1832
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Cé gur drongadóir a bhí ina athair, tá Joe McBratney an-bhródúil as, mar a mhínigh sé do Tom Deignan.
»»»Bhuail Robert McMillen le Róisín Ní Eadhra, an láithreoir teilifíse a bhfuil sraith úr darb ainm ‘Róisín’ tosaithe aici ar TG4 an mhí seo caite.
»»»Bhuail Alan Desmond le Miss Cork 2009, an mainicín Étaoin Ní Ailpín, bean óg den mhuintir chéanna a bhfuil a n-ainm in airde ar dhá thaobh na cruinne cheana féin ó thaobh cúrsaí caide de gach cineál agus ó thaobh na hiomána de. Cá bhfios nach mar dheartháireacha d’Étaoin Ní Ailpín a bheidh aithne amach anseo ar Sheán Óg, Setanta, Aisake Faga ar Theu Ó hAilpín.
»»»“Ní féidir stad a chur le fás na Gaelscolaíochta má bhíonn an t-éileamh ann – is féidir an fás sin a mhoilliú, ach ní féidir stad a chur leis. … caithfear a aithint gur tháinig cuid mhór de sin ón phobal féin gan tacaíocht stáit. Ní raibh deontas ar bith, cuirim i gcás, ar Chumann Chluain Ard, agus tógadh Gaeltacht Bhóthar Seoighe gan deontas de chineál ar bith. Níl deontas de dhíth le mogalra teanga a fhorbairt, níl de dhíth ach daoine a theacht le chéile. Níl deontas de dhíth le teaghlach a thógáil le Gaeilge, agus sin an áit is mó a bhfuil dul chun cinn le déanamh go fóill – cur le líon na dteaghlach Gaeilge. Caithfidh muid oibriú níos cliste agus níos straitéisí; ní deontais ach toil phobail a thógfas pobail úra Gaeilge, ….”
»»»D’éirigh foilsitheoirí an-éisealach le blianta anuas sa bhiaiste leabhar a chlóbhuailfidís, agus tá Gabriel Rosenstock den tuairim mar gheall ar an athrú iompair sin gur ‘gaire cabhair an fhéinfhoilsithe ná an doras’.
»»»Bhí daoine saonta go leor go dtí le gairid. Bhí Roseanne Smith ag caitheamh súile ar ionradh an stáit agus comhlachtaí príobháideacha ar réimsí saoil an duine tríd an nuatheicneolaíocht.
»»»Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh breith Ard-Chúirte inar dhiúltaigh an binse d’áiteamh Marie Fleming, a bhfuil an t-ilscléaróis ag dul di le blianta, ligean di éalú ó fhulaingt ghleann goirt na ndeor.
»»»Chuir Mícheál Ó hAodha suim i leabhar, Pauper Limerick, a léirigh scéal daoine nach bhfaca mórán sa saol ach cruatain agus drochíde.
»»»Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar an séasúr iománaíochta atá díreach críochnaithe.
»»»Is ait an mac an pholaitíocht; Martin McGuinness le labhairt ag Comhdháil na gCoimeádach? An DUP, na Tóraithe móide LibDem agus Sinn Féin, b’fhéidir, a deir Robert McMillen, gurb shin an meascán a bhéarfas an chaoinfhulaingt agus an fhíorpholaitíocht chun tosaigh.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.