CÚINNE NA nEALAÍON
Saothar faoi Uisce: Jason de Caires Taylor
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Saothar samhailteach Jason de Caires Taylor i gCuan Mheicsiceo atá faoi thrácht ag Ciara Nic Gabhann. Tá fás faoi líon na ndealbh go fóill ach is fás orthu a bheas ag tarlú amach anseo.

Íomhá
Sceir Acropora
le Richard Ling ar Vicipéid
Íomhá
Cancún
le 'Safa in La' ar Vicipéid
Íomhá
Sceir úr ag tosaigh
le Jason de Caires Taylor

Samhlaigh tú féin mar dhealbh ach in áit a bheith i do sheasamh ar phlionta i ndánlann nó i lár cearnóige poiblí leis na colúir ag eitilit thart ort, tá tú ar an ghrinneall go domhain i bhfarraige agus gach cineál ainmhí mara ag snámhaíocht ar dhromchla do choirp. Níl mé ag caint faoi lámhdhéantúsáin ó chathair bháite Atlantis, Uí Bhreasaíl nó faoi radharc as an chéad sraith eile de na Pirates of the Caribbean, ach ar thionscadal atá ar bun ag an dealbhóir timpeallachta Jason de Caires Taylor, atá dírithe ar aird a tharraingt ar sceireanna coiréil an domhain agus ar chuidiú le timpeallacht na sceire a shábháil.

Baineann an saothar seo leis an iarsmalann dealbhóireachta mara is mó ar domhan atá cruthaithe ag de Caires Taylor ar chósta Cancún i Meicsiceo agus is é an sprioc atá aige ná 400 figiúr ar fíormhéid a shuíomh ar ghrinneall na farraige roimh an 24u lá de Mhí na Samhna. Tionsnamh dúshlánach atá ann, gan amhras, agus tá an-dóchas aige go mbeidh an cnuasach seo, ní hamháin físiúil agus spreagúil do thumadóirí mara, ach go mbeidh sé, de réir a chéile, ina dhúshraith do sceir choiréil nua. Tá 80% de sceireacha coiréil an domhain i gcontúirt imeacht in éag faoi 2050 agus tá de Caires Taylor ag súil go mbeidh an iarsmalann mara seo in ann na tumadóirí a mhealladh ar shiúl ó na sceireacha coiréil sin atá faoi bhagairt agus deis a thabhairt dóibh teacht chucu féin arís ar ais.

Óg is Aosta

Tá 300 figiúir déanta aige cheana féin agus iad ar fad bunaithe ar dhaoine áitiúla a bhí sásta ligintmúnlú a dhéanamh ar a gcorp. Ia é an t-aon chritéir a bhí ag an ealaíontóir ná go raibh aghaidh spéisiúil ag gach duine a d’úsáidfeadh sé. I measc a chuid mainiciní, tá bean atá ceithre scór is cúig bliana d’aois, buachaill óg trí bliana d’aois agus tá gleacaí. Déantar múnlú plástair de na coirp ar dtús – próiseas nach mbeadh chomh pleisiúrtha sin d’achan duine, shilfeá, ach a chuir iascaire de chuid na háite, a bhí ina mhainicín aige, ina shámhchodladh. Ina dhiaidh sin, déantar múnlú sileacóin ina gcuirtear suimint leis an dealbh féin a dhéanamh. Baintear úsáid as suimint le PH íseal sa dóigh is nach gcuirfear isteach ar an timpeallacht agus críochnaítear an saothar le craiceann uigeach a chur ar an dealbh sa dóigh is go meallfar crústaigh agus ainmhithe eile an choiréil chuige.

Tá meáchan mór sa saothar, atá curtha naoi méadar faoin uisce agus glacann gach dealbh foireann de thriúr nó ceathrar lena dhaingiú ina áit. Cóiríonn de Caires Taylor ansin iad ar dhóigheanna suimiúla - fear ar rothar, fágaim, nó ciorcal figiúirí ina seasamh agus greim acu ar lámh a chéile – leagan amach a ligean do thumadóirí mara snámh thart timpeall orthu go furasta agus a ligean don solas ón bharr bualadh go haislingeach orthu.

La Evolución Silenciosa

D’éirigh go maith le tionscadail eile den chineál seo a rinne an t-ealaíontóir in Canterbury Shasana agus in Grenada na Spáinne agus tá an-dóchas ann go dtosóidh rudaí ag fás agus go dtarlóidh athraithe suntasacha i sceireacha Mheicsiceo i ndiaidh tréimhse trí mhí.

Faoi láthair tá an tríú cuid den tionscadal i gCancun críochnaithe – La Jardinera de la Esperanza, Coleccionista de los Suelos, Hombre en Ilamas agus, an ceann deireanach atá idir lámha aige faoi láthair, La Evolución Silenciosa. Tá an t-ealaíontóir ag súil go dtiocfaidh fás agus forbairt ar an tsaothar, ní hamháin ó thaobh cúrsaí dúlra de, ach go gcuirfidh ealaíontóirí eile, idirnaisiúnta agus áitiúla, leis an tionscadal lena gcuid oibre féin amach anseo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.