CÚINNE NA nEALAÍON
Taispeántas hataí Philip Treacy
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Tháinig an haitéir Philip Treacy ar ais go hÉirinn le bheith i láthair ag oscailt a thaispeántais nua ‘Unlikely Sculpture: Hatforms’ in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Aibreáin. Tá clú agus cáil idirnáisiúnta ar Treacy mar dhearthóir hataí a oibríonn le couturiers atá go mór i mbéal an phobail, leithéidí Karl Lagerfield, Helmut Lang, Alexander McQueen agus Theirry Mugler.

Íomhá
Hataí le Philip Treacy
Íomhá
Philip Treacy

In ainneoin go mbaineann a shaothar le cúrsaí faisin agus haute couture, tá dlúthcheangal le saol na healaíne agus na dealbhóireachta le brath sa taispeántas seo.

Úsáideann Treacy múnlaí plástair agus adhmaid snoite chun a chruthanna casta agus fíneálta a chruthú agus bíonn siad seo mar bhonn ar a gcuireann sé an t-éadach lena hataí a dhearadh. Chuirfeadh na múnlaí seo plandaí aduaine den chineál a d’fheicfeá sna Trópaicí i gcuimhne duit nó an dóigh a gcuirtear cruthanna as a riocht nuair a amharcann tú orthu faoin uisce.

Is é seo an chéad uair atá a shaothar le feiceáil mar seo in Éirinn agus tugann an taispeántas an-léargas ar an phróiseas deartha a bhaineann le hataí Treacy chomh maith leis an scil agus leis an chumas ar leith atá aige mar ealaíontóir.

líníocht le feiceáil sa taispeántas fosta, chomh maith le físeán dá thaispeántas deireanach, a bhí ar siúl i bPáras agus ar éirigh go hiontach leis. San fhíseán céanna tá Grace Jones, an ceoltóir agus an t-aisteoir atá mar muse ag Treacy, le feiceáil ag caitheamh a hataí agus ag súgradh leis an cheamara go gríosaitheach.

Spreagadh

Rugadh Treacy i gContae na Gaillimhe i 1967. Chuir sé in iúl tráth in agallamh teilifíse gur iarmhúinteoir bunscoile a spreag é le dul i dtreo an fhaisin nuair nach raibh sé ach sé bliana d’aois; bhris an múinteoir seo an nós traidisiúnta a bhí ann ag an am gan cead a thabhairt do bhuachaillí fuáil a fhoghlaim. Fiú agus gan é ach óg, léirigh Treacy go raibh cumas agus samhlaíocht aige.

Philip Treacy

Rinne sé staidéar sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha i mBaile Átha Cliath agus le linn na tréimhse seo thosaigh sé ag obair le dearthóirí fadbhunaithe, leithéidí Rifat Ozbek agus John Galliano. D’éirigh leis céim onóracha a bhaint amach agus ansin i 1988 fuair sé scoláireacht le freastal ar an Choláiste Ríoga Ealaíne i Londain.

D’oscail sé a stiúideo féin in Belgravia, Londain i 1991 agus i 1993 chuir sé a chéad taispeántas faisin ar siúl do Sheachtain an Fhaisin sa chathair sin, rud a dhéanann sé go bliantúil anois. Tá a shaothar ar taispeáint i go leor iarsmalann ar fud an domhain agus i 1997 bhí sé le feiceáil sa Palazzo Pitti i bhFloráns na hIodáile le linn an Biennale di Firenze. Tá a chuid hataí ar díol i gcuid de na siopaí is daoire ar domhan chomh maith, ina measc Bergdorf Goodman, Saks Fifth Avenue, Harrods agus Harvey Nichols.

Is duine é Treacy a chruthaíonn áilleacht agus draíocht lena lámha. Níl sé riachtanach a chuid hataí a fheiceáil ar cheann na mban is áille ar domhan - seasann siad go láidir leo féin mar phíosaí dealbhóireachta, mar a fheicfidh duine ar bith a thabharfaidh cuairt ar an taispeántas in Áras na Nua-Ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.