AGALLAMH BEO
Robert Fisk
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen
Íomhá
Íomhá
Foirgneamh i mBéiriút a ndearnadh damáiste linn an chogaidh. Bhí Fisk ina chónaí sa chathair le linn bhlianta an chogaidh
Íomhá
Príomh-Aire na Breataine Tony Blair: beag beann ar phobal na tíre, dar le Fisk
Íomhá
Amira Hass, an t-iriseoir Iosraelach a bhfuil an-mheas ag Fisk uirthi
Íomhá
Osama bin Laden: bhuail Fisk leis faoi thrí
Íomhá
Buama eile ar shráideanna Bhagdad

cáil ar Robert Fisk go hidirnáisiúnta mar iriseoir a chuireann a bheatha i mbaol in áiteanna a bhfuil coimhlint ar siúl iontu ar mhaithe le léargas cruinn a thabhairt don domhan ar a bhfuil ag tarlú ansin. Labhair le Robert McMillen le gairid faoina chúlra agus faoina dhearcadh ar choimhlintí an lae inniu sa Mheánoirthear.

Agus é ag caint ag an Oxford Union, dúirt an t-aisteoir Meiriceánach John Malkovich go scaoilfeadh Robert Fisk agus George Galloway marbh bhfeicfeadh iad. Bhí an t-ádh ormagus ar an bheirt acusan - nár cuireadh fatwa pearsanta Malkovich i gcrích mar gur labhair le Fisk an tseachtain seo caite. (Bhí ag caint le Galloway an tseachtain seo caite fosta mar go bhfuil an bheirt acu ag tabhairt léachtaíag ócáidí éagsúlale linn Fhéile Bhéal Feirste.)

Ta leabhar ollmhór scríofa ag Fisk dar teideal *The Great War for Civilisation: The Conquest Of the Middle East *agus is é is fearr atá cáilithe lena leithéid de leabhar a scríobh. Le cúig bliana is fiche anuas ag obair sa Mheánoirthear mar fhinné pearsanta ar an uafás, an daonnacht, an mhire agus ar lúcháir an réigiúin chorraigh seo.

Níl gach duine chomh tugtha sin do Fisk, ar ndóigh. Scríobh Simon Hoggart sa *Guardian *gurb é Fiskthat most valuable resource, a journalist whose judgments are not just mistaken, but reliably mistaken. If ever Fisk predicts that the Americans will walk it, that will be the time to put on the tin hat.”

briathar úr sa Bhéarla, fisking, a chum naimhde Fisk; an rud atá i gceist le fisking dul fríd alt, líne ar líne, ag ceartú na meancóg ó thaobh fíricí de, na hanailíse agus cibé eile atá ann.

Tháinig Robert Fisk ar an saol i 1946 i Maidstone, Kent. Bhí an teaghlach go maith asba Chisteoir Buirge é an t-athair sa bhaile agus chaith an cineál óige a léifeá faoi i leabhair Bhéarla na haoise seo caite. Bhí dúil mhór aige i dtraenacha gaile, agus léadh Biggles agus Dan Dare.

Nuair a bhí naoi mbliana d’aois, cuireadh chuig scoil chónaithe é.

Bhí fuath agam air,” a deir , “idir an foréigean agus an t-aicmeachas, agus d’impigh ar m’athair ar feadh na mblianta a thabhairt amach. Ba shaothar in aisce é.

Ba scannán a sheol Fisk i dtreo na hiriseoireachta cogaidh, ainneoin nach maith leis an téarma sin.

Bhí dhá bhliain déag d’aois ag an am agus gach Domhnach thaispeánadh Associated Television, ceann de na chéad stáisiúin neamhspleácha teilifíse i Sasana, seanscannáin dubh agus bán,” a mhíníonn dom.

Rinne Alfred Hitchcock *Foreign Correspondent *i 1940, scannán ina raibh Joel McCrea i ról Huntley Haverstock, comhfhreagraí eachtrach a cuireadh chun na hEorpa le tuairisciú a dhéanamh ar thús an dara Cogadh Domhanda. Tchí feallmharaithe, bíonn ag déileáil le spiairí Gearmánacha, scriostar an t-eitleán a bhfuil ann ach tagann fríd agus faigheann an bhean is dóighiúla sa scannán. nach ionadh gur shíl gur sin an post a bheadh foirfe domsa!” ar .

Sáite i gcúrsaí reatha

Ar scoil, bhí Fisk sáite cheana féin i gcúrsaí reatha, ag léamh *The Times *gach tráthnóna agus ag baint duaiseanna as ucht a chuid eolais ar chúrsaí an domhain.

Dalta gach tuismitheora, b’fhearr le mo mhuintir go mbeinn i mo dhochtúir i mo dhlíodóir go mbeadh gairm de shórt éigin agam, ach dúirt uncail liom, ‘ mbeifeá i seomra cúirte, arbh fhearr leat bheith i do bhreitheamh i do thuairisceoir? agus dúirt mise, ‘I mo thuairisceoir’ agus, mar sin, ghlac mo thuismitheoirí leis go raibh ag dul a bheith ag obair i bpáipéar nuachta.”

Rinne Fisk céim amháinan Léann Clasaiceach agus an Teangeolaíocht - in Ollscoil Lancaster agus an dara céim, sa Pholaitíocht, i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Scríobh leabhar dar teideal In Time of War: Ireland, Ulster and the Price of Neutrality, 1939-1945 fán Éigeandáil ó dheas le linn an dara Cogadh Domhanda. Mar sin, seantaithí aige ar Éirinn ón seal sin sa choláiste agus, ar ndóigh, bhí ina thuairisceoir don Times sna Chontae ó 1972-1975.

Is duine é a thugann cuairt go minic ar Bhéal Feirste an aimsir seo. An síleann go bhfuil réiteach i ndán doniarsma seo den choilíneachas”, mar a thugann ar thuaisceart Éireann? Ligeann osna as.

Bhí na racáin i gceantracha Protastúnacha roinnt seachtainí ó shin go dona,” ar . “Aontaím le David McKittrick ón *Independent *a dúirt go bhfuil Protastúnaigh ag glacadh ról na gCaitliceach ó thuaidh, go measann siad go bhfuil siad curtha in áit na leathphingine ag an rialtas. Nuair a bhím sa tuaisceart aithním go bhfuil Béal Feirste caillte ag na Protastúnaigh, go bhfuil an móramh Protastúnach ag laghdú de réir a chéile agus cruthóidh sin fadhbanna.”

Bhí athair Fisk ina shaighdiúir sa chéad Chogadh Domhanda, agus uaidh sin agus óna thaithí a d’fhoghlaim an mac cuid mhór choimhlintí an lae inniu, a bhfuil a bhfréamhacha san ollscrios sin.

Seacht dhéag i ndiaidh dheireadh an chogaidh sin, bhí teorainneacha Thuaisceart Éireann, na h Iúgsláive agus bhunús an Mheánoirthir leagtha amach ag buaiteoirí an chogaidh, Sasana agus an Fhrainc, taobh istigh de na seacht dhéag sin. mo shaol proifisiúnta ar fad caite agam i mBéal Feirste, i mBagdad, sa Bhoisnia, i mBéiriútsin comhtharlúint uaimeag amharc ar dhaoine taobh istigh de na limistéir sin ag agus ag fáil bháis. Mar sin, oidhreacht an choilíneachais achan áit ar oibir , gan eisceacht.

Leagadh sios teorainneacha an Mheánoirthir mar gur mhian linn é a ghearradh suas, le go mbeadh go hiomlán spleách orainne mar gur aithin gach duine ag deireadh an chéad Chogadh Domhanda a thábhachtaí is a bhí an ola.”

Deir go raibh suimiúil gurbh as Tuaisceart na hÉireann cuid mhór de na daoine a rialaigh an Meánoirthear gur imir cuid mhór acu páirt mhór i rialú na Chontae fríd Stormont. An meon coilíneach amháin a bhí taobh thiar den rud.

Is léir go raibh tionchar an-mhór ag athair Fisk ar an iriseoir a bhfuil aithne againn air sa atá inniu ann. Agus é ina ghasúr óg, bhéarfadh a uncail é chuig láithreáin chogaidh ar nós Ypres, Verdun agus La Somme. D’alp Fisk óg an t-eolas uilig na feachtais mhíleata éagsúla. Nuair a fuair a athair, Bill, bás i 1992, fuair Robert a shuaitheantais. Ar cheann amháin acu, bhí na focailThe Great War for Civilisation,” frása a spreag teideal a leabhair.

Chuir ceist ar Fisk an raibh bunús ar bith creidimh leis an choimhlint sa Mheánoirthear. bhí bunús reiligiúin leis, bheadh réiteach le fáil choíche.

Léigh alt le John Shepard, ollamh i St Martin’s College i Lancaster, agus bhí seisean ag déanamh staidéir ar an Hadith (ráitis na bhfáithe) agus an Córán agus an Bíobla agus rith leis mbeifeá ag cuartú leithscéil le cinedhíothú a dhéanamh, go raibh le fáil sna trí leabhar seo,” arsa Fisk.

Ba é an dearcadh a bhí aigesean gur an bhéim a chur ar shochaí nua-aimseartha a chruthú ina bhfuil an bhéim ar chearta daonna agus chan ar Bhíoblaí agus téacsanna ársa mar níor scríobhadh lenár linn féin iad , agus d’aontóinn leis sin.

Ar an drochuair, níl a fhios agam cad é mar a deir le himam go gcaithfidh Ioslamfocal a chiallaíonngéillstin” – géillstin do chearta daonna na Náisiún Aontaithe. shílim go n-oibreodh sin,” arsa Fisk.

An eite chlé

Fadhb eile a bhaineann leis an Mheánoirthear is é a laige is atá an eite chlé, dar le Fisk.

I gcuid mhór áiteanna ar domhan, is í an eite chlé an t-aon institiúid a chuirfeadh smacht ar chogaíocht bunaithe ar reiligiún. Ar chúiseanna áirithe, san iarthar agus san oirthear, cuireadh an eite chlé faoi smacht,” ar .

San Iaráic, áit a raibh eagla ar na Meiriceánaigh go ndéanfaí stát Shi’ite as an tír, ceann de na chéad rudaí a rinne siad reachtaíocht a chur i bhfeidhm a chuir laincisí ar chearta na gceardchumann! Ar an dóigh sin, chuir siad deireadh le cibé seans a bhí acu gan stát bunaithe ar an chreideamh a chruthú san Iaráic!” ar .

Mar iriseoir, an gcuireann iontas air go dtig le rialtaisan bhréag mhóra inse arís agus arís eile agus a laghad sin freagairte bheith ann?

Cinnte, agus cuireann alltacht orm,” ar , “ach mothaím, agus daoine ag dul in aois, go gcroitheann siad a gceann níos agus níos , mar a rinne mo mháthair agus m’athair, nuair a fheiceann siad a bhfuil ag titim amach. Ach mar iriseoir atá fós ag obair, creidim go diongbháilte go n-insíonn rialtais bréaga agus siad calaoiseach i bhfad níos mar a thiocfadh leo a bheith a ligfí dóibh a bheith fiche no tríocha bliain ó shin.”

Deir gur inis Anthony Eden bréaga le linn ghéarchéim Suez nuair a mhaígh nach raibh comhoibriú i gceist le hIosrael roimh an ionradh Sasanach/Francach ar Suez. Agus chuir sin deireadh le Eden.

Na bréaga a d’inis Tony Blair na hairm ollscriosta, bhí siad sin i bhfad ba mheasa. Chaill cuid mhór suíochán sa pharlaimint. Deir , ‘Chuala sibh’ agus leanann ar aghaidh mar a bhí roimhe!”

Sin fadhb mhór atá ag dul in olcas sa Bhreatain, dar le Fisk: an dóigh a mothaíonn daoine nach bhfuil rialtas na tíre ag gníomhú ar a son agus go bhfuil an bhearna idir an saoránach agus an córas polaitíochta ag méadú. Bhí an neamhaird a thug an rialtas ar an mhórshiúl frithchogaidh i Londain ar a raibh milliún duine ina chomhartha nach raibh an rialtas ag comhlíonadh mhian na ndaoine, measann Fisk.

Níl na hionadaithe a thogh muid ag déanamh ionadaíochta ar ár son agus sin ag cur an daonlathais i mbaol,” ar .

I gcroílár na contúirte

an clú ar Fisk go gcuireann tuairiscí níos fearr ar fáil mar go mbíonn féin i lár an aonaigh ag na láithreáin uafáis, i gcroílár na contúirte.

Araibis líofa aige agus measann féin nach dtuigeann iriseoirí cad é mar a mhothaíonn gnáth-Arabaigh siocair nach mbíonn siad ag caint leo ar na sráideanna.

Rinne Fisk tuairisceoireacht ar an réabhlóid san Iaráin, an cogadh idir an Iaráin agus an Iaráic, agus an choimhlint san Ailgéir.

D’fhan féin i mBéiriút le linn an chogaidh chathartha sa tír sin. Mar sin, an mbreathnaíonn Fisk air féin mar fhinné ar an chogadh nuair atá iriseoirí eile sásta iriseoireacht óstáin a chleachtadh?

Téim chun na hIaráice agusdálta Patrick Cockburn, an tÉireannach atá ag obair don *Independent *agus iriseoir an *Guardian *- bím ag tuairisceoireacht ó na sráideanna,” ar . “ miste liom iriseoirí bheith ag tuairisciú ó sheomraí daingnithe óstáin ar ghutháin siúil a fhad is go n-insíonn siad don lucht féachana gur sin mar atá.

Ba ghnách liom creidbheáil gur muidinne, na hiriseoirí, céad fhinnéithe neamhspleácha na staire, go raibh muid neodrach. Ach bhí ag caint le hAmira Hassiriseoir Iosraelach den chéad scoth atá ag obair don pháipéar *Ha’aretz *– agus bhí plé fada againn ról na n-iriseoirí ar fud an domhain. Agus dúirt sise: ‘ contráilte, a Robert. Is é jab s’againne monatóireacht a dhéanamh ar chroílár na cumhachta, go háirithe nuair a théann siad chun cogaidh, go háirithe nuair a mharaíonn siad daoine, go háirithe nuair a insíonn siad bréaga na dúnmharuithe sin.

D’imir taithí a máthar tionchar mór ar Amira. Bhí an mháthair ag troid ar son na bPartisans, ach ghabh na Gearmánaigh í agus chuir í chuig sluachampa géibhinn. Agus í ag siúl na sráide a fhad leis an traein a bhéarfadh chun an ghéibhinn í, í gléasta go gioblach, tháinig na mná Gearmánacha amach as a gcuid tithe, áit a raibh siad ag déanamh giollachta ar an bhricfeasta, le stánadh orthu. Dúirt an mháthair le hAmira: ‘ rud amháin ar an tsaol seo nach dtig liom cur suas leis, agus sin daoine a sheasann ar leataobh, a amharcann ach nach ndeán a dhath.

Is iomaí cara de chuid Fisk a fuair anbhás le linn na gcoimhlintí a ndearna tuairisciú orthu.

Bhí mór le Rafiq Hariri a bhíodh ina Phríomh-Aire ar an Liobáin, agus an fear a chuir tús le hatógáil na tíre i ndiaidh an chogaidh chathartha, go dtí gur maraíodh é i mBéiriút i Feabhra i mbliana.

Chuir an marú gruaim ar Fisk. Bunús an ama, d’fhillfeadh ó láthair éigin chogaidh uafáis chuig a árasán i mBéiriútle hanáil a tharraingt, bheith ar mo sháimhín cois na farraige, suí ar mo bhalcóin álainn ag breathnú ar an Mheánmhuir, dul a shnámh i linn an tseanóstáin bhriste, an St George.

Sna laethanta a lean marú Hariri, thiocfadh liom gan gruaim a bheith orm,” a scríobh ina leabhar. “Bhí greim ag an bhás ar an Mheánoirthear, agus bhí mar thaibhse i mo shaol féin. I mo leabhar teagmhálacha, nótaí beaga in aice leis na hainmneacha. Died, 2004 a scríobh in aice le huimhir ghutháin Margaret Hassan. Murdered, 14/2/05 a scríobh in aice le hainm Hariri.”

Ach cad é mar a thig le hiriseoir feidhmiú agus an dúbhrón seo uilig thart air, bás a chairde agus a lucht aitheantais. Measann gur gairm atá san iriseoireacht agus go bhfuil cosúil leis an leigheas, ainneoin gur tábhachtaí i bhfad lucht leighis, a deir . Cuireann na básanna fearg air, ach níl ansin le deora a shileadh.

shileann dochtúir deora nuair atá ag déanamh obráidí ar dhaoine atá go dona tinn,” ar .

Osama bin Laden

ba luaithe sa chomhrá, dúirt go bhfeiceann daoine an t-aingeal i ndaoine a bhfuil siad mór leo, is cuma chomh lochtach is atá siad. An bhfeiceann an t-aingeal in Osama bin Laden?

Chuir an cheist mishuaimhneas air, eagla air go scríobhfainn go raibh ag tabhairt tacaíocht mhorálta do bin Laden, fear ar bhuail leis trí huaire. An pointe a bhí a dhéanamh mhíníonn na cúiseanna atá taobh thiar de ghníomhartha uafáis – 9/11, feachtas na Sealadach, aninsurgencyatá ar siúl faoi láthair san Iaráicgo ndéarfaidh daoine go bhfuil ag tabhairt leithscéil do sceimhlitheoirí, á maitheamh, agus ag tabhairt tacaíochta dóibh.

Gach uair a mhíním na fáthanna a bhfuil fuath ag Moslamaigh, agus an domhan Arabach go ginearálta, ar an Iarthar, cuirtear sin síos dom go bhfuil ag tabhairt tacaíochta do sceimhlitheoirí. bhainim úsáid as an fhocal sceimhlitheoir mar go mbaintear úsáid as le cur síos ar ár naimhde, chan ar ár gcairde. déan dearmad gur cara don Iarthar a bhí i Saddam Hussein agus gur throid Osama bin Laden ar ár son-na san Afganastáin. Is focal gan úsáid ésceimhlitheoireacht’.

Caithfidh muid an cheist a chur, ‘Cad chuige? I ndiaidh 9/11, rinne ollúna Meiriceánacha ionsaithe fíochmhara orm, ach leor é a go bhfuilsiad’ á dhéanamh mar go bhfuil fuath acu ar an tsaoirse atá againn. dhéantar coir, an chéad rud a dhéanfaidh na póilíní ceannfháth a chuartú. Maidir le 9/11, is é an t-aon rud nach bhfuil cead againn a dhéanamh na cúis a chuartú.

Caithfidh a leat féin: ‘Is Arabaigh iad a rinne a leithéid seo; is as an Mheánoirthear iad; an bhfuil fadhb ansin? Caithfidh na fadhbanna sin a réiteach sa dóigh is nach dtarlóidh arís.

Nuair a tharla na buamaí i Londain i Iúil, thosaigh Blair ag caint arevil ideologies. chuirfidh sin deireadh leis an hionsaithe,” arsa Fisk.

Sin an pictiúr mór, a deirim leis, an pholaitíocht ar scála domhanda, ach pictiúr beag ann fosta, na leanaí a mharaítear, na pléascáin fhéinmharaitheacha.

pictiúr beag atá ann nuair atá ansin,” arsa Fisk, agus fearg ina ghlór. “Téim chuig na marbhlanna agus tchím iad, na scórtha acu. Tchí mná, a lámha ceangailte ar a gcúl, iad scaoilte trí huaire sa chloigeann, tchí leanaí agus an scornach gearrtha acu. Is rud uafásach é sin.”

Is léir go gcuireann an forneart déistin ar Fisk agus is léir go gcreideann go bhfuil maitheas agus cneastacht i measc na saighdiúirí Meiriceánacha atá san Iaráic, ach go bhfuil coireanna cogaidh á ndéanamh acu fosta.

I ndiaidh na hIaráice, fios cad a tharlóidh. chailleann na Meiriceánaigh agus na Sasanaigh, cad é an tionchar a bheas ag sin ar an Mheánoirthear? An bhfógróidh Bush cogadh ar an tSiria ar an Iaráin? Neosfaidh an aimsir. Ar bhealach amháin ar bhealach eile, beidh tuilleadh láithreán uafáis ag Robert Fisk le bheith ag tuairisciú uathu.

Is iriseoir leis anIrish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.