127
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá sé ceithre bliana déag anois ó chuaigh Mairéad Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy isteach sa stiúideo leis an albam ‘Altan’ a thaifeadadh. Réitigh siad chomh maith sin le beirt de na ceoltóirí a bhí ag seinm ar an albam, Ciarán Curran (bouzouki) agus Mark Kelly (giotár), gur chinn siad ar ghrúpa a bhunú leo agus Altan a thabhairt mar ainm air. Tá an domhan mór siúlta ag Mairéad agus ag an ghrúpa ó shin ach má tá sí ag éirí bréan den saol fuadrach seo, ní raibh sin le brath uirthi nuair a chuaigh mé chun cainte léi ag deireadh mhí an Aibreáin.
»»»Seo scéal as cnuasach nua gearrscéalta le Gabhán Ó Fachtna, Bás is Beatha ar an Bhóthar Chreagach.
»»»Cé gur múinteoir Laidine é Ed Foley ina chathair dhúchais, Bostún, bhraith sé frustrachas an-mhór nuair a chuaigh sé i ngleic le gramadach na Gaeilge ar dtús. Míníonn sé anseo cad é mar a d’éirigh leis an teanga a thabhairt leis sa deireadh.
»»»Níl Yolanta Kruk ag foghlaim Gaeilge ach le cúpla bliain ach tá an-líofacht bainte amach aici, a bhuíochas sin ar mhúinteoir den scoth agus áiseanna iontacha idirlín.
»»»Tar éis dó triail a bhaint as an leagan nua de Word a bheas ar an margadh gan mhoill, tá Diarmaid Mac Mathúna den tuairim go gcuirfidh an comhéadan nua atá forbartha ag Microsoft mearbhall ar go leor daoine.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí faisin.
»»»Is as Gaoth Dobhair ó dhúchas é Colm Ó Baoill ach tá cónaí air anois lena bhean chéile Seapánach i Sydney na hAstráile. Míníonn sé anseo na deacrachtaí a bhaineann le páistí a thógáil trí Ghaeilge i bhfad ó bhaile.
»»»Chuaigh an clár a craoladh ar an teilifís an mhí seo caite mar gheall ar mhuintir Ailpín as Corcaigh i gcion go mór ar lucht féachana na hÉireann, Colm Mac Séalaigh ina measc.
»»»Tá 80 faoin gcéad de mhargadh na beorach i Meiriceá roinnte idir Budweiser, Miller agus Coors. Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil na brandaí beaga beorach ag seasamh an fhóid, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.
»»»Is iomaí duine atá buartha faoina phost ar na saolta seo agus ag amharc go neirbhíseach ar an méid atá roimhe ó thaobh cúrsaí airgeadais de i 2009. Faoi mar a phlé mé i m’alt an mhí seo caite, tá slite go leor ann chun gur féidir le duine úsáid a bhaint as áiseanna ar an idirlíon chun airgead a shábháil dó féin. Ach cad faoi chomhlachtaí?
»»»Thug Roseanne Smith a ríomhaire glúine léi ar saoire don chéad uair riamh i mbliana. Cén fiúntas seirbhise idirlín a fuair sí ar an gcúlriasc in iarthar na tíre? Ar chuidigh an guthánI, an guthán idirlín, léi?
»»»Tá baint lárnach ag an Dr. Muireann Ní Bhrolcháin leis an bhfeachtas atá ar siúl le tamall anuas chun stop a chur leis an mótarbhealach atá le tógáil in aice le Cnoc na Teamhrach i gContae na Mí. Sa chéad alt seo de dhá cheann, míníonn sí cén fáth a bhfuil sí glan i gcoinne an phlean agus cáineann sí rialtas, atá, dar léi, ar nós cuma liom faoin gcomhshaol agus faoin oidhreacht.
»»»Easnamh i gcultúr na ceannaireachta airgeadais a d’fhág san fhaopach sinn deir Ciarán Mac Aonghusa linn.
»»»Chaith John-Paul Mc Carthy seal ag cíoradh leabhair ar pholaiteoir Briotanach a bhfuil cuimhní go leor faoi in Éirinn, an t-iar-Stát-Rúnaí Gnóthaí Baile, Roy Jenkins.
»»»Is [i]chauffer[/i] pearsanta é Pól Ó Muirí a n-éilíonn a chliaint cuid mhór uaidh. Níor mhiste leis dá mbeadh Alfa Romeo aige ach, ach an oiread lena phearsantacht stuama sheasmhach, is í praiticiúlacht an bua is mó atá ag a charr.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.