157
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Chas Robert McMillen le Conor O’Clery, ón Irish Times, agus labhair sé leis faoina dhírbheathaisnéis atá foilsithe ag Poolbeg. Chuaigh Conor siar ar bhóithrín na smaointe, ar a chuid oibre thar lear sa tSín, sa Rúis, sna Stáit Aontaithe agus i mórán áiteanna eile nach iad. Tá léamh sainiúil aige ar chuid dá bhfuil ag titim amach sa domhan mhór thart orainn ar na mallaibh
»»»Féachann Tom Deignan siar ar dhá chonspóid a bhí go mór sa nuacht i Nua-Eabhrac le linn na Féile Pádraig i mbliana.
»»»Chuaigh Edwina Nig Eochaidhean faoi pholl cnaipe de bheith ina Rós Thrá Lí anuraidh agus tá na céadta den dream an-óg meallta léi i mbun damhsa ar an sean-nós ar fud an iarthuaiscirt. Chuaigh Seosamh Mac Muirí ar céilí chuici i Lea’s Tea Room.
»»»Is minic daoine ag gearán faoi dhul an Bhéarla a bheith ar an nGaeilge a labhraítear na laethanta seo ach tá go leor daoine buartha faoi thionchar na teanga sin ar an nGearmáinis chomh maith, Christoph Wendler ina measc.
»»»D’fhoghlaim Robert McMillen téarma nua, ‘afáise iomlán’. Cibe is siocair leis, tá roinnt daoine ar an fhóidín mheara ó thuaidh nó ní fheiceann siad an bóthar rompu go saol na síochána
»»»Spreag TD agus Aire Luimnigh Balor ar a ‘chliathaibh fís’ agus ghair sé na deamhain chumadóireachta chuige féin. Tá toradh amhráin na Súile Nimhe san alt seo.
»»»Bhí aithne ag Antaine Ó Faracháin le fada ar an amhránaí Frank Harte as Séipéal Iosóid i mBaile Átha Cliath a fuair bás ag deireadh na míosa seo caite.
»»»Tá an Rialtas i ndiaidh forbairt turasóireachta a sheachaint nuair a bheartaigh siad Slí an Atlantaigh Fhiáin, dar le Tony Birtill. A mhalairt de chur chuige atá le feiceáil sa Bhreatain Bhig agus i Sasana.
»»»Sa tsraith seo, déanfaidh daoine atá i mbéal an phobail cur síos ar an áit nó ar na háiteanna is fearr liom in Éirinn nó thar lear. An mhí seo: Deirbhile Ní Churraighín, Oifigeach Ceannacháin TG4.
»»»Tá leideanna comhairle ag Roseanne Smith duit más ag plé leis an bpobal a bhíonn tú. Dála an scéil, ar mhaith leat do shiopa féin a chruthú ar Facebook? B’fhéidir gur seo é an tús a raibh tú ag fanacht leis.
»»»Tá farasbarr de scoth na ngalfairí ag éirí aníos in Éirinn le blianta beaga anuas. Tá Colm Mac Séalaigh ag iarraidh adhmad a dhéanamh de nó cá raibh a leithéid go léir roimhe seo?
»»»Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh seanleabhar tábhachtach le Seán de Fréine, agus á mheas le hais roinnt a foilsíodh le leathchéad bliain anuas. Leathbhádóir The Great Silence, is fiú súil a chaitheamh i dtólamh ar an leabhar Saoirse gan Só.
»»»Tá fás as cuimse tagtha ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann ó bhunaigh Nicholas Carolan agus Harry Bradshaw é trí bliana déag ó shin. Thug Robert McMillen cuairt ar fhoirgneamh úr an Taisce i lár chathair Bhaile Átha Cliath le gairid agus labhair sé le Carolan faoin obair thábhachtach atá ar bun aige féin agus a fhoireann.
»»»Tá Brian Ó Broin den tuairim gur ré chorraíola agus achrainn atá I ndán do shaol na polaitíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
»»»Tugann leabhar nua dar teideal [i]GAA Provincial Council of Britain: A History[/i] le Tommy Walsh léargas ar stair Chumann Lúthchleas Gael sa Bhreatain. Agus stair fhada, shuimiúil atá inti, dar le Tony Birtill.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.