AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Fuair Balor bearradh gruaige ó ghruagaire, croí isteach ó Michelle, iasc is sceallóga ó Burdocks, ach fágadh ar an trá fholamh is aithnid dúinn mar Éire bhocht ina dhiaidh sin é.

Íomhá
J. K. Ní Rothláin, scríobhaí Leabhar Cheannanais
(le Daniel Ogren ar Flickr)
Íomhá
Muintir Uí Bhuama ag damhsa sa ballroom of romance
(le Relux ar Flickr)
Íomhá
Céad dréacht leabhar Uí Rothláin i gCol. na Trioblóide
Íomhá
Flathmhar Ó Poitín a d'fhógair Camshrón & a lucht sceana go dtí diabhal
(Vicipéid)
Íomhá
An Camshrón ag fáiltiú roimh Ó Buama
(Pete Souza do SAM, Flickr)

Bhí sé de phribhléid ag Balor an Baothán lón a chaitheamh le cuairteoir mór le rá a tháinig go hÉirinn ag deireadh na míosa seo a chuaigh thart. FLOTUS a thugtar uirthi, ach ní mar go bhfuil sí ina effin’ lotus, ach toisc gurb í an First Lady of the United States – FLOTUS.

An fhad is a bhí cruinniú mór an G8 ar siúl i gContae Fhear Manach, áit a raibh Príomh-Aire na Breataine ag fearadh céad mílte fáilte go hÉirinn roimh cheannairí an domhain agus roimh Thaoiseach na hÉireann féin, bhí Michelle Obama agus a beirt iníonacha i mBaile Átha Cliath. Beart cliste a bhí ann. Bhain sé fócas mórán daoine den íoróin taobh ó thuaidh.

Ach bíodh sin mar atá, chuir muintir Bhaile Átha Cliath na múrtha fáilte roimh FLOTUS. Dúirt sí go raibh sé ar intinn aici trí rud ar leith a dhéanamh le linn a cuairte: gan pionta Guinness a ól; gan mórán ama a chaitheamh le polaiteoirí; agus lón a chaitheamh le Balor an Bhéil Bhinn.

Ar Son na Drúise

Den chéad uair le trí scór bliain fuair Balor bearradh gruaige, agus cheannaigh sé buidéal Optrex le loinnir a chur ina shúil nimhe aonair. Ní raibh barrchleite amach ná bunchleite isteach ar laoch na litríochta nuair a shroich sé Baile Átha Cliath. Bhí a chroí chomh héadrom le sparán Rialtas na hÉireann agus é ag siúl go dtí siopa sceallóg Leo Burdock, áit a raibh Michelle ag iarraidh an lón a bheith acu. Bhí clú agus cáil ar sceallóga agus éisc Leo Burdock fiú in DC féin, agus bhí FLOTUS ag súil go mór le cúpla punt meáchan a chur suasar son na cúise.

Bhí Balor ag ceol amhrán na Beatles agus é ag brú a bhealaigh trí na sluaite a bhí taobh amuigh den siopa: “Michelle, ma belle, sont des mots qui vont tré bien ensemble, ma Michelle.” Bhí deoir lena shúil nuair a thug Michelle croí isteach dó. Leag fear an tsiopa sé phláta den trosc agus sceallóga os a chomhair, agus gan ach cúig cinn os comhair Michelle. “Ní miste dom a bheith cúramach lena n-ithim,” a mhínigh sí. “Níl cead agam ach leathchloch a chur suas in aghaidh an lae ar an turas seo.”

Níor luaithe na plátaí glanta acu nuair a thosaigh siad isteach ar an chaint:

Balor: Ní raibh dúil agat dul go Fear Manach le Barack?

Michelle: Bhí muid ag smaoineamh air sin, ar feadh tamaill, go dtí gur thosaigh an raic faoi John Mc Guinness ag tabhairt a bhean chéile ar thurais thar lear leis. Bheadh seisean ag gearán agus ag olagón: ‘Cén fáth go bhfuil cead ag Obama agus nach bhfuil cead agamsa?’

An Titim Chun Feola

Balor: Luaigh tú cúrsaí meáchain ar ball, a Michelle. Nach bhfuil feachtas ar siúl agat sna Stáit Aontaithe mar go bhfuil an oiread sin páistí thall ag titim i bhfeoil? Caidé a thugtar ar an fheachtas sin?

Michelle: Bhuel tá feachtas ag Barack a bhfuil No Child Left Behind air, a Bhaloir. Ach má fhaigheann daoine amach faoin mhéid atá ite agamsa anseo i Siopa Burdock beidh siad ag tabhairt No Child Left Without a Big Behind ar mo fheachtas féin. Níl a fhios agam caide mar atá cúrsaí anseo in Éirinn, ach sílim nach dtuigeann daoine cé chomh tromchúiseach is atá fadhb na blonaige i measc pháistí Mheiriceá. Má leanann sé ar aghaidh beidh sé mar bhagairt ar an tSlándáil Náisiúnta. Ní bheidh go leor daoine óga againn a bheidh tanaí go leor le dul isteach san Arm. Sílim gurb iad muintir Al-Qaeda atá taobh thiar den raimhre ar fad i Meiriceá. An mbeidh pláta amháin eile againn, a Bhaloir? Ní bheidh mo dhinnéar agam go dtí a sé a chlog.

Balor: An dtig linn labhairt faoi chúrsaí na hÉireann, a Michelle, ós rud é go bhfuil tú anseo inár measc arís? An bhfuil tú féin is na cailíní ag baint sú as bhur gcuairt?

Michelle: Chuaigh muid go dtí Coláiste na Trioblóide, agus bhí Sasha cinnte gur in Hogwarts a bhí muid go dtí gur mhínigh Malia di an ceangal idir Trinity agus Hogwarts: gur in Trinity atá an chéad chóip a scríobh JK Rowling den chéad leabhar de chuid Harry Potter. Leabhar Cheannanais a thugann siad air i nGaeilge, is cosúil. Bhí siad faoi dhraíocht aige, cé nár thuig siad focal de. Ní raibh a fhios agam féin gur i Laidin a scríobh sí é ar dtús. Tá peannaireacht iontach aici, agus tá na pictiúir go hálainn. Beidh orm feachtas a chur ar siúl nuair a rachaidh mé abhaile chun go mbeidh peannaireacht mar sin ag gach páiste sna Stáit Aontaithe.

An Lúchorpán Téisiúil

Balor: Ar thug tú cuairt ar Áras an Uachtaráin, a Michelle?

Michelle: Ó bhí an chuairt sin go hálainn. Tá an teach iontach cosúil le teach s’againn féin. Ach ba é an rud ba mhó a thaitin leis na girseacha ná an leipreachán. Leipreachán beag beo le fáilte a chur romhainn! Bhí sé go hálainn. Chuir sé a dhá láimh thart ar mo ghlúin agus d’fhéach sé aníos orm agus dúirt: “Céad míle fáilte go hÉirinn.” Theastaigh uaim é a thabhairt abhaile liom, ach ní raibh a bhean chéile róshásta leis an smaoineamh sin. Dúirt sí gur thaitin an saol san Áras go mór léi, ach mura mbeadh an leipreachán ann go gcaithfí ise amach. Ach gheall sí dom go bhféadfainn é a fháil nuair a bheadh a thréimhse san Áras thart. Agus dúirt seisean go mbeadh áthas an domhain air dul abhaile liom. Ó tá mé féin agus na cailíní ag súil go mór le leipreachán beag dár gcuid féin a bheith againn i Meiriceá. Beidh éad ar Katie Holmes – nó cibé bean a bhfuil Tom Cruise pósta uirthi anois. Níl seisean ina leipreachán ceart ar scor ar bith.

Balor: Ní bheadh spéis agat Fomhórach mór groí ar leathshúil a thabhairt abhaile leat, is dócha?

Michelle: Bhuel, a Bhaloir, feictear dom nach mbeadh fadhb ar bith ag Barack le leipreachán, ach Fomhórach mór groí, le súil nimhe amháin i lár chlár a éadain? Ní shílim go mbeadh sé sásta.

Balor: Mór an trua, a Michelle ma belle. Mór an trua.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.