AR NA SAOLTA SEO
Deireadh na soineantachta
Nollaig Ó Néill Nollaig Ó Néill

Insíonn leabhar nuafhoilsithe dar teideal [i]Why Can’t I Speak[/i] scéal Barbara Naughton, bean a gciontaíodh a hathair as ionsaithe gnéis a dhéanamh uirthi. San alt seo, míníonn Nollaig Ó Néill, páirtí Barbara, cén fáth ar theastaigh uaithi an leabhar a scríobh.

Íomhá
Íomhá
Bobby Molloy: d'éirigh as a phost mar aire stáit in 2002

Ar an 4 Deireadh Fómhair i mbliana, d’fhoilsigh mo pháirtí Barbara Naughton a céad leabhar, dar teideal Why Can’t I Speak. Tugann an leabhar léargas dúinn ar shaol Barbara agus í ag éirí aníos i gCamas agus ar an gCeathrú Rua, ar ceantair i nGaeltacht Chonamara iad, i rith na n-ochtóidí agus na nóchaidí. Agus Barbara ocht mbliana d’aois, thosaigh a hathair ag déanamh ionsaithe gnéis uirthi, agus ba dhéanaí, rinne í a éigniú. Ag an am, níor thuig Barbara céard go díreach a bhí ag tarlú di. Lean na hionsaithe gnéis ar aghaidh go dtí go raibh cúig bliana déag d’aois, agus rinneadh ionsaí amháin eile uirthi agus í ocht mbliana déag d’aois. An uair dheireanach a rinneadh ionsaí uirthi, bheartaigh Barbara go rachadh chuig na Gardaí. An dár gcionn, áfach, thit agus í ina hionad oibre. Nuair a d’fhreastail ar an dochtúir i gCarna, d’inis a scéal agus den chéad uair riamh ina saol bhraith go raibh saor ó bhrúidiúlacht a hathar. Ghlaoigh an dochtúir ar Ospidéal Ollscoil na Gaillimhe agus chaith Barbara trí seachtaine ansin, áit ar shíl go mbeadh slán. D’fhág a hathair an baile agus cheap Barbara agus a teaghlach go raibh i ndiaidh an bád a thógáil chun na Breataine. Ach raibh. Oíche amháin, tháinig a hathair isteach san ospidéal agus bhagair go tréan ar a iníon go mbainfeadh díoltas amach uirthi mura mbeadh sásta na líomhaintí a tharraingt siar agus a béal a choinneáil dúnta ina dhiaidh sin. Ach bhí ródhéanach ...

TriailIn Aibreán na bliana 2002, sheas Patrick Naughton sna Ceithre Cúirteanna i lár Bhaile Átha Cliath, agus é cúisithe as éigniú a iníne. I rith na trialach, rinne Bobby Molloya bhí ina aire stáit ag an amiarracht teagmháil a dhéanamh leis an mBreitheamh Philip O’Sullivan, breitheamh den Ard-Chúirt a bhí i gceannas ar an triail. Eachtra urghnách a bhí inti, a raibh clampar sna nuachtáin náisiúnta agus sna meáin chumarsáide i gcoitinne fúithi.

ceisteanna fós le freagairt faoin eachtra. fios fós an raibh Molloy ag déanamh uiríll leis an mbreitheamh ar son an chúisí chun go mbeadh tionchar aige ar thoradh na trialach. Pléadh an cás sa Dáil agus, sa deireadh, d’éirigh Molloy as a phost mar aire stáit. Agus é ag fágáil a phoist, ghabh Molloy a leithscéal leis an bpobal, ach bhfuair mo pháirtí leithscéal riamh. I ndeireadh na dála, ciontaíodh athair Barbara as a héigniú, agus gearradh aon bhliain déag príosúnachta air. Bhí mar aidhm ag Barbara, agus an leabhar seo á scríobh aici, aird a tharraingt ar an bhfulaingt nimhneach a dtéann roinnt páistí trithi mar gheall ar ionsaithe gnéis, ionsaithe a mbíonn baill teaghlaigh ciontach astu go minic.

Why Can’t I Speak (Authorhouse, 2007) ar díol ar fud na tíre agus is féidir é an leabhar a cheannach freisin ó:

  • www.authorhouse.co.uk *

www.amazon.com

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Nollaig Ó Néill agus ag obair sa Roinn Comhshaoil. De bhrí gurb é páirtí údar an leabhair atá á phlé san alt seo, bhfuair aon chúiteamh as é a scríobh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.