103
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Táthar chun breis is fiche scoil Chaitliceach a dhúnadh i Nua-Eabhrac go luath agus buille an-mhór a bheas anseo do go leor daoine, dar le Tom Deignan.
»»»I dtrátha an ama seo gach bliain, bíonn scoláirí na tíre ar bís le fáil amach cén breithiúnas a thabharfar orthu ina dtuairisc scoile. Tugann Breandán Delap a mheas féin ar cad é mar a d’éirigh le baill den Chomhaireacht i gcaitheamh na bliana
»»»Murach an tOirmhinneach Nicholas Callan agus eolaithe eile Éireannacha seans nach mbeadh gléasanna seinnte ceoil mar an iPod chomh maith is atá siad, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Bhuail Catherine Foley le Cabríní de Barra, bean as Baile Átha Cliath a bhog chun na nDéise. Thaobhaigh Cabríní le cuspóirí Chonradh na Gaeilge le blianta, ní a thug ar aon ardán í le triúr eile ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn le caint a thabhairt; caint a tharraing caint.
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag faire ar údarás crua an stáit: ollmharú na sluaite agus ag coigistiú chuige féin saothar cinniúnach i saol duine ‘ar son na hoidhreachta coitinne’.
»»»Deir Donncha Ó hÉallaithe gur mó dochar ná maitheas a dhéanfaidh an stocaireacht atá ar bun ag Conradh na Gaeilge ar na hiarrthóirí atá ag seasamh i dToghcháin na hEorpa.
»»»Tuigeadh do Bhreandán de Gallaí ar na mallaibh go mb’fhéidir go bhfuil ailtireacht ar son na mórotrachta curtha i bhfeidhm i dtíortha forbartha. Cé acu, an staighre nó an t-ardaitheoir a ghlacfas tú leis an oifig a bhaint amach? An gá go mbeadh mótarbhealach go doras againn le theacht ar an ghreim ghasta?
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Pól Ó Frighil, An Gaeláras, Doire.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Cormac Ó hAodha, Oisín Seirbhísí Comhairle Teanga Teoranta, Cúil Aodha, Contae Chorcaí.
»»»Chuir Mícheál Ó hAodha spéis i scéal fir as ceantar Thrá Lí a raibh lámh aige i gcinniúint a lán d’Éireannaigh an bháid bháin i leath deiridh an chéid seo caite.
»»»Is [i]chauffer[/i] pearsanta é Pól Ó Muirí a n-éilíonn a chliaint cuid mhór uaidh. Níor mhiste leis dá mbeadh Alfa Romeo aige ach, ach an oiread lena phearsantacht stuama sheasmhach, is í praiticiúlacht an bua is mó atá ag a charr.
»»»Sa tsraith seo, cuirfidh Gordon McCoy agus Róise Ní Bhaoill cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díreoidh siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: Cúrsaí éadaigh.
»»»Bhí díomá ar go leor daoine nuair a dhún caife Ghael Linn i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Ar an dea-uair, áfach, d’oscail caife Gaeilge eile i lár na cathrach i dtrátha an ama chéanna. Thug Caoimhe Ní Laighin cuairt ar an gcaife seo agus labhair leis an mbainisteoir, Úna Nic Gabhann.
»»»Chaith Máire Ní Chuagáin Oíche Chinn Bhliana i bPáras agus chuaigh na difríochtaí idir an ceiliúradh ansin agus in Éirinn i gcion uirthi.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.