AR NA SAOLTA SEO
An Mó Polainnis ná Gaeilge a Labhraítear in Éirinn?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Chaith Donncha Ó hÉallaithe súil ar na figiúirí a foilsíodh le gairid ón Daonáireamh a tógadh Aibreán seo caite. Deir sé gur ábhar dóchais atá iontu ar an láimh amháin ach ag an am céanna, fiafraíonn sé an bhfuil níos mó den Pholainnis á labhairt in Éirinn faoin am seo ná Gaeilge?

Ag breathnú ar thorthaí an Daonáirimh 2011, a foilsíodh le gairid, is dea-scéala a bhí le tuairisciú faoin nGaeilge, tríd is tríd. Ar an gcéad dul síos bhí os cionn 100,000 duine breise a dúirt go bhfuil ‘Gaeilge labhartha’ acu thar mar a bhí 5 bhliain ó shin. Bhí 1.66 milliún duine ag tabhairt le fios i 2006 go raibh Gaeilge acu. Ach anois tá líon na ndaoine a mhaíonn go bhfuil Gaeilge acu méadaithe go 1.77 milliún. Níor mhaith liom ‘cainteoirí Gaeilge’ a thabhairt orthu. Ar an gcéad dul síos tá an cheathrú chuid acu a dúirt nach labhraíonn siad Gaeilge riamh agus ar an tarna dul síos is féinmheastóireacht atá á déanamh ag daoine orthu féin nuair a thugann siad le fios go bhfuil Gaeilge acu. Is cinnte go ndéanann tuismitheoirí áibhéil faoi chumas Ghaeilge a gcuid gasúr. Bhí Gaeilge labhartha ag 64.7% de na déagóirí san aoisghrúpa 15 – 19 bl. d’aois, de réir na foirmeacha a líonadh isteach dóibh sa mbliain 2006. Sa mbliain 2011 bhí na daoine céanna sin san aoisghrúpa 20 – 24 bl. d’aois ach ní raibh Gaeilge labhartha anois ach ag 44.2%!

Ábhar Dóchais

Bíodh sin mar atá, tá méadú 7% tagtha ar an líon daoine a dúirt go bhfuil Gaeilge labhartha acu agus is ábhar dóchais é sin. Is ábhar dóchais é chomh maith go bhfuil méadú leanúnach sa líon tuismitheoirí a deir go bhfuil Gaeilge ag a gcuid páistí réamhscoile, páistí san aoisghrúpa 3 – 4 bl. d’aois, mar a léirítear sa tábla seo:

Tábla 1. Páistí san Aois-ghrúpa 3-4 bhliain d’aois le Gaeilge
Bliain 1996 2002 2006 2011
Líon le Gaeilge 8,451 10,450 14,773 18,740
% le Gaeilge 10.0% 10.3% 13.7% 14.3%

Is méadú suntasach é sin ó 10% an bhliain a bunaíodh TG4 go dtí 14.3% a bhí ann anuraidh do réir an Daonáirimh. Tá cuid den creidiúint ag dul do TG4 agus don Ghaelscolaíocht.

Ach níl ach fíorbheagán den dream a deir go bhfuil Gaeilge acu a labhraíonn an teanga go rialta agus níl aon fheabhas ag tíocht ar an scéal mar a léiríonn an tábla thíos:

Tábla 2. Daoine le Gaeilge a úsáideann go laethúil í agus go seachtainiúil taobh amuigh den chóras oideachais
Bliain 2006 2011
Líon le Gaeilge 1,656,790 1,774,437
Go Laethúil 72,148 (4.35%) 77,185 (4.35%)
Go Seachtainiúl 102,861 (6.2%) 110,642 (6.2%)

Go bunúsach, as gach deichniúr (10.55%) a deir go bhfuil Gaeilge acu, níl ach duine amháin a labhraíonn Gaeilge go rialta, ’sé sin ar a laghad uair sa tseachtain.

Sprioc na Straitéise Fiche Bliain

Mar is eol do chuile dhuine faoin am seo, ’sé an sprioc atá leagtha amach sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge go mbeadh 250,000 cainteoirí laethúla ann taobh amuigh den chóras oideachais faoi cheann fiche bliain. An bhfuil an sprioc sin insroiste? Ní dóigh liom é. Bhí ráta fáis 7.1% ann idir 2006 agus 2011 i líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh de na scoileanna. Dá leanfaí leis an ráta fáis sin ar feadh scór bliain bheadh 101,500 Gaeilgeoirí laethúla ann faoi 2031. Dá ndéanfaí an ráta fáis a dhúbailt go 14% in aghaidh na cúig bliana bheadh 130,400 Gaeilgeoirí laethúla faoi cheann scór bliain. Leis an sprioc 250,000 a bhaint amach theastódh ráta fáis sa líon Gaeilgeoirí laethúla de 34.15% gach cúig bliain!

Feictear domsa gurb é sin an tslat tomhais ar cheart a bheith ag an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ná 250,000 Gaeilgeoir rialta (á úsáid go seachtainiúil ar a laghad) a bheidh ann faoin mbliain 2031. Bheadh an sprioc sin níos réadúla agus d’fhéadfaí é a shárú.

Na Ceantair Ghaeltachta:

Tugadh eolas ón Daonáireamh chomh maith faoi na ceantair Ghaeltachta, briste síos de réir chontae. Beidh orainn fanacht go deireadh na bliana le scagadh de réir na dtoghroinn cheantair a fháil ón CSO. Tháinig méadú beag de 660 faoi líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge sa nGaeltacht oifigiúil, taobh amuigh den chóras oideachais: 22,515 an líon Gaeilgeoirí laethúla i 2006 agus tá an líon sin méadaithe 3% go 23,175. Ach sa tréimhse chéanna mhéadaigh daonra na Gaeltachta 5%!

Taispeáintear sa chlár thíos an méadú nó laghdú a tharla i líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta na gcontaethe éagsúla:

Tábla 3. An t-athrú i líon na gcainteoirí laethúla (taobh amuigh den córas oideachais) sa Ghaeltachta de réir contaethe
Contae Athrú sa Líon Cainteoirí Laethúla % Athrú
Corcaigh +115 13.3%
Dún na nGall +91 1.3%
Cathair na Gaillimhe +65 11.4%
Gaillimh +431 4.5%
Ciarraí +107 4.5%
Maigh Eo -109 -8.5%
An Mhí -22 -6.5%
Port Láirge -18 -3.9%
An Ghaeltacht +660 2.9%

Seo thíos an % cainteoirí laethúla, taobh amuigh den chóras oideachais, sna ceantair Ghaeltachta i ngach contae don dá bhliain 2006 agus 2011. Feabhas beag atá le tabhairt faoi deara i gCorcaigh agus i gCiarraí ach laghdú i gcás chuile contae eile. Smaoinigí gur féinmheastóireacht atá ar bun ag daoine, nuair a líontar isteach an fhoirm Daonáirimh.

Tábla 4. % Cainteoirí Laethúla Gaeilge (taobh amuigh den córas oideachais)
Gaeltacht % Cainteoirí Laethúla 2006 % Cainteoirí Laethúla 2011
Corcaigh 23.7% 26.4%
Dún na nGall 30.4% 29.6%
Cathair na Gaillimhe 4.2% 4.4%
Contae na Gaillimhe 32.8% 31.4%
Ciarraí 28.3% 29.6%
Maigh Eo 12.2% 11.1%
An Mhí 21.0% 18.5%
Port Láirge 29.1% 25.9%
An Ghaeltacht ina hIomlán 24.5% 24.0%

An Pholainnis chun cinn ar an nGaeilge

Tá fhios againn don chéad uair cé mhéad duine a úsáideann teanga eile seachas Béarla nó Gaeilge mar theanga baile. As an 122,585 Polannach atá sa stát , tá 119,526 acu ag labhairt na Polainnise mar theanga baile. Is í an Fhraincis an tarna teanga eachtrannach is mó a labhraítear le 56,430 Frainciseoirí baile sa stát. Faraor nár cuireadh an cheist cé mhéad duine a labhraíonn an Ghaeilge mar theanga baile. Bheadh toradh na ceiste sin spéisiúil. Tá an chuma ar an scéal gur mó a labhraíonn an Pholainnis sa mbaile ná mar a labhraíonn an Ghaeilge, mura bhfuil ach 77,185 Gaeilgeoirí laethúla ann.

Ar mhaithe le pleanáil teanga agus i bhfianaise na Straitéis Fiche Bliain, níor mhiste go mbeadh go gcuirfí ceist sa chéad Daonáireamh eile, le fáil amach an mó teaghlach ar fud an stáit ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar theanga baile. Gan Scéim Labhairt na Gaeilge againn, ní bheidh aon bhealach le monatóireacht a dhéanamh ar an nGaeilge mar theanga baile sa nGaeltacht a thuilleadh. Seans gur mó a d’inseodh na freagraí ar a leithéid de cheist faoi fíorstaid na Gaeilge, ná na ceisteanna atá ar an Daonáireamh faoi láthair. Chomh maith le sin gheofaí amach an bhfuil bunús ar bith leis an smaoineamh go mba cheart aitheantas Gaeltachta a bhronnadh ar ceantair ar nós Cluain Dolcáin agus ba cheart, más féidir, a thaispeáint go bhfuil an Ghaeilge á seachadadh ó ghlúin go glúin i measc sciar suntasach teaghlach in aon phobal ar fud na tíre, mar a sheachadtar í sa méad sin den bhfíor-Ghaeltacht atá fanta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.