CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Leideanna Gnó
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

leideanna comhairle ag Roseanne Smith duit más ag plé leis an bpobal a bhíonn tú. Dála an scéil, ar mhaith leat do shiopa féin a chruthú ar Facebook? B’fhéidir gur seo é an tús a raibh tú ag fanacht leis.

Íomhá
Cruthaigh do shiopa féin ar Facebook
Íomhá
Siopa geansaí
Íomhá
Siopa
le Averain, Justin Ennis, ar Flickr.com

An mhí seo caite roinn mé carn mhór suíomhanna leat agus mé ag súil go gcabhródh siad le do chuid siopadóireacht Nollag. Don chuid is mó, is gnólachtaí ar líne iad na gnónna a luaigh mé, sin, nó gnólachtaí le béim mhór ar sheirbhís ar líne.

B’fhéidir gur siopadóir thú féin agus go bhfuil tú ag cuimhneamh duit féin, conas is féidir leat gabháil in iomaíocht leis na brandaí móra idirnáisiúnta. Ach b’fhéidir nach bhfuil cianóg rua le sparáil agat. Ná bíodh buaireamh ar bith ort. Tá nod nó dhó anseo agam duit.

Bhí mé ag breathnú ar an gclár Turn Back Time: The High Street le deanaí agus luaigh siad gur dhein daoine thart fá 20% dá gcuid siopadóireachta in ollmhargaí sna seachtóidí ach go ndéantar níos mó ná 90% den tsiopadóireacht iomlán anois i leithéidí Tesco is Asda srl. Is athrú sóisialta ollmhór an méid sin. Bhíodh daoine ag ceannach sna siopaí áitiúla roimhe seo, ag an mbúistéir, an báiir, ag an siopa cúinne agus mar sin de. Níl an bhéim chéanna ar na siopaí áitiúla i ngeall ar athruithe sóisialta faoi láthair. Cloistear gach leithscéal, “Níl an t-am ag daoine”, “Tá sé níos áisiúla leis an gcarr”, “Tá branda ar leith uaim”, “Maireann bia níos faide, ní gá dom bia úr a cheannach chuile lá”, “Tá neart sa reoiteoir” agus neart fáthanna eile. Ach tá gléas airm nua ag an siopadóir beag nó an siopadóir speisialta agus tá cumhacht mhór ag an ngléas airm ar na saolta seo: táirgí uathúla agus an tseirbhís phearsanta.

Conas is féidir le teicneolaíocht teacht i gcabhair leat is tú ag cur na ndifríochtaí seo i bhfeidhm ar do chustaiméirí, fíora agus féideartha? Seo seacht nod don siopadóir, nó na rudaí a dhéanfainn féin dá n-osclóinn féin siopa amárach.

Seacht gCinn de Leideanna

  • Bí ar an eolas: Ar an gcéad dul síos, tá sé i bhfad níos éasca fios do ghnó a bheith agat idir eolas a bhailiú faoi cad a dhéanann búistéirí i dtíortha eile leis na meáin sóisialta, nó leabhar a ordú a mhíníonn cúrsaí cuntais duit go beacht. Bun agus barr an scéil ná gur thusa an saineolaí ar do ghnó féin agus, dar le do chustaiméirí, is tusa an saineolaí ar chúrsaí búistéireachta nó cibé gnó atá ar bun agat.

  • Cuir aithne ar do chuid custaiméirí: déan an taighde, go fiú ceann ar pháipéar ach tabhair rogha dóibh é a dhéanamh ar líne. Is comhlacht Éireannach é http://www.polldaddy.com agus ceann de na comhlachtaí suirbhé is fearr ar líne. Cuir duais ar fáil as do chuid táirgí féin nó tabhair lascaineéarlais do gach aon duine a comhlíonann an suirbhé. Tabharfaidh sé sin daoine ar ais chuig an siopa arís. Bí cinnte go mbailíonn tú seoltaí r-phoist agus cead cumarsáide ó gach éinne a líonann isteach an suirbhé.

  • Bí ar fáil dod’ chustaiméirí: táim beagnach cinnte go bhfuil do chustaiméirí ag úsáid Twitter, Facebook, YouTube, r-phost (n’fheadar an bhfuil siad? Bíodh an cheist sin sa suirbhé thuas.) Má tá do chustaiméirí ann ba chóir duitse a bheith ann leo fosta. Tá neart áiseanna ar líne chun nodanna agus spreagadh a thabhairt duit. Is fiú tús a chur le do thaighde ag http://business.twitter.com/ nó ag http://www.facebook.com/advertising . B’fhéidir go mbraitheann tú go bhfuil tú ag déanamh athrá is athrá arís ar an méad atá le rá agat faoi do ghnó, ach níl gach duine ar líne ar an ngréasán céanna ag an am céanna agus is minic go mbeadh siad buíoch as an meabhrúchán fút agus faoi do chuid seirbhísí, táirgí agus faoi thairiscintí speisialta. Sin moladh amháin a thug Michael Kane as an gcomhlacht Curious Wines le linn a chur a i láthair ag comhdháil le déanaí: “Abair é is abair arís agus arís eile é.”

  • Bí id’ fhoghlaí: Sin an moladh a thugann stiúrthóir an chomhlachta Toddle.com. Ní hé go bhfuil sé ag rá gur chóir obair daoine eile a ghoid ach breathnaigh ar a leithéid Amazon nó Tesco agus conas agus céard atá siad ag tairiscint ar líne. Smaoinigh freisin ar an mbealach ar éirigh le Raleigh Shasana an bua a fháil ar Armáid na Spáinne: bhí a loingeas beag agus aclaí. Má tá athrú le déanamh i Tesco, caithfidh siadsan aontú a fháil ó gach roinn ó bhun go barr na heagraíochta. Glacaim leis nach bhfuil an córas leath chomh casta i do chomhlacht féin!

  • Faigh réidh leis na leithscéalta dóibh: Breathnaigh ar an liosta fáthanna: conas gur féidir leatsa cabhrú le do chustaiméirí na bacanna sin a shárú?

  • (a)“Níl an t-am ag daoine” - cabhraigh leo am a aimsiú: cuir oideas chucu nó sceideal béiltí don tseachtain nó roghnaigh culaith éadaí bunaithe ar eolas a bhailigh tú ón suirbhé. Cuir ceist sa suirbhé a chabhróidh leat buíonta custaiméirí a chruthú. “An gá duit culaith a chaitheamh san oifig?”, fágaim, nó “An bhfuil fonn ort bia sláintiúil/ Indiach/ sciobtha a ullmhú?” srl.

  • (b)“Tá sé níos áisiúla leis an gcarr”: cuir seastán rothair os comhair an tsiopa agus cuir scáthanna fearthainne ar fáil dóibh siúd atá ag siúl chuig carr nó cabhraigh leo a gcuid earraí a iompar a fhad leis an gcarr agus bí cinnte go gcuireann tú eolas chucu faoi na háiteanna is fearr agus is saoire le páirceáil sa cheantar: cruthaigh mapa ar Googlemaps le sonraí taistil iomlána air agus clóigh amach léarscáil bhrandáilte agus coinnigh ar an gcabhantair iad.

  • (c)“Tá branda ar leith uaim”: cuir blaisíní ar fáil dóibh ar laethanta áirithe nó lig dóibh “turas trialach” a dhéanamh. Déan físeán díot féin nó de chustaiméir ag baint feidhme as do tháirge agus taispeáin dóibh cé chomh maith is atá sé. De réir úinéir WorldWideCycles a rinne físeán de féin ag glanadh a rothair chun taispeáint do dhaoine conas é a dhéanamh, díol sé dhá oiread an táirge glanta an tseachtain sin cé nárbh shin é an fáth gur chruthaigh sé an físeán.

  • (d)“Maireann bia níos faide, ní gá dom bia úr a cheannach chuile lá”, “Tá neart sa reoiteoir” Bí cinnte go bhfuil a fhios ag do chustaiméirí go bhfuil ar a laghad smaointí úra le fáil sa siopa gach lá, bídís ina smaointí faoi conas béile ar leith a chur le chéile, nó an treocht is déanaí a chaitheamh, nó achoimre den phlé ar líne faoi tháirge nua atá ar fáil. Tabhair fáthanna dóibh teacht ar ais. Tabhair duais iontach do mhéara Foursquare do shiopa. Scríobh mé faoi Foursquare anuraidh.

  • Bain triail as siopa: is féidir siopa a chur ar fáil trí eBay, Paypal nó comhlacht nua an-spéisiúil http://www.owjo.com a ligeann duit siopa a chruthú ar Facebook díreach os comhair do chustaiméirí (Ar ndóigh tá a fhios agat ó do shuirbhé go mbíonn siad istigh ar Facebook!)

  • Tabhair bronntanas anois is arís! Ná bac le comórtas díreach tabhar rud sa bhreis anois is arís gan fáth ar leith.

Bí oscailte agus réidh chun triail a bhaint as gach uirlis nua a thagann i do threo. Go raibh 2011 faoi mhaise agat!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.