398
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá an comhlacht léirithe Nemeton ar cheann de na comhlachtaí Gaeltachta is mó a bhfuil rath air san earnáil teilifíse Éireannach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le bunaitheoir an chomhlachta, Irial Mac Murchú, ar na mallaibh le léargas a fháil ar an bhfoirmle rúnda atá de dhíth le haghaidh comhlachta rathúil teilifíse.
»»»Tá Kevin Myers ar dhuine de na hiriseoirí is mó a bhfuil aithne air in Éirinn. Is minic an chonspóid sna sála air mar go gcuireann sé i gcoinne an chomhdhearcaidh ar réimse leathan ábhar. Ach i gcodarsnacht lom lena phrós géar, is duine gleoite é nach bhféadfá gan dúil a chur ann, mar a tharla do Chaoimhe Ní Laighin nuair a bhuail sí leis le gairid.
»»»Féachann Rónán Mac Con Iomaire ar na deacrachtaí atá ag Raidió na Gaeltachta faoi láthair agus ar an éiginnteacht atá ann agus an stáisiún ar tí tríocha bliain ar an aer a chomóradh.
»»»Mheabhraigh scéal tacsaí Hampden eachtraí a bhain dó féin do Sheosamh Ó Riain. An féidir eachtraí mar é a mhíniú san am a bhfuil borradh faoin nGaelscolaíocht agus ‘bá leis an nGaeilge’ go forleathan?
»»»Tá borradh an-mhór faoin nGaeilge i Milwaukee Mheiriceá, mar a mhíníonn John Gleeson, fear as Baile Átha Cliath atá ag obair in Ollscoil Wisconsin.
»»»An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.
»»»Údar misnigh ag Lisa Nic an Bhreithimh is ea dearcadh aos óg na Stát Aontaithe ar mhórán gnéithe de shaol ár linne i Meiriceá féin agus thar lear.
»»»Tchítear do Robert McMillen go léiríonn cúlú an Chamshrónaigh ó nochtadh na fírinne go rialaíonn bunaíocht Shasana an tír thall.
»»»Deir Balor gur cosúil gur deas na buamaí ladrainn ach gur mídhaonna na buamaí baisce agus hilchineálacha buama eile nach dteilgeann airm an iarthair chomh minic is a chaithidís.
»»»Tá borradh faoin aerlasta i láthair na huaire ach measann Pádraig Mac Éamoinn nach mairfidh sé seo ach roinnt blianta eile.
»»»Féachann Pat Butler siar ar shaol Bhúistéir na mBalcán, Slobodan Milosevic, a cailleadh sa Háig an mhí seo caite.
»»»Tá feabhas mór tagtha ar chaighdeán maireachtála mhuintir na Síne le tríocha bliain anuas ach tá sárú ar cheart daonna ina fhadhb mhór go fóill, a deir Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag socrú lóistín.
»»»Léirigh an tslí ar cuireadh deireadh le triail na rialacha nua sa pheil Ghaelach le gairid easpa misnigh i gCumann Lúthchleas Gael, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Tá Clodagh Garry den bharúil go bhfuil rud áirithe as alt le cur chuige na hÉireann nuair a eagraíonn siad imeacht mór idirnáisiúnta ar nós Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.