92
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Measann go leor daoine san Astráil gur mar gheall ar thoghchán a bheith ag teacht a dhiúltaigh rialtas na hAstráile glacadh leis na teifigh a tarrtháladh san Aigéan Indiach ar an 26 Lúnasa. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Deir Robert McMillen go raibh sé i gcónaí i gceist ag Sinn Féin tacaíocht a thabhairt do Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann, ó aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta ar aghaidh.
»»»Tá saothar an ealaíontóra Robert Ballagh le feiceáil go forleathan le roinnt mhaith blianta anois, ar stampaí, ar airgeadra na tíre seo agus i Riverdance, mar shampla. Labhair Ciara Nic Gabhann leis faoin ealaín, faoin pholaitíocht agus faoin obair atá déanta aige do Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003, a bheas ar siúl an mhí seo.
»»»Níl sé soiléir fós cén fáth ar leagadh na buamaí i dteach tábhairne agus i gclub oíche i mBali i lár na míosa seo caite a d’fhág beagnach dhá chéad duine marbh. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Tá na deirfiúracha Liz & Yvonne Kane as Leitir Fraic i gContae na Gaillimhe tar éis a ndara halbam, Under the Diamond, a eisiúint. Labhair Antaine Ó Faracháin leo faoin albam nua seo agus faoina ndearcadh ar an gceol.
»»»Cá mbeimis dá n-éagmais? Na tráchtairí. Díríonn Colm Mac Séalaigh aghaidh an ailt seo ar an aicme shainiúil seo i saol an spóirt.
»»»Ní beag a bhfuil déanta ag muintir Chamus / Ros Muc a deir Colm Mac Séalaigh linn. Chruthaíodar páirc bhreá imeartha as an gcriathrach féin agus bhí cuma bhreá ar an bpáirc do Chomórtas Peile na Gaeltachta
»»»D’ainneoin ghéire na gciorraithe sa chóras sláinte tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil léas beag dóchais ag sileadh chugainn ó fhoinsí éagsúla.
»»»Is ait an mac saol na polaitíochta nuair a chinneann duine aonair iompar poimpe a tharraingt anuas orthu go léir. Scríobh Bearnaí Ó Doibhlin faoi as an Astráil.
»»»I dtrátha an ama seo anuraidh bhí pictiúir le feiceáil ar scáileáin theilifíse ar fud an domhain de chailíní Scoil na Croise Naofa i mBéal Feirste á maslú go fíochmhar ag léirsitheoirí dílseacha agus iad ar a mbealach ar scoil. Tá ráflaí ag dul timpeall arís, a deir Robert McMillen, go gcuirfear tús leis na léirsithe seo in athuair.
»»»I rith na bliana seo, tá Ciara Nic Gabhann ag tabhairt eolais mar gheall ar na dánlanna agus áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu i gcathracha éagsúla timpeall na hEorpa. An mhí seo: Barcelona.
»»»Bhuaigh Gabriel Rosenstock turas timpeall an domhain do bheirt an bhliain seo caite. Chaith sé féin agus a bhean Eithne nach mór trí mhí ag taisteal agus thug siad cuairt ar shé thír éagsúla san Áis, i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas. Sa sliocht seo as leabhar atá á scríobh aige faoi na heachtraí a tharla dóibh le linn an turais, tá cur síos aige ar Dhúbai, an chéad áit a stop siad.
»»»Tá fadhb na raimhreachta i measc páistí ag éirí níos measa, fiú i gceantair mar Chontae Liatroma. Tuairisc ó Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Dá giorra turas Aoife Uí Fhaoláin ar an Tansáin, chuaigh an tír agus a muintir i bhfeidhm go mór uirthi. Chonacthas di corrchosúlacht idir sean-nósanna na hÉireann agus roinnt de chleachtais na Tansáine.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag ceiliúradh lá breithe
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.