AR NA SAOLTA SEO
Folaíonn Snopes an fhírinne faoi ról na nIosraelach i 9/11
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Míníonn Maidhc Ó Cathail thíos gur athraigh Snopes focal tábhachtach in alt, gan ainm údairfoinse luaite leis, a chrochadar as al-Manar, craoltóir satailíte sa Liobáin. Ní fhaca ‘Snopes’ aon cheo amhrais sa dream nár thug aghaidh ar a n-ionad oibre maidin 9/11.

“Níl ann ach teoiric comhcheilge! Léigh mé ar Snopes an fhírinne faoin scéal sin.” Is minic a chloistear freagra mar sin nuair a luann duine éigin fíricí nach bhfuil ar fáil sna mórmheáin. Ach léiríonn Snopes.com, a bhfuil clú agus cáil air mar an suíomh Gréasáin is fearr leis an bhfírinne faoi fhinscéalta uirbeacha a nochtadh, nach bhfuil siad iontaofa a fhad is a bhaineann an scéal le ról na nIosraelach sna hionsaithe ar 9/11.

In alt dar teideal “As Láthair Gan Chead,” déanann Snopes iarracht tuairisc a bhí ar al-Manar, craoltóir satailíte na Liobáine a bhréagnú. Maíodh sa tuairisc nach raibh 4,000 Iosraelach i láthair ag a n-ionad oibre sa Lárionad Trádála Domhanda maidin 11 Meán Fómhair. Ach in ionad imscrúdú a dhéanamh ar an gceist seo, tá alt idirlín gan ainm, gan foinse curtha faoina bhun ag Snopes ina bhfuil 4,000 Giúdach curtha in ionad na 4,000 Iosraelach.

Gan aon idirdhealú a dhéanamh idir na haltanna, maíonn Snopes gur samplaí maithe iad de na “plenty of anti-Semitic, anti-Zionist, and anti-Israeli groups eager to use the horrors of September 11 as fodder for propaganda to serve their own political ends.”

Dhéanfadh sé Leas’ - Netanyahu

N’fheadar an ndéarfadh siad an rud céanna faoi Benjamin Netanyahu agus Ariel Sharon. Nuair a fiafraíodh de Netanyahu oíche 11 Meán Fómhair cén difear a dhéanfadh na hionsaithe don chaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus Iosrael, d’fhreagair sé: “It’s very good.” Ansin cheartaigh sé é féin go tapaidh: “Well, not very good, but it will generate immediate sympathy.”

Níos déanaí an oíche sin, thug Sharon le fios go raibh sé ar intinn ag Tel Aviv feidhm a bhaint as an gcomhbhá sin, nuair a labhair sé ar theilifís Iosraelach. De réir an New York Times, Sharon “repeatedly placed Israel on the same ground as the United States, calling the assault an attack on ‘our common values’ and declaring, ‘I believe together we can defeat these forces of evil.”

Déanann Snopes neamhaird ar an bhfianaise go raibh a fhios ag Iosraelacha éigin go dtarlódh ionsaithe 9/11. Thuairiscigh Haaretz go bhfuair beirt fhostaí de chuid Odigo, an freastalaí teachtaireachtaí meandracha Iosraelach, teachtaireachtaí a thuar na hionsaithe ar an Lárionad Domhanda Trádála dhá uair sular tharla siad. Nuair a fiafraíodh de Carl Cameron, tuairisceoir Fox News, an raibh réamhfhios ag gníomhairí Iosraelacha faoi na hionsaithe, luaigh sé conclúid imscrúdaitheoirí SAM: “How could they not have known?” Agus nár mhaígh na “dancing Israelis,” a bhí ag scannánaíocht agus ag ceiliúradh imphléasc na dtúir, ar chlár cainte Iosraelach: “our purpose was to document the event.”

Ach dar le Snopes, “no miracles, human intervention, foreknowledge, coincidence, or vagaries of fate saved more than a few World Trade Center workers from meeting their deaths that day.”

Deargádh Mhuintir Silverstein

Duine amháin a raibh an t-ádh dearg air (nár luaigh Snopes) ná Larry Silverstein. Léasaigh Silverstein an Lárionad Domhanda Trádála sé seachtainí roimh 9/11, agus d’árachaigh sé é ar $3.5 billiún. Gach maidin ar feadh an ama sin bhuail sé le tionóntaí le haghaidh bricfeasta i mbialann Windows on the World sa Túr Thuaidh. Ar amharaí an tsaoil, ní raibh sé ann ar mhaidin 11 Meán Fómhair mar d’áitigh a bhean air nár cheart dó coinne lena dheirmeolaí a chailliúnt. Bhí an t-ádh ar a mhac agus a iníon chomh maith go raibh siad déanach don obair an mhaidin sin. Caithfidh sé gur chuir ádh Silverstein gliondar ar a chairde san Iosrael. Go luath i ndiaidh na n-ionsaithe, fuair an réalóir glaonna gutháin ó triúr príomhaire Iosraelach – Ehud Barak, Benjamin Netanyahu and Ariel Sharon – ag cur a thuairisce.

Agus neamhaird á déanamh acu ar an bhfianaise maidir le réamhfhios na nIosraelach, cuireann Snopes ceist reitriciúil: “Why would Israel follow such a course of action, betray its staunchest ally, and doom thousands of innocent Americans to death?” D’fhéadfaí fiafraí chomh maith cad chuige ar chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954? Nó cad chuige ar ionsaigh Iosrael an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967 nuair a mharaigh siad 34 Meiriceánach? Nó cad chuige nár thug Mossad rabhadh do SAM faoin ionsaí ar dhún na Muirshaighdiúirí i mBéiriút ar 23 Deireadh Fómhair, 1983 nuair a maraíodh 241 Meiriceánach? Nó cad chuige ar chuir Oibríocht na Traí de chuid Mossad ina luí ar Washington go raibh an Libia freagrach as an mbuamáil dioscó i mBeirlín ar 5 Aibreán, 1986 nuair a maraíodh beirt shaighdiúirí de chuid SAM? Go dtí seo, níl aon imscrúdú déanta ag Snopes faoi ghníomhartha fill seo na n-Iosraelach ar a “chomhghuaillí daingean.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.