AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Túr go dtí na flaithis
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá an chuma ar an scéal, a deir Dáithí Ó Colchúin, go gcuirfear tús leis an obair ar an struchtúr is airde ar domhan i New South Wales gan mhoill, scéim a chosnóidh beagnach billiún dollar.

Íomhá
Íomhá

Tá sé beartaithe an struchtúr is airde ar domhan, túr 1,000 méadar ar airde, a thógáil i gceantar Buronga in iardheisceart New South Wales, 25 ciliméadar soir ó thuaidh ó Mildura. Foinse fuinnimh in-athnuaite a bheas ann agus beidh sé in ann 200 MW a tháirgeadh, dóthain do 200,000 teach nó cathair ar chóimhéid le Hobart. Beidh an túr beagnach dhá uair chomh hard leis an bhfoirgneamh is airde faoi láthair, an Canadian National Tower i Toronto (555 m). Beidh an struchtúr le feiceáil 80 ciliméadar ó bhaile.

ceisteanna maoinithe agus timpeallachta a bhaineann leis an tionscadal á scrúdú faoi láthair agus mura mbíonn aon deacracht ann tosófar ar an tógáil an bhliain seo chugainn agus críochnófar í sa bhliain 2007. Meastar go mbeidh 2,700 post ar fáil le linn na tógála agus timpeall 50 post buan nuair a bheas sé críochnaithe. Dúirt Roger Davey, príomhfheidhmeannach an chomhlachta EnviroMission, go ndéanfar cinneadh faoi Mheán Fómhair na bliana seo an dtógfar an túr.

Beidh an túr 130 méadar trasna, chomh mór le páirc pheile. Beidh an tionscadal bunaithe ar phrionsabal simplí fisice - éiríonn aer te. Timpeall bhun an túir beidh achar fairsing a bheas suas le 7 gciliméadar trasna faoi ghloine nó ábhar tréshoilseach eile mar a bheadh teach gloine ollmhór ann. Beidh an t-aer faoi á théamh ag an ngrian agus á shú isteach i mbun an túir. Nuair a thosóidh sé ag ardú beidh siúl 35 ciliméadar san uair faoi agus tiománfaidh an ghaoth sin 32 tuirbín a bheas 40 méadar os cionn na talún. Beidh leictreachas á ghiniúint i gcaitheamh na hoíche freisin ar leibhéal níos ísle.

Beidh costas $900 milliún (€500 milliún) ag baint leis an scéim seo agus cé go bhfuil sé sin níos costasaí ná stáisiúin leictreachais a dhónn gual agus a bhfuil an cumas céanna táirgthe iontu, ní bheidh aon dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar mar thoradh air mar a tharlaíonn le stáisiúin a úsáideann breoslaí iontaise. Sábhálfaidh an túr 700,000 tona de gháis cheaptha teasa in aghaidh na bliana le hais stáisiún guail. D’fhéadfadh sé sin a bheith an-tábhachtach sna blianta atá romhainn má bhíonn an Astráil ag iarraidh cloí le téarmaí Phrótacal Kiótó.

Cé gur fuinneamh is cúis leis an túr, ceaptar go gcuirfidh sé ioncam ar fáil ar bhealaí eile freisin. Beidh ionad amhairc do thurasóirí ar bharr an túir agus beidh torthaí agus glasraí á bhfás faoin ábhar tréshoilseach thart timpeall bhun an túir.

Nuair a fógraíodh an tionscadal seo i dtosach roinnt blianta ó shin dúradh nach dtógfaí an túr choíche agus go raibh na daoine a bhí ina bhun as a meabhair. Ach tá an lucht cáinte ciúin go maith le píosa mar go bhfuil seans maith anois ann go dtógfar é.

Ní teicneolaíocht nua ar fad atá sa túr seo. Tógadh fréamhshamhail i Manzanares i gcúige La Mancha na Spáinne i 1982 (an ceantar céanna ina raibh Don Quixote ag tabhairt faoi na muilte gaoithe) agus cé nach raibh sé sin ach 200 méadar ar airde, lean sé leis ag giniúint 50 MW go dtí gur cuireadh deireadh leis i 1989. Léirigh sé go n-oibreodh an teicneolaíocht agus nach amaidí a bhí ann.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.