gig will also feature a special screen projection of text from Daithí Ó Muirí’s Ceolta, created by graphic artist and calligrapher Mary Schoales.

IMRAM would especially like to thank Sheila Pratschke and the Tyrone Guthrie Centre for kindly providing rehearsal space for this project – and Kenneth Killeen of the Improvised Music Company for his invaluable advice.

Sathairn, 14 Deireadh Fómhair / Saturday, 14 October


9.00 pm, Boom Boom Room, Conway’s Bar, 70 Sráid Pharnell/ 70 Parnell Street

* *The Gaelic Hit Factory (Louis de Paor & John Spillane)

Songs from An Leabhar Mór *with * Pádraigín Ní Uallacháin, Laoise Kelly & Christine Primrose**

Cead isteach/ Admission 10 euro


Is é atá sa Gaelic Hit Factory an file sionnachúil Louis de Paor, John Spillane, amhránaí agus cumadóir amhrán.Tugadh moladh thar na bearta don leabhar is déanaí ó Louis, Ag Greadadh Bas sa Reilig/Clapping in the Cemetery. Bhain an t-albam is déanaí ó John, Hey Dreamer, uimhir a ceathair amach sna cairteacha agus sa catagóir Folk bronnadh duais air ag an Meteor Ireland Music Awards.

The Gaelic Hit Factory combines the talents of ‘foxy poet’ Louis de Paor and singer-songwriter John Spillane. Louis’s selected poems Ag Greadadh Bas Sa Reilig/Clapping in the Cemetery has just been published to rave reviews. John’s latest album Hey Dreamer went straight to number 4 on its release; and this year he won the Folk category of the Meteor Ireland Music Awards.

John Spillane: ‘Beautiful hooks and melodies fly out of his guitar as if sent from the back of beyond in deepest Cork’ – Hot Press

Amhránaí sárbhinn í Pádraigín Ní Uallacháin. Sheasfá sa sneachta ag éisteacht léi.

Pádraigín Ní Uallacháin is the author of the acclaimed A Hidden Ulster: people, songs and traditions of Oriel . Her most recent album Áilleacht /Beauty is hailed as a ‘wonderfully textured recording and a substantial and deeply satisfying piece of work’ (Journal of Music in Ireland). She has won many Oireachtas awards and has set works by Nuala Ni Dhomhnaill, Biddy Jenkinson, Ciaran Carson and Cathal Ó Searcaigh to music.Harpist *Laoise Kelly *will accompany Pádraigíntonight.

Ceallach an Cheoil: As Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, do Laoise Kelly. Cláirseoir mór le rá í agus taifeadtaí déanta aici le Sinéad O’ Connor, Mary Black, The Chieftains agus Kate Bush.

As Inse Ghall don Ghael uasal Christine Primrose agus dúchas na hamhránaíochta faighte mar bhainne cíche aici. Is iomaí duais atá buaite ag Christine ag Mod na hAlban agus ag an bhFéile Phan-Cheilteach agus bíonn an-tóir ar a máistir-ranganna san amhránaíocht. Ceannródaí is ea í a bhfuil an domhan siúlta aici.

Christine Primrose, from the Isle of Lewis in the Outer Hebrides, has been singing traditional Gaelic song all her life. Christine has won many prizes at the Mod and the Pan Celtic festivals. Her albums include Àite mo Ghaoil/Place of my Heart and Gun Sireadh, Gun Iarraidh/ Without Seeking, Without Asking.

CLABHSÚR AR IMRAM 2006/ THE BEGINNING OF THE END

Dé Domhnaigh, 15 Deireadh Fómhair/ Sunday, 15 October

ÉIGSE AN MHIC OSCAILTE


2.30 pm, Boom Boom Room, Conway’s Bar, 70 Sráid Parnell/ 70 Parnell Street

Music and song from Tony Mac Mahon, Steve Cooney and Lorcán Mac Mathúna & Open Mike Poetry


Cead isteach/Admission 5 euro


Cuirfidh Tony Mac Mahon , Steve Cooney agus Lorcán Mac Mathúna clabhsúr ar IMRAM 2006 agus buailfidh aíonna spesialta isteach ó ghort na héigse. Ósclófar an micreafón chun deis a thabhairt don phobal a rogha dánta i nGaeilge nó i mBéarla a reic, a saothar féin nó saothar daoine eile. Bí ag cleachtadh anois agus má tá fonn ort páirt a ghlacadh in Éigse an Mhic Oscailte, téigh i dteagmháil roimh ré, le do thoil, le Liam Carson: liamog62@eircom.net

IMRAM ends in style with a session from two of our greatest traditional musicians - Tony Mac Mahon (accordeon) and Steve Cooney (guitar) - and singer Lorcán Mac Mathúna, interspersed with poetry from special guests. All are welcome to contribute their own poems (in Irish or in English) - or to read a favourite poem in Irish - in an Open Mic scenario. Those wishing to participate should e-mail Liam Carson in advance at liamog62@eircom.net.

Beidh leabhair ar díol ag formhór na n-ócáidí. Ceannaigh leabhar nó dhó! Agus ceannaigh pionta d’fhile!

The festival bookseller - Anthology Books - will have books on sale at most IMRAM events. Buy a book or two – and buy a poet a pint!

Tuilleadh eolais/Further information:

Liam Carson, ríomhphost/email: liamog62@eircom.net Fón/phone 01-8329594 nó 087-2912797

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.