AR NA SAOLTA SEO
Fanfaidh an Leaid sa Leaba ina thost
Pól Ó Muirí Pól Ó Muirí

Tá muintir [i]nós*[/i] ag cruthú imní dúinn in [i]Beo![/i] lena gcuid cainte mar gheall ar chúrsaí collaíochta. Shíl muid go bhféadfadh Pól Ó Muirí splanc a thabhairt don iris agus dúshlán a thabhairt don Chailín sin sa Chathair. Ach, faraor, níl an Leaid sa Leaba sásta a chuid rún a sceitheadh.

Íomhá
Íomhá
Is léir nach bhfaca colainn Phóil solas na gréine le fada

Bhí an tEagarthóir i dteagmháil liom. Bean dheas chumasach í an tEagarthóir agus is trua liom go bhfuil sí ag imeacht. Cibé, bhí moladh aici do cholún na míosa seo. Is é seo a dúirt sí liom: “Coinnigh gnéasach é, a Phóil. Tá a fhios agat go bhfuil an dream eile ar nós* ag scríobh faoi chúrsaí collaíochta. Tá an-aird ag daoine ar an Chailín sa Chathair. B’fhéidir gur cheart duitse triail a bhaint as an ábhar céanna.”

“Cúrsaí what?” a d’fhiafraigh mé di.

“Cúrsaí collaíochta. Bualadh craicinn. Seanhata. Tá a fhios agat: rumpaí pumpaí; an siar aniar; an suas anuas; an wham bam go raibh maith agat, mam; an ó ó ó ó seeeaaaa!!!; an síneadh go spéir; an gníomh Gaelach; marcaíocht na mbolg; camchuairt na gcíoch; taiscéaladh an teasa; an cumann lúthchleas leapa; an pléisiúr pléascach; an is binn béal i do bhéal; an coinnigh ort; an ní craiceann go cur le chéile; an ní tír gan teanga. An dtuigeann tú anois mé?”

Admhaím gur beag nár thit mé i laige. Rinne mé mo dhícheall ciall a chur sa bhean bhocht. Ba léir go raibh strus na hoibre ag cur as di. Arsa mise: “A Eagarthóir, an bhfaca tú an pic sin ag barr an cholúin. Ní luíonn an pic sin agus an focal gnéasach go réidh le chéile.”

“Ná bíodh imní ort,” a dúirt sí, “cumfaidh muid ainm bréige duit. Ní bheidh a fhios ag duine ar bith cé thú féin. Cad é do bharúil de ‘Leaid sa Leaba’?”

“An as do mheabhair atá tú? An Leaid sa Leaba? Cén sórt colúnaí a cheapann tú atá ionam?”

“Anois, a Phóil,” a dúirt sí go séimh, “caithfidh tú forbairt mar iriseoir. Amharc ar mhuintir nós;* amharc ar an Chailín sa Chathair. Tá an rud sin Sex and the City ag dul acu. Tá sé úr ceannródaíoch. Caithfidh muid dul in iomaíocht leo.”

“Ach, ach, ach....d’fhoghlaim mise mo chuid Gaeilge as First Steps in Irish leis na Bráithre Críostaí. Níl na focail agam le cur síos ar na rudaí seo. An ndéanfadh píosa ar Grey’s Anatomy an gnó duit? Scríobhfaidh mé píosa ar Meredith agus Izzy agus a gcairde. Beidh sé úr ceannródaíoch. Cad é do bharúil?”

“Tá eagla orm,” a dúirt sí, “nach ndéanfaidh sin cúis. Tá ábhar níos dúshlánaí de dhíth orainn. Éist, tá ceathrar páistí agat; caithfidh sé gur coinín ceart tú.”

“Ach is deonú ó Dhia iad sin.”

“Ná bac sin. Tá an Cailín sa Chathair ag scríobh faoi A cups. Cad é do bharúil de A cups? Agus bréagáin ghnéis? Agus an mbeifeá sásta baint díot agus pic nocht díot féin a chrochadh ar an cholún? Ar son na cúise. Ar son na collaíochta. Ar son an deontais ón Fhoras?”

A cups? Ar son Dé, níl d’eolas agamsa ach ar cups of tae.”

“Ní cheannaíonn tú lingerie do do bhean, mar sin, agus is dócha gur beag seans go gcaitheann tú é?”

Lingerie a chaitheamh? Níl bunús ar bith leis an ráfla sin. Léigh tú sin ar an idirlíon, nár léigh? Bhagair mise an dlí ar an amadán sin as na bréaga sin a chur ar a shuíomh. Cogar, céim sa Léann Ceilteach a rinne mise, a Eagarthóir. Ní raibh aon chollaíocht inti. Na mná a bhí ar ollscoil liomsa, chaitheadh siad *cardigans *agus tháinig siad as scoileanna clochair.”

“Faraor,” a dúirt an tEagarthóir, “is léir go bhfuil an duine contráilte agam. Tá tú ró-sheanfhaiseanta. Cuirfidh mé scairt ar chúpla duine óg. B’fhéidir go mbeadh spéis acusan san ábhar.”

Is ansin a chroch sí an guthán agus d’fhill mise ar mo chupán cócó agus brioscaí seacláide. A leithéid d’achainí.

Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an *Irish Times é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois a bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.