AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Saol an tSó agus Saol an Anó
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Bhí deis ag Bearnaí Ó Doibhlin machnamh ar mhuintir na nOileán Filipíne, Vanuatú agus an Nua-Chaladúin san Aigéan Ciúin le linn saoire ar bord sóloinge, an Pacific Dawn, faoi Nollaig. Saol eile ar fad atá ag muintir na nOileán agus ní hé saol na sóloinge é, ach a mhalairt ghlan.

Íomhá
An Pacific Dawn le cé Port Vila, Al Hunter a ghlac
Íomhá
Nua-Ghuine Phapua le Brian Thistleton
Íomhá
Vanuatu, damhsa go maidin, an Naluan mekam
Íomhá
Blackbirding - Sclábhaíocht
Íomhá
Daoine ar Ceant, Douglas Shire Hist. Society

Chaith mé cúpla seachtain timpeall na Nollag ag cúrsáil san Aigéan Ciúin Theas ar an Pacific Dawn, sólong de chuid an chomhlacht mhór taistil, P & O. Bhí beagnach dhá mhíle paisinéir ar bord, agus bhí corradh is seacht gcéad ar fhoireann an línéir le hardchaighdeán seirbhíse a chur ar fáil dúinn.

Ba as an Astráil formhór na bpaisinéirí agus caithfear a rá go raibh go leor acu tite go dona i bhfeoil, mionlach nach beag acu a bhí fíormhurtallach. Ba as na hoileáin san Aigéan Ciúin formhór mhór na foirne, as na hOileáin Fhilipíneacha ach go háirithe.

Thug muid cuairteanna, nó geábhanna, ar oileáin éagsúla sa Nua-Chaladóin agus i Vanuatú. Cé gur thaitin ár gcéad chúrsáil go mór linn, chuaigh sé i gcion go han-mhór orm a bhoichte is atá na tíortha beaga seo in ár réigiún, ár gcomharsana béal dorais.

Tá an Astráil ar an tír is mó, is saibhre agus is cumhachtaí sa réigiún seo. Tá caidreamh an-chairdiúil idir an Astráil agus an iar-choilíneacht eile sa réigiún inar chuir daoine Briotanacha fúthu, an Nua-Shéalainn – diomaite den am a mbeidh cluichí spóirt ar siúl eatarthu!

Caidreamh leis na comharsana

Níl an caidreamh cairdiúil céanna idir an Astráil agus a comharsana réigiúnacha bochta, ar an drochuair. Tugann an Astráil cabhair éagsúil dóibh agus don chuid is mó, bíonn caidrimh thaidhleoireachta dhea-bhéasacha i gceist. Tá an bhaint idir an Astráil agus na tíortha seo an-chasta, áfach, mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo (eagráin 45 agus 68, Eanáir 2005 agus Nollaig 2006 faoi seach).

Bhíodh Nua-Ghuine Phapua ina coilíneacht de chuid na hAstráile tráth agus tá baint stairiúil láidir ag an Astráil leis an Bhreatain, a bhíodh ina cumhacht choilíneach ar thíortha éagsúla an réigiúin. Anuas ar sin, tá baint stairiúil uafásach ag an Astráil le cuid de na hoileáin san Aigéan Ciúin, mar a mhíneoidh mé thíos.

dífhostaíocht agus tearcfhostaíocht i measc na bhfadhbanna is measa atá ag na tíortha bochta thuas. Thug muid cuairt ar Port Vila, príomhchathair Vanuatú, mar shampla. Tá daonra de 40,000 sa chathair ach tá corradh is 50 faoin gcéad de dhaonra na háite in aois oibre dífhostaithe. Agus níl ach poist pháirtaimseartha sa tionscal turasóireachta ag cuid mhór acu siúd atá ag obair ann.

Le blianta fada anuas tá rialtais na dtíortha beaga sa réigiún ag déanamh stocaireachta ag lorg ceada d’oibrithe astu sealanna a chaitheamh ag obair san Astráil ar víosaí gairide. Bhí cuid de na ceardchumainn abhus, ámh, glan in aghaidh an chur chuige seo, ag maíomh go mbainfeadh fostóirí áirithe mí-úsáid as le coinníollacha oibre san Astráil a ísliú.

Easpa lucht saothair

Ansin cúpla bliain ó shin, thosaigh feirmeoirí Astrálacha sa tionscal gairneoireachta ag gearán de cheal oibrithe feirme go leor ar fáil leis na torthaí agus na glasraí a shábháil. Déantar an fómhar le linn na dtréimhsí is teo abhus, agus níl a lán daoine in inmhe, nó toilteanach, an obair chrua seo a dhéanamh.

Tá na feirmeoirí seo ag brath le tamall anuas ar thurasóirí mála droma as tíortha éagsúla leis an bhfómhar a shábháil, agus níl taithí ag formhór na dturasóirí ar an gcineál oibre seo. Tá na feirmeoirí ag brath freisin ar dhaoine ar scor a chaitheann cuid dá saol ag taisteal – ‘fánaithe na léithe’, mar a thugtar orthu, ach arís, níl an cumas ceart iontu.

D’fhógair Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, i mí Lúnasa anuraidh go gcuirfear tús le togra treorach, ar a dtugtar an Pacific Islands Guest Worker Scheme (PIGWS). Beidh víosaí gairide oibre ar fáil faoin scéim ag 2,500 oibrí as ceithre thír: Cireabaití, Nua-Ghuine Phapua, Tonga agus Vanuatú. Tá PIGWS an-chosúil le scéim rathúil atá ar siúl sa Nua-Shéalainn le blianta beaga anuas. Gheall Rudd go mbeadh na coinníollacha oibre céanna ag na hoibrithe faoin scéim is atá ag oibrithe feirme san Astráil, agus dá bhrí sin, thacaigh na ceardchumainn leis an togra.

Fáilte roimh an deis oibre

Fearadh fáilte is fiche roimh an bhfógra ag na rialtais sna ceithre thír thuas. Dúirt an tAire Airgeadais i Vanuatú, Willie Jimmy, go raibh an scéim “... a long-awaited dream come true for the people of Vanuatu.” Agus dúirt Andrew Kandeskasi, Ard-Rúnaí an Amalgamated General Workers Union i Nua-Ghuine Phapua, “Papua New Guinea will gain a lot from it.” Caithfear go cothrom leis na hoibrithe atá le teacht as na hoileáin faoin scéim, de réir gach cosúlachta. A mhalairt a bhí fíor an chéad uair ar earcaíodh oibrithe feirme chun na hAstráile as na hoileáin céad go leith bliain ó shin.

Cuireadh tús leis an tionscal cána siúcra ar chósta Queensland sa dara leath den naoú haois déag. Obair chrua shalach ab ea í, na foraoisí a leagan agus an cána a chur agus a bhaint. Mar a tharla go minic i stair an chine ghil abhus, bhí ganntanas oibrithe i gceist.

An ‘Blackbirding’

Cuireadh tús le scéim earcaíochta ar a tugadh ‘Blackbirding’ le dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Idir 1860 agus 1900 tógadh corradh is 60,000 duine as na hoileáin san Aigéan Ciúin chun na hAstráile le hoibriú sna plandálacha cána siúcra in Queensland.

Baineadh úsáid as modhanna comhéigneacha leis na hoibrithe a earcú, ar nós iad siúd a bhíodh i bhfeidhm ag na buíonta preasála de chuid Chabhlach Ríoga na Breataine tráth. Caitheadh go dona le cuid mhór de na hoibrithe ar na plandálacha siúcra, go háirithe sna blianta tosaigh den scéim, agus gan amhras ar bith, ba sclábhaithe cuid acu.

Téir abhaile riú!

Nuair a bunaíodh an Astráil mar thír neamhspleách sa bhliain 1901, cuireadh ar ais go forneartach chuig a dtíortha dúchais formhór na n-oileánach seo. Tréigeadh cuid nach beag acu ar cibé oileán a dtéadh na longa i dtír ann, agus caitheadh go dona leo arís ag muintir dúchais cibé oileáin in ar caitheadh i dtír iad.

Meastar go bhfuil suas le leathmhilliún duine dífhostaithe sna tíortha beaga san Aigéan Ciúin agus tá fadhbanna móra sóisialta acu dá dheasca. Cé go gcuideoidh PIGWS leis na ceithre thír a bhí roghnaithe le bheith páirteach ann, is ríléir go mbeidh an-chabhair eile ag teastáil uathu, má tá siad le dul i ngleic lena bhfadhbanna dífhostaithe agus tearcfhostaíochta.

Feictear dom nach mbeidh fíorneamhspleáchas acu go dtí go mbeidh siad in inmhe córais gheilleagair a bhunú a soláthróidh lánfhostaíocht ina dtíortha féin. Má tharlaíonn a leithéid, ní bheidh ar a ndaoine óga taisteal chun na hAstráile le haghaidh oibre nach bhfuil daoine abhus toilteanach a dhéanamh. Agus ní bheidh orthu an Nollaig a chaitheamh ina ngiollaí ag Astrálaigh ramhara!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.