166
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Múnlú intinn na glúine aníos inár ndiaidh a tharraing aird Bhreandáin Delap nuair a mheá sé oide na linne seo sa chóras oideachais. Níl an ‘school around the corner’ mar a bhí. Tá an fear bailithe as saol baile agus as saol scoile roinnt mhaith de ghasúirí na hÉireann. Ní fearrde na gasúirí an méid sin dar leis.
»»»Mar spárálaí scáileáin na míosa seo tá pictiúir as Toraigh, oiléan atá suite timpeall 14 chiliméadar amach ó chósta iarthuisceart Thír Chonaill.
»»»Samhlaíonn Breandán Delap cad é a bheas le rá ag ceannaire nuathofa Fhianna Fáil Nua ina aitheasc d’Ard Fheis a pháirtí sa bhliain 2016, tráth a bheas céad bliain Éirí Amach na Cásca á chomóradh.
»»»Tá roinnt cásanna cúirte ag cur Balor i gcontúirt casadh aigne nó fiú baol an urchair mhillte. Is doiligh glacadh le cuid dá bhfuil ar siúl.
»»»Chaill Arm na hAstráile baill san Afganastáin agus tá an chuma ar an scéal anois, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, nár thug a n-íobairt ná fulaingt a ngaolta aon tairbhe do mhuintir na hAfganastáine.
»»»Nuair a thosaigh Ryanair ag díol eitiltí ar an idirlíon i 1999, bhí leisce ar go leor daoine ticéid a cheannach ar líne, ach tá athrú mór tagtha ar chúrsaí ó shin, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá Laoise Ní Chléirígh i ndiaidh súil a chaitheamh ar mhíolta beaga na linne, an phuitigh agus an mhachaire chladaigh, óir tá an loscann ag dúiseacht, an t-earc luachra ag snámh trí dhufair an fhéir agus tá an cnádán ag righniú leis ar bhán an ghailf in athuair.
»»»Is maith a chruthaigh Obama, deir Brian Ó Broin linn. Tá sé ag tabhairt faoi na fadhbanna faoi is thairis ar luas nach raibh súil ag daoine leis in aon chor. ‘Treise leis’ a deir Brian, agus gach cosúlacht ar an scéal go mbainfidh Obama an sotal agus an mí-iompar de na comhlachtaí árachais sláinte.
»»»Foilsíodh graiméar nua, Leabhar Gramadaí Gaeilge, le déanaí. Chuir Beo! agallamh ríomhphoist ar údar an tsaothair, Nollaig Mac Congáil.
»»»Tháinig an haitéir Philip Treacy ar ais go hÉirinn le bheith i láthair ag oscailt a thaispeántais nua ‘Unlikely Sculpture: Hatforms’ in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Aibreáin. Tá clú agus cáil idirnáisiúnta ar Treacy mar dhearthóir hataí a oibríonn le couturiers atá go mór i mbéal an phobail, leithéidí Karl Lagerfield, Helmut Lang, Alexander McQueen agus Theirry Mugler.
»»»Measann Colm Mac Séalaigh go bhfuil sé in am ag údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael dul i ngleic le fadhb an mhí-iompair i measc na n-imreoirí idirchontae.
»»»Chuir seachtain a chaith Tony Birtill ag dreapadh san Iorua an mhí seo caite ag smaoineamh é ar an chontúirt a bhaineann leis an chaitheamh aimsire sin.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí gruaige
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.