AGALLAMH BEO
Rossa Ó Snodaigh
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Chas Seosamh Mac Muirí le duine de cheoltóirí Kíla, Rossa Ó Snodaigh, i Liatroim agus cheistigh é faoina chur chuige fuinniúil i gcúrsaí Gaeilge. Tá sé ag ceapadh faoi láthair gur mithid do shaol na Gaeilge tabhairt faoi ghné an-tábhacht eile, saol an airgeadais, trí chomhar creidmheasa a bhunú do mhuintir na Gaeilge.

Íomhá
Crochta leis an gceol
Íomhá
Cliúsaíocht
Íomhá
Sorcha Fox agus Dónall Ó Ceallaigh in Ionad na nGleannta
Íomhá
Seanchrann iúir
Íomhá
Roinnt leabhar le roinnt ar dhaoine
Íomhá
Cinntiú roimh imeacht
Íomhá
Suaimhneas an tsaoil

SMM: Tá fíorchaoin fáilte romhat go Beo.ie a Rossa.

RÓS: Go raibh maith agat a Sheosaimh.

SMM: Beirt a bhfuil aithne fhorleathan orthu do thuismitheoirí, Pádraig agus Clíodhna Cussen, ealaíontóir. An ndéarfá gur taobh na healaíne a chuir thú féin agus an chuid eile sin den teaghlach leis an gceol?

RÓS: Meas tú? Ní luaitear an ealaín chomh gar sin leis an gceol ach is dóigh go mbíonn daoine á gcur féin in iúl sa dá réimse sin. Bhíodh mo mháthair i gcónaí ag tabhairt na deise sin dúinn, sinn féin a chur i leith na healaíne, ach ní raibh mise rómhaith ag an ealaín in ao’ chor. Bhí m’athair ann leis, bhíodh seisean ag tabhairt rudaí ar ais ón iarsmalann istoíche, bileoga Christies agus eile, agus bhímisne ag breathnú tríothú sin, ar na pictiúirí a bhí ar díol. Bhíodh Rónán an-mhaith ag an ealaín, agus Colm. Mar a chéile iad Aengus, Cormac agus Fergus leis, bhí siad go maith. Bhínnse ag stracadh leis i ndáiríre. Le fáinní, cearnóga nó eile a tharraingt, ní raibh aon mhaith ionam ach, ar údar éigin, bhí mé an-mhaith le gréasán a tharraingt. Ba í an ghaelscolaíocht a thug an ceol dúinn i ndáiríre.

SMM: Arbh é d’athair ba mhó a chur i dtreo na gaelscoile sibh?

RÓS: Bhí sé sin ag teacht ón dá thaobh. Chinneadar beirt sinn a thógáil le Gaeilge. Bhuaileadar lena chéile istigh i (UCD ag an am) gCÓBÁC. Bhí seisean i gConradh na Gaeilge. Bhí sise chomh cinnte céanna go mbeadh Gaeilge againn aige baile is a bhí sé féin. D’fhreastail muid ar Scoil Lorcáin. Bhíomar i nDumhach Trá agus théimis isteach ar an mbus nó leis an traein. Ba mise an séú buachaill. Bhí sé sé seo ar fad tosaithe blianta romham; bhí na cinní ar fad déanta. Thosaigh m’athair Coiscéim thart ar 1985, measaim. Bhí an Ghaeilge thart orainn gan amhras.

Imeacht go Connachta

SMM: Bhog tú féin is do bhean go Liatroim as BÁC agus ní sibh amháin, ach bhog ball eile de Kíla, Deirdre agus a teaghlach leis. Ní luaithe thú abhus agus bhí an ghaelscoil ar an bhfód agat – céard a thiomáin thú chomh mór sin leis an nGaeilge?

RÓS: Bhí riail docht daingean aige baile. Gaeilge a bhí sa teach. Bhímis ag bailiú ar an tsráid ar son na teanga. Bhíomar sáite san obair sin, mar bhí m’athair ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag an am. Fós féin, ní raibh mé chomh tiomanta don teanga go dtí gur rugadh mac liom. Is ansin a thuigeas go raibh deis faighte agam nach raibh ag gach éinne eile. Thuig mé nach mbaineann an deis sin de. Dhéanfainn mo dhícheall le cinntiú go bhfaigheadh sé an deis chéanna. Roimhe sin, bhunaigh mé Cúinne na Cainte i mBÁC, ar nós Speakers Corner i Londain. Shíl mé go mbeadh an t-uafás cainte ag daoine eile agus go mbeadh tuairimí go leor agam féin le nochtadh. In imeacht an ama, blianta, thuig mé gurb é an rud ab fhearr a d’fhéadfainn labhairt faoi, an teanga. Chaith mé dhá uair an chloig ag caint lá amháin ar an teanga, ag tabhairt dúshlán daoine a bhí ina seasamh thart, faoin teanga agus faoin leisce a bhí orthu í a labhairt. Fad is a bhí mé ina bhun sin, bhínn ag breacadh síos nótaí ar feadh na mblianta. Dá mbeifí ag magadh faoin teanga, mar a bhíodh, bhínn ag breacadh nótaí air.

Mana na meánscoile ‘is fearr bás ná náire’. Na rudaí sin go léir, d’imir siad tionchar orm.

SMM: Tá baint ag do bhean le scannánaíocht?

RÓS: Rinne sí an Béarla agus an Stair ar dtús ach rinne sí an scannánaíocht ina dhiaidh sin. Dhein sí scannán beag agus d’éirigh go hiontach leis, bhain sé duaiseanna agus gradaim agus mar sin de. Dhein sí ceann do TG4 leis. Máire Ní Ainiféin a mhúin í i gCnoc Síóin. Bhí sise an-chinnte go mbeadh ár mac ag freastal ar ghaelscoil.

SMM: Nuair a bhog sibh go Cluainín Uí Ruairc, bhuail tubaiste ball eile Kíle, Dee. Maraíodh beirt amuigh ar an mbóthar oíche amháin. Bhí fear Dee ar dhuine acu.

RÓS: Bhí siad le chéile ar feadh ceithre bliana déag. Nuair a tharla an tubaiste sin, tharraing sé daoine le chéile ana-thapa. Chruinnigh a lán de chairde Dee thart uirthi. Dhlúthaigh sé daoine. Bhí aithne á cur agam féin ar dhaoine trí bhunú na gaelscoile anseo chomh maith, trí imirt na hiománaíochta, trí Ionad na nGleannta agus mar sin de.

Iománaíocht agus Gníomhaíocht

SMM: Ba bharrúil an chaoi sin nár luaithe anseo thú ná go raibh tú ag imirt ar fhoireann iománaíochta an chontae!

RÓS: [phléasc amach ag gáire] Bhí sé greannmhar.

SMM: Ní tiús daonra atá anseo, a ghlanmhalairt go deimhin, ach fós féin, bhí sibh in ann gaelscoil a bhunú?

RÓS: Bhog an t-uafás daoine isteach. Ní fhéadfadh an dá scoil eile breis daltaí a ghlacadh isteach ag an am. Mhaígh Ciarán Ó Féinneadha uair amháin gur duine amháin agus coiste in éindí leis a bhunaíonn gaelscoil. Bhraith mé go mbeadh orm mé féin a chorraí. Bhí mé in ann a bheith ar fáil i rith an lae agus gach éinne eile ag obair. Ba shin an t-am tábhachtach a mbeadh fáil ar na ranna stáit ag mo leithéid. Bheinn féin ag obair i gcúrsaí ceoil ag an deireadh seachtaine.

Tá trí bhealach bus ag freastal ar Ghaelscoil Chluainín anois. Droim Dhá Thiar, Ros Inbhir agus Gleann Buí/Gleann Éada. Freastalaíonn roinnt anseo as ceantar na Mullaí chomh maith.

SMM: Thosaigh tú campa samhraidh do na gasúir as na scoileanna éagsúla ansin?

RÓS: Thosaigh mé le meastúchán. Cúig lá a mheas mé. Shíl mé go ndéanfadh €2,000 é. D’fhoghlaimas reáchtáil na céad bhliana agus d’éirigh linn go breá ar fad.

Glór na nGael

SMM: Thosaigh tú Glór Chluainín faoi chomharthaíocht, seolta Gaeilge, clár na vótóirí agus mar sin.

RÓS: Bhí an ciorcal comhrá ann romham. Shíl Proin Ó Duibhgeannáin gur cheart dul le Glór na nGael. Rinne mo mháthair rud éigin dóibh na blianta ó shin, ach thairis sin, ní raibh tuairim chruinn agam ina dtaobh. Bhí deichniúr, nó breis bheag air, ag an gcéad chruinniú. Bhaineamar duais an chéad bhliain sin.

Ó thaobh feachtasaíochta, tháinig cártaí vótála amach le haghaidh na dtoghchán éagsúil, fothoghcháin, toghchán na hEorpa agus m’ainm litrithe gan síneadh fada, an seoladh scríofa amach i mBéarla cé gur chláraigh mé mé féin i nGaeilge. Dhein mé gearán agus ba é an dála céanna é an bhliain ina dhiaidh sin arís. Dhein mé amach 1,000 cárta agus roinn mé thart ar dhaoine sa chontae ag míniú an tslí le do sheoladh a athrú go Gaeilge. Dhearc mé ar an idirlíon aréir - ar liosta na vótóirí - agus cé go raibh an chéad chuid i nGaeilge, bhí an tarna cuid, ainm an bhaile agus ainm an chontae, i mBéarla arís. Tá an gearán déanta arís agam faoi.

SMM: Agus tá tú féin agus roinnt de bhaill Kíla ag casadh ceoil nuachumtha le drámaí anois chomh maith.

RÓS: Bhog Dónal O Kelly agus Sorcha Fox anseo. Tá an-aithne againn orthu leis na blianta ach níor sheinneamar ceol leo. Bheadh muid ag féachaint ar a seó siadsan agus bheidís siúd ag freastal ar an oíche cheoil againne. Bhí an banna ag glacadh sosa i Meán Fómhair. Deis iontach a bhí ann. Rinneamar an Nollaig roimhe sin é. Bhí Gaeilge ag seisear den ochtar a bhí ar an ardán. Carrie Crowley, Dónall agus a iníon – tá togha na Gaeilge aici -, Sorcha, Cathal agus mé féin.

SMM: Bíonn tú le hImeall ar TG4 anois. Conas a thaitníonn sé sin leat?

RÓS: Bainim an-taitneamh as. Bhídís ag glaoch orm ag iarraidh orm mír a dhéanamh. Chuaigh mé chuig lá oiliúna agus míníodh dom go bhfuil an t-eolas amuigh sa saol, ar na gaobhair againn féin. Cuirim ar an eolas iad anois faoina mbíonn ar siúl i gcúinne éigin.

Ógras

SMM: Agus Ógras, tá sé sin bunaithe agaibh.

RÓS: Bhí a fhios agam go raibh maoiniú ann do champaí samhraidh ach bhítí ár ndiúltú. Míníodh dom go raibh Ógras ag tarraingt as an gciste sin is dá gcuirfimis sinn féin i leith Ógras, go mbeadh maoiniú le fáil as. Chuireadar an oiliúint chuí orainn agus tugadh an maoiniú don champa samhraidh, rud a bhí iontach. Bhí líon freastail an champa laghdaithe agus ní bheimis in ann an costas sin, an €2,000 a bhain leis, a ghlanadh dá dheasca sin. Tá sé leanúnach anois againn, gach Máirt.

Casadh dom iníon tuismitheora sa ghaelscoil, cailín atá le tabhairt faoin ardteist agus ar mian léi roinnt dá dream comhaoise a tharraingt chuig lúb comhrá Gaeilge. Beidh an slua ardteiste sin ag teacht le chéile go luath. Shamhlaíos nach raibh deis ag an aos óg teacht le chéile mar sin. Tá freastal ar an aicme tuistí+leanaí mar bíonn siad ag teacht le chéile. Tá cúram leanaí Gaeilge ar fáil i nDroim Dhá Thiar – ní naíonra go fóill é. Tá an ghaelscoil ann chomh maith agus tá dreamanna comhrá do dhaoine fásta leis. Faraor, tá bearna eatarthu go léir agus na déagóirí.

SMM: Tá scéal agat faoi Chumann Lúthchleas Gael sa chontae.

RÓS: Tá mé ar Choiste Scór Liatroma agus táimid ag meá an scéil faoi dhá fhoireann peile le Gaeilge a bheith sa chontae le cur isteach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta, mar a rinne Béal Feirste agus mar atá ar na bacáin ag Baile Átha Cliath. Is é mo mheas go dtabharfadh sé sin sprioc dos na déagóirí, an t-aos óg, an teanga a chleachtadh lasmuigh den scoil. Í a fhoghlaim sa tslí go mbeadh siad in ann peil a imirt sa chomhluadar sin.

SMM: Is féidir a rá go bhfuil rath ar Ógras mar sin?

RÓS: Tá agus tá daoine eile ag teacht gach aon seachtain, gasúir nach as an ngaelscoil iad. Beidh cúnamh breise ag teastáil go luath mar beidh mise ar turas go Nua-Eabhrac.

Cill Cheallaigh

SMM: Ar le Kíla a bheas tú?

RÓS: Beidh mé ag seinnt ceoil le IMDT. Modern Dance Theatre. Bhí mé ag seinnt leo ó 1996 i leith. Glaonn siad orm. Beidh mé ag seinnt beo. Dhá lá dár gcionn, beidh mé ag seinnt le seanscannán dubh agus bán a deineadh thiar i 1935 i gCill Cheallaigh, Maigh Eo, agus rud atá an-aisteach, beidh mé ag seoladh mo leabhair go luath ag Ciorcal Comhrá i gCill Cheallaigh! [ag gáire]

SMM: An bhfuil díol ar an leabhar?

RÓS: Dhíol an chéad eagrán amach. De réir Feasta, tá sé ar na leabhair is fearr díol sa Siopa Leabhar.

SMM: Kíla, cén treo a rachaidh siad anois?

RÓS: Táimid den tuairim go n-oibreoimid sé mhí na bliana feasta. Bhíomar glasáilte isteach roimhe seo sa tuairim go gcaithfimis airgead a thuilleamh gach aon seachtain. Níor fhág sé sin mórán ama ag éinne againn. Táimid leathshlí trí albam faoi láthair. Tá an ceol á chruthú i gcónaí.

SMM: Tháinig tú aníos leis an tuairim gur cheart rud éigin a eagrú sa Gyreum i gCo. Shligigh?

RÓS: Bhí mé ag féachaint ar na hionaid timpeall na tíre agus ba mhaith liom a leithéid a fheiceáil don Ghaeilge. Ionaid cosúil le Tyrone Guthrie agus Noelle Campbell Sharpe. Ba mhaith liom ionad do lucht ealaíne, lucht taighde agus do scríbhneoirí na Gaeilge. Tá coiste bunaithe againn agus tá céimeanna beaga tosaigh glactha againn.

SMM: Agus ealaíne fuaime nó aon chineál ar leith ealaíne?

RÓS: Shamhlaíomar ealaíne ciúine leis an áit. Beidh bainisteoir agus bainistiú ag teastáil amach anseo.

An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge

SMM: Cad is dóigh leat faoin athrú rialtais ar na bacáin agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar atá leagtha amach?

RÓS: Tá gach rud sa Straitéis. Is iontach í, ach cé a stiúrfas í chun cinn? Samhlaím gur sinne, éinne a labhraíonn Gaeilge, gur linne an Straitéis. Nuair a dhéanaim rud ar son na teanga is í obair an rialtais a bhíonn ar siúl agam sa mhéid sin. Is comhalta den Straitéis mé, d’fhéadfaí a mhaíomh. An dream daoine atá ag obair ar son na teanga, is iad siúd atá i bhfeighil na Straitéise. Rud amháin a chuir faitíos orm, an tslí ar diúltaíodh do Ghaelscoil Ráth Tó, tá an fhoclaíocht mar a chéile le foclaíocht na Straitéise. Bhí mé ag léamh tríd. Beidh riachtanas gaelscoile á mheas de réir daonra ceantair. Ní shin mar a bhí sa Bhunreacht. Is ar mhian na dtuismitheoirí a sheasann an dualgas ansiúd. Is laige é an t-athrú sin, ach b’fhéidir go gcothóidh sé céim eile. B’fhéidir go gcruthófar gaelscoileanna nua sna seanscoileanna Béarla. Tá sé déanta cheana agus tá sé indéanta. D’fhéadfaí an tiontú sin a chur i gcrích in achar sé bliana. Dhéanfaí é de réir a chéile, ábhar ar ábhar. Ní hiad na daltaí amháin é, ach caithfidh múinteoirí éirí níos misniúla de réir a chéile chomh maith.

I ndeireadh báire, sinn féin atá freagrach as an Straitéis as seo amach.

Comhar Creidmheasa

SMM: Aon ní eile ar mhaith leat a chur leis an méid sin?

RÓS: Measaim gur chóir go mbunódh muintir na Gaeilge comhar coigiltis nó comhar creidmheasa. Tá an tír tite leis an gcóras baincéireachta. Tá airgead mór i saol na Gaeilge cheana féin agus nílimid ag cuidiú lena chéile i réimse an airgeadais. Seo an bealach is fearr le cur lena chéile mar chomhluadar. Tá an t-airgead ag roinnt daoine, tá riachtanas an airgid ar roinnt eile agus níl le déanamh ach an córas a bhunú agus a eagrú le go mbeadh riar ár gcás ag muintir na Gaeilge astu féin.

SMM: Agus dá mbeadh iontaobhaithe ar nós, abraimis, Mícheál Ó Muircheartaigh, Ciarán Ó Féinneadha srl.

RÓS: Léigh mé faoi. Níl uait ach 25 duine le €1.25 an duine chun comhar creidmheasa a thosú. Glacfaidh sé bliain go leith le cead a fháil chuige. Is é sin, is féidir oscailt ón tús ach ní roinnfidh an Rialaitheoir cead leat, ‘stádas buan’ más maith leat, go dtí go mbeidh an 18 mí curtha isteach ag an gcomhar.

Ghlac mé staidéar go leor ar an gceist agus labhair mé le daoine go leor faoi. Is i mBaile Átha Cliath a d’oibreodh sé ar dtús. Is ansan atá na heagrais Ghaeilge. Teanga ghnó i gceart a bheadh sa teanga ansan. Bheadh an bhaincéireacht ar fad á déanamh ag daoine i nGaeilge. Is ceadmhach cártaí creidmheasa a eisiúint agus is ceadmhach iasachtaí a thabhairt amach. Samhlaím gurb é sin an chéad chéim eile.

SMM: Tá Beo.ie fíorbhuíoch díot a Rossa agus guímid gach rath ort féin is ar do chomhluadar go léir, thoir i gCúige Laighean agus thiar i Liatroim na loch is na ngleann.

RÓS: Maith thú, céad fáilte.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.