AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Spreag TD agus Aire Luimnigh Balor ar a ‘chliathaibh fís’ agus ghair sé na deamhain chumadóireachta chuige féin. Tá toradh amhráin na Súile Nimhe san alt seo.

Íomhá
Drúthlann Chúige Laighean (gona comhartha boid cuí)
Íomhá
Tacsaí ag fanacht le Willie
Íomhá
Coimhéad thú féin! Ó Daoi!

Beidh Balor i gcónaí buíoch de Chrom Dubh agus de fhíordhéithe fáthrúnda fáistineacha eile na hÉireann nach raibh luí aige riamh le Fianna Fáil ná leis na Glasraí; le Fine Gael ná leis na Stickies; le Sinn Féin ná leis na Mé Féiners. Gach uile oíche, sula dtiteann sé i dtoirchim suain, gabhann Balor buíochas leis na déithe diamhra go bhfuil sé fós ina mhaighdean, ó thaobh na polaitíochta de.

Tá polaiteoirí Theach Laighean ag titim dá gcuid suíochán costasach compordach mar a bheadh duilleoga sa ghaoth Mhárta – cuid acu ag titim gan éirí, agus cuid eile ag titim le teann gáire fúthu siúd nach n-éireoidh arís. Is iomaí uair a thit An Gunnadóir O Dea – Willie Ó Daighdeal Dum Diddle O Dea, as Contae Luimnigh – agus is iomaí uair a d’éirigh sé arís; ach ní dócha go ndéanfaidh sé aiséirí arís an babhta seo. Tá sé imithe; tá Willie bocht imithe. Tá sé deacair a chreidbheáil, ach tá an Crá Croí Croiméalach ar shiúl ón Rialtas. Nach maith an rud é go bhfuil Questions & Answers thart, nó cé a dtiocfadh leo áit Willie Cointinneach Ciapálach a ghlacadh le dúshlán John Bowman, agus dúshlán an lucht éisteachta a thabhairt? Cé eile a dtiocfadh leo olc a chur ar leath na tíre agus lúcháir a chur ar an leath eile le habairt bheag bhídeach ainbhiosach aineolach amháin?

Seanchara dílis do Bhalor ab ea Willie, agus cuireann sé isteach go mór ar Laoch na Litríochta go bhfuil greann gáirsiúil á scaipeadh thart ar na gutháin phóca agus eile faoina sheanchomrádaí. Léigh Balor téacs ar na mallaibh nach raibh sé sásta leis, beag ná mór: téacs a mhaígh gur léir do dhaoine áirithe i gcónaí riamh nach raibh magairlí ag Biffo, ach anois go raibh sé fágtha gan Willie ach oiread. Níl a leithéid deas, ná ceart, ná cóir, ná fíor. Beidh Willie i gcónaí ag Biffo, fiú má bhíonn sé taobh thiar seachas chun tosaigh. Beidh sé i gcónaí ann chun Biffo a choinneáil ar bhóthar a leasa agus é ag cúlú ó gach gealltanas gealtach a thug sé féin ná a Rialtas riamh.

Nuair a bhí sé ag imeacht, rinne Willie gach iarracht cúpla aire eile a thabhairt leis. Ní raibh ann, i ndáiríre, ach iarracht chun cothrom na Féinne a fháil do na hairí sin, le go bhfaighidís pacáiste maith scoir, mar a fuair sé féin; agus go mbeadh comhluadar aige ar na binsí cúil, áit a mbíonn sé fuar in amanna.

Tá Willie an-mhór leis na tiománaithe tacsaí i Luimneach, fiú más é an t-aon rud mór atá ag baint leis (cé is moite dá chroiméal) (agus sciar na vótaí a fhaigheann sé gach uair a bhíonn toghchán ann) (agus méid a uirísle). Ach fiú le lucht a adhartha, bíonn Willie ag troid. Bíonn na tiománaithe tacsaí ag iarraidh é a thabhairt thart ina gcuid tacsaithe saor in aisce; ach bíonn Willie ag iarraidh siúl gach aon áit, le nach gcaillfidh sé deis lámh a chroitheadh le lucht vótála Luimnigh.

Níor Chaill a Intinn Dearmaid ar Fad

Is cúis mhór bhuartha é do Bhalor go bhfuil Teachta Dála chomh léannta sin, chomh cliste sin, chomh huasal sin, chomh híseal sin, agus chomh humhal sin, caite anois i dtraipisí cionn is gur chaith sé anuas ar a chéile iomaíochta i mbealach a bhí chomh dearmadach sin. Agus, a léitheoirí dílse, tá Willie an-dearmadach. Ag Dia atá a fhios na rudaí ar fad atá dearmadta ag Willie bocht le roinnt blianta anuas, a chuid Gaeilge ina measc. Is iontach ar fad an méid rudaí a dúirt sé le daoine eile nach bhfuil cuimhne dá laghad aige anois orthu; ach, tá cuid bheag dá inchinn mhór atá fós i mbarr a sláinte, nó ní dhéanann sé dearmad riamh ar rudaí a deir daoine eile leis... nó faoi.

Beidh cuimhne ag daoine ar an lá ar dhírigh Willie Beag gunna ar lucht na meán cumarsáide. Ní le teann mailíse ná mioscaise a rinne sé é sin, dar ndóigh, mar a mhínigh sé do Bhalor ina dhiaidh sin. “Ní raibh ann,” a dúirt sé, “ach rud beag spraíúil, geáitse beag greannmhar, nó dá mbeinn ag iarraidh eagla a chur orthu i ndáiríre, ní gunna a dhíreoinn orthu, ach an rud is dual d’fhear as Luimneach: an páipéar vótála. Shíl tú go raibh mé chun scian a rá ansin, a Bhaloir, ach tá mé i bhfad róchliste chun a leithéid a chur ar taifead, fiú do léitheoirí dúra dallintinneacha Beo Ar Éigean!”

Ach tá dea-scéala agam daoibh, a léitheoirí dílse: sular imigh An Gunnadóir O Dea, d’fhág sé amhrán beag deas le huacht againn, mar fheartlaoi le nach ligfear Laoch Luimnigh i ndearmad – cibé rud eile a ndéanfar dearmad air. Is é Willie dum daighdeal dum diddle O Dea teideal an duain bhig aoibhinn seo, agus iad siúd a bhfuil guth fóirsteanach acu fána choinne, thig leo é a cheol ar an phort céanna le The Cod Liver Oil:

Willie dum daighdeal dum diddle O Dea;Is é lóchrann na dílse i gCathair Luimnigh.Is maith leis an spórt is an chraic is an spraoiAch is fearr go mór leis Willie diddle O Dea.

Willie dum daighdeal dum diddle O Dea;Bhí Dáil Éireann an-leamh agus tite i lagbhríAch ansin tháinig fear agus mhúscail sé í;Ba é Willie dum daighdeal dum diddle O Dea.

Willie dum daighdeal dum diddle O Dea;Tá Willie ar steroids – níl dabht ar bith faoiLe bheith ag troid le fear mór is á ionsaí le bríFér plé duit, a Willie dum diddle O Dea.

Willie dum daighdeal dum diddle O Dea;Tá muintir Dháil Éireann an-tugtha don spraoi,Ach is bacaigh iad uilig ’n diaidh dhá oíche nó tríLe hais Willie dum daighdeal dum diddle O Dea.

Willie dum daighdeal dum diddle O Dea;Níl aon duine níos oilte ná é insa dlíAch déanann sé dearmad anois is arísGo bhfuil níos mó sa saol seo ná Diddle O Dea.

Willie dum daighdeal dum diddle O Dea;Bhí plean Willie don Dáil riamh ana-shimplí:Vótáil is vótáil de lá agus d’oích’Do Willie dum daighdeal dum diddle O Dea.

Willie dum daighdeal dum diddle O Dea;Tá an t-amhrán beag deas seo in éadan an dlí.Chun Balor a chosaint beidh dlíodóir de dhíth –Bhur mbarúil faoi eejit sin Willie O Dea?

Naisc: An chaint sin nár cuimhníodh http://www.youtube.com/watch?v=c4-byZ8FqJchttp://www.youtube.com/watch?v=pHXArDa9u6Y&feature=related

http://www.youtube.com/watch?v=-QQdqCsDwoE&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=3kswJuKfYtI&feature=related http://www.youtube.com/watch?v=9rKDasN_YQ4&feature=related

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.