AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Reacht féinrialtais na Catalóine ag cothú díospóireacht mhór
Carmen Rodríguez Carmen Rodríguez Carmen Rodríguez

Féachann Carmen Rodríguez ar an iarracht is déanaí atá ar bun ag polaiteoirí na Catalóine chun féinrialtas a bhaint amach don réigiún ón Spáinn.

Tá conspóid iontach mór i saol polaitiúil na Spáinne i láthair na huaire, ós rud é go bhfuil an Pharlaimint sa Chatalóin i ndiaidh leasú a dhéanamh ar reacht féinrialtais na Catalóine.

Maíonn an téacs atá an Pharlaimint Chatalónach i ndiaidh a rith gur náisiún í an Chatalóin, ach ní ghlacann Bunreacht na Spáinne ó 1978 leis an bhféidearthacht seo in aon chor. De réir an bhunreachta sin, níl ach náisiún amháin i gceist, cé go nglacann sé le “réigiúin” fhéinrialaitheacha eile ar nós na Catalóine, na Gailíse, Thír na mBascach agus Andalucía. Mar sin, beidh sé iontach suimiúil a fheiceáil an mbeidh spás ann do náisiún Catalónach, agus b’fhéidir do náisiúin eile, i bhfráma bunreachtúil na Spáinne amach anseo.

Tá Parlaimint na Spáinne i Maidrid ag déanamh plé ar an gceist thromchúiseach seo, chomh maith le ceisteanna fíorthábhachta eile, ar nós an dualgas atá ar mhuintir na Catalóine bheith líofa sa Chatalóinis agus sa Spáinnis, nó ar cheart go mbeadh cead ag Rialtas na Catalóine a gcánacha féin a bhailiú agus a riar. Ar ndóigh, tá dearcadh thar a bheith difriúil ag na páirtithe polaitiúla éagsúla. Ba mhaith leis an PSOE (an Páirtí Sóisialach) go mbeadh an PP (Páirtí an Phobail) agus na páirtithe eile sa fhreasúra sásta a gcuid tuairimí a chur in iúl chun feabhas a chur ar an téacs atá leasaithe ag na Catalónaigh. Tá an PSOE den tuairim go mbeidh siad ábalta teacht ar réiteach a bheas inghlactha ag na páirtithe go léir, cé nach bhfuil an PSOE agus José Luis Rodríguez Zapatero, Príomh-Aire na Spáinne, sásta glacadh leis an tearma “náisiún” chun trácht a dhéanamh ar an gCatalóin. B’fhearr leis as PSOE an téarma “aithne náisiúnta” a úsáid, ach níl Rialtas na Catalóine sásta glacadh leis an moladh seo.

Tá an PP den tuairim go bhfuil an reacht nua Catalónach frithbhunreachtúil amach is amach. Tá siad i ndiaidh feachtas dar teideal Todos juntos (Le Chéile), a chosnóidh €500,000, a lainseáil. Tá an PP ag iarraidh go mbeidh reifreann sa Spáinn ionas go mbeidh na saoránaigh Spáinneacha go léir ábalta a gcuid tuairimí a chur in iúl faoin reacht Catalónach. Dar leo, caithfear ceartú a dhéanamh ar Bhunreacht na Spáinne ó 1978 chun an reacht conspóideach Catalónach a chur i bhfeidhm, rud atá loighciúil go leor. Mar sin, tá Binse Bunreachtúil na Spáinne ag déanamh dianstaidéir ar an téacs Catalónach i láthair na huaire.

Tá gach seans ann go gcuirfidh an chonspóid bhunreachtúil seo deireadh le Rialtas José Luis Rodríguez Zapatero. Ní dóigh liom féin go bhfuil an chuid is mó de mhuintir na Spáinne aibí go leor chun ghlacadh le níos mó ná tír amháin taobh istigh den Spáinn, ach mar a tharlaíonn sé tá tacaíocht an Esquerra Republicana de Cataluña (Poblacht ón Eite Chlé na Catalóine), páirtí ar mhaith leis go mbeadh Poblacht Chatalónach néamhspleach ón Spáinn ann, de dhíth ar an PSOE chun gur féidir leo fanacht sa rialtas.

As Galicia sa Spáinn ó dhúchas í Carmen Rodríguez ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois. Tá céim sa Nua-Ghaeilge agus sa tSean-Ghaeilge aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.