89
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Fógraíodh le gairid go bhfuil maolú le teacht ar na polasaithe géara atá i bhfeidhm san Astráil i dtaca le lucht iarrtha tearmainn. Tá Bearnaí Ó Doibhlin den tuairim gur céim mhór chun tosaigh é seo.
»»»Chaith Aifric Mac Aodha roinnt laethanta ag múineadh Gaeilge do chainteoirí Gàidhlig in Ionad Chaluim Chille (www.iccile.co.uk), in Ìle na hAlban an samhradh seo agus chuaigh an ceantar agus na daoine i bhfeidhm go mór uirthi.
»»»Ba cheart do lucht cáinte na Gaeilge faoiseamh a thabhairt do Pheig Sayers bocht dar le Breandán Delap agus sampla na n-eachtrannach i leith foghlaim na teanga a leanstan.
»»»Cé gur bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach le déanaí, tá go leor deacrachtaí le sárú ag an tír san am atá romhainn, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá an chuma ar an scéal, a deir Dáithí Ó Colchúin, go gcuirfear tús leis an obair ar an struchtúr is airde ar domhan i New South Wales gan mhoill, scéim a chosnóidh beagnach billiún dollar.
»»»Chuir Seán Greif aithne bheag ar mhuintir Agua Preta san Amazóin ach níorbh aon ribín réidh a ghabháil a fhad leo in Agua Preta. B’iomaí scríob a bhí idir é agus a cheann scríbe.
»»»Is maith le Brian Ó Broin córas coinbhinsiúin na Stát Aontaithe gona bhladhmann, a gháifeacht aignis agus an reacaireacht láidir go léir.
»»»Nuair a luigh Liz Curtis isteach ar an Iodáilis a fhoghlaim anuraidh, ba bhuntáiste í an taithí a bhí aici mar fhoghlaimeoir Gaeilge.
»»»Canúint láir na Francaise a fuair Diarmuid Johnson roimhe i Liège ‘cois Meuse na sreabh’ sa mBeilg, cathair a mheabhraigh dó Corcaigh.
»»»Fuair Balor bearradh gruaige ó ghruagaire, croí isteach ó Michelle, iasc is sceallóga ó Burdocks, ach fágadh ar an trá fholamh is aithnid dúinn mar Éire bhocht ina dhiaidh sin é.
»»»Chaith Alan Desmond súil ar ghnéithe de dhearcadh an duine ar an inimirce in Éirinn, in Arizona agus i gcoitinne. Chun donachta a chuaigh an scéal in Arizona le déanaí.
»»»Beidh impleachtaí tromchúiseacha ag an téamh domhanda amach seo ach níl fonn dá laghad ar Rialtas na hÉireann ná ar rialtais tíortha eile dul i ngleic leis an fhadhb. Measann Breandán Delap go bhfuil sé thar am ag na polaiteoirí ceannasaíocht a léiriú i dtaca leis an cheist seo.
»»»Chuaigh an scéala brónach amach go bhfuair an t-ealaíontóir TP Flanagan bás ar na mallaibh, fear a bhí ag obair suas go lá deiridh a shaoil. Amharcann Ciara Nic Gabhann siar ar a shaol agus ar an saothar mór luachmhar atá fágtha ina dhiaidh.
»»»Nuair a thug Ruth Nic Giolla Iasachta cuairt ar chathair na Ginéive roimh an Nollaig bhlais sí bia blasta agus fuair sí an-léargas ar chultúr na ndaoine.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.