110
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Bhí Seán Ó Tiarnaigh ar ais in Éirinn an mhí seo caite, leathchéad bliain i ndiaidh dó dul ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe agus gan ach fíorbheagán airgid ina phóca. D’inis sé d’Éamonn Ó Dónaill faoina shaol ansin, an dóigh ar éirigh leis post sinsearach a bhaint amach i mbanc agus an dóigh ar músclaíodh a spéis sa Ghaeilge in athuair.
»»»Tar éis di cúpla mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic, thug Máire Ní Chuagáin aghaidh ar an Astráil. San ochtú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar chuid de na hiontais a chonaic sí ansin.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfadh tábhacht thar na bearta a bheith leis an Lá Mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an mórshiúl i gConamara le gairid ar son na teanga.
»»»Is céad míle fáilte faoi choinníollacha áirithe an fháilte a fhearaimid roimh an duine isteach sa tír as tíortha eile an domhain. Níor mhiste ábhar an ailt seo le PJ Mac Gabhann as an bhFrainc a chur i gcomórtas le halt as an Astráil (le Bearnaí Ó Doibhlin) san eagrán céanna seo.
»»»Le gairid, chaith Brian Ó Broin cúpla lá in Gettysburg, an áit ar maraíodh na mílte thar tréimhse cúpla lá in 1863, Éireannaigh ina measc.
»»»Is iomaí duine atá buartha faoina phost ar na saolta seo agus ag amharc go neirbhíseach ar an méid atá roimhe ó thaobh cúrsaí airgeadais de i 2009. Faoi mar a phlé mé i m’alt an mhí seo caite, tá slite go leor ann chun gur féidir le duine úsáid a bhaint as áiseanna ar an idirlíon chun airgead a shábháil dó féin. Ach cad faoi chomhlachtaí?
»»»Tá an t-inneall cuardaigh Google ag scriosadh na cruthaitheachta, dar le Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá go leor líomhaintí á ndéanamh i gcoinne an IRA le cúpla mí anuas. Creideann Robert McMillen go bhfuil feachtas ar siúl le droch-chlú a tharraingt ar Shinn Féin roimh olltoghchán na míosa seo sa Phoblacht.
»»»Chuaigh John-Paul Mc Carthy ag póirseáil trí thuairimí lucht saothraithe litríocht na Gaeilge leath tosaigh an chéid seo caite le treoir ó leabhar an Ollaimh Philip O Leary, Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-39.
»»»Tá an Ghaeilge ag saothrú an bháis i nGaeltacht Chois Fharraige agus i gceantair láidre Ghaeltachta eile dar le Donncha Ó hÉallaithe. Ach níl sé róthógtha leis na daoine atá ag iarraidh aitheantas Gaeltachta a thabhairt do cheantair ar nós Chluain Dolcáin i mB’leá’ Cliath agus ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.
»»»Tá sé beagnach céad bliain ó bunaíodh Cumann Báire Caoimhín, cumann atá lonnaithe i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Ar chúiseanna éagsúla, athruithe sóisialta ina measc, tá dúshlán mór roimh an gclub agus iad ag tabhairt a n-aghaidhe ar an dara céad. Tuairisc ó Cholm Mac Séalaigh.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge agus Bhéarla, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: [i]Buaic[/i] (Cois Life), le Dermot Somers. Léirmheas le hAifric Mac Aodha.
»»»Cé go bhfuil sé bliain ó fuair Pádraig Ó Cléirigh, dlúthchara le Colm Ó Snodaigh, bás, is minic Colm ag smaoineamh air fós.
»»»Chaith Úna Nic Gabhann Lá Fhéile Pádraig i mbliana i mbaile i Meicsiceo ina ndéantar an fhéile sin a cheiliúradh agus bhí an ócáid ní ba bhríomhaire ná ceann ar bith a bheadh ar siúl in Éirinn, dar léi.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.