AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

roinnt cásanna cúirte ag cur Balor i gcontúirt casadh aigne fiú baol an urchair mhillte. Is doiligh glacadh le cuid bhfuil ar siúl.

An ghaoth aduaidh bíonn cruaidh, dar leis an dán, ach is cosúil go bhfuil achan ghaoth a shéid inár dtreo le cúpla anuas crua agus fuar, feannaideach agus anfach. Tháinig cuid de na gaotha aniar aduaidh orainn, gur aniar aneas a tháinig siad thuigeann sibh , a léitheoirí dílse. bheidh mórán teacht aniar fágtha i ndaoine leanann an ghaoth aduaidh gan staonadh. ‘An ghaoth aniar bíonn fial is cuireann iasc i líonta, a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra, d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘ na gaoithe cóirithe na líonta daingnithe na ndíonta deisithe na mballaí farraige, a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.

Is olc an ghaoth nach séideann leas duine éigin, a dúirt ceannaire Uisce Éireann. ‘Is linne gach uile bhraon d’uisce in Éirinn anois, fiú uisce na farraige a thagann i dtír agus uisce na díleann a thiteann anuas ón spéir orainn. H2O atá ann agus mar sin is linn éagus íocfaidh sibhse go daor as. Chonacthas roinnt daoine amuigh faoin fhearthainn i gConamara agus i gCorca Dorcha agus iad ceann-nochta! An é go síleann siad nach dtuigeann muid gur ag a gcuid gruaige saor in aisce a bhí siad. fianaise againn go bhfacthas sobal gallúnaí ag sileadh anuas thar chótaí báistí roinnt acu. Thángthas ar bhean amháin i dTír Chonaill agus í amuigh sa stoirm bháistí gan tointe ar a cloigeann. Ach nuair a cuardaíodh cochall a cóta thángthas ar bhuidéal Pantene Smooth and Sleek Shampoo with Anti-Ageing Serum! Samhlaigh sin i gcochall do chóta trí thimpiste, mar dhea!

An tUasal Ó Srutháin

Garth Brooks le teacht go Páirc an Chrócaigh. Dúirt urlabhraí an CLG go mbeadh dhá stoirm cheoil aige sa cheanncheathrú agus bhí gach duine sásta, a bheag a mhór, leis an socrú sin. Ach ansin chuala Garth Brooks ( Gearóid Ó Srutháin, mar a thugann air féin nuair a bhíonn in Éirinn) go raibh comharsana Chumann Lúthchleas Gael ag lorg tuilleadh stoirmeacha ceoil le go mbeadh na sráideanna beaga cúnga thart ar Pháirc an Chrócaigh plódaithe le meisceoirí agus múisceoirí as achan chontae in Éirinn, nach mbeadh aon bhealach isteach amach ag na cónaitheoirí agus go mbeidís mar a bheadh cimí ina gcuid tithe beaga féin. Dúirt an tUasal Ó Srutháin go raibh cairde aige in áiteanna ísle agus gur thuig a gcás, agus chinn féin agus muintir CLG ar thrí stoirm cheoil eile a chur ar siúl. ag cur brú ar údaráis an CLG Páirc an Chrócaigh a líonadh le huisce ar na hócáidí sin agus go mbeidh féin ar ardán ar snámh i lár na páircedíreach ar mhaithe le muintir na hÉireann a bheith ar a gcompord. Beidh cruinniú aige le muintir Uisce Éireann sa neastodhchaí. Osclóidh gach ceann de na cúig stoirm cheoil leis an amhrán céanna: The Thunder Rolls.

Bhí níos an drochaimsir mar ábhar comhrá ag muintir na hÉireann le linn na míosa atá díreach thart. Bhí Miss Panti Bliss ann chomh maith. Banríon draig atá ann agus is iontach an fear é. Ach is í an cheist mhór an bhfuil an tUasal Panti Bliss ag fáil céatadáin den airgead a thugann RTÉ amach do dhaoine a mhothaíonn go bhfuil Miss Panti i ndiaidh iad a mhaslú? don Uasal Bliss ach dul ar chlár teilifíse ar feadh cúpla bomaite agus a go bhfuil a leithéid seo a leithéid siúd hómafóbach, agus bíonn RTÉ sásta airgead mór a íoc lena leithéid seo a leithéid siúd chun nach gcuirfí an dlí orthu.

Rás Putin ina Chúlóg ar Each

Ba bhreá le Balor dul ar chlár le Miss Panti, ach beidh air dul sa scuaine. na céadta ann roimhe, agus amuigh chun tosaigh ar na céadta sin Vladimir Putin na Rúise. Dúirt an tUasal Putin linn ar na mallaibh go mbíonn ag taibhreamh faoi Panti gan stad; agus gur thit i ngrá le Miss Bliss an chéad uair a chonaic é ar an Saturday Night Show. Deir Putin gurb é mian a chroí é féin agus Panti a bheith ar muin capaill agus iad beirt droimnocht; eisean ar chúl agus Panti chun tosaigh, ag sodar go bog trí mhachairí báite na hÉireann, agus Putin ag cogarnach go ciúin isteach i gcluaisín Miss Panti. Beag seans go bhfeicfidh muid Miss Panti ar an Late Late Show go ceann i bhfad.

cás cúirte Thriúr Anglo ag dul ar aghaidh i rith an ama. Deirtear gurb é an chéad chás cúirte riamh in Éirinn a bhfuil rabhadh sláinte ag dul leis. fógra mór in aice le doras na cúirte ag cur foláirimh ar an phobal agus iad ag dul isteach chun éisteacht leis: D’fhéadfadh an cás cúirte seo dochar a dhéanamh do shláinte duine! Agus an ceart ar fad ag an duine a chroch an fógra. i ndiaidh lae, ón am ar thosaigh an cás, bíonn otharcharranna ag teacht le daoine a thabhairt chun na hotharlainne. Is iad na sainchomharthaí is coitianta a bhíonn ar na hothair : fearg as an ghnách a chuireadh baol an urchair mhillte ar dhuine agus dúlagar domhain a chuirfeadh baol báis ar dhuine. Samhlaigh muintir bhocht an choiste chúirte ag éisteacht le scéalta faoi na milliún euro á gcaitheamh ar chóisirí agus ar bhronntanais, agus iad féin ag fáil €20 sa le bia agus taisteal a chuimsiú. Bheidís níos fearr as amuigh faoin tuile bháistí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.