AGALLAMH BEO
Hector Ó hEochagáin
Ken Buckmaster Ken Buckmaster Ken Buckmaster

Tá ag éirí le Hector Ó hEochagáin, láithreoir an chláir “Amú Amigos” ar TG4, daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge nár chuir suim sa teanga riamh cheana. An mhí seo caite, mar shampla, dúirt criticeoir teilifíse an Irish Independent - nuachtán nach bhfuil cáil na Gaeilge air - gurb é “Amú” an clár is fearr taistil ar an teilifís. Thug Ken Buckmaster aghaidh ar Ghaillimh le labhairt le Hector.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá an clár taistil “Amú Amigos”, a chraoltar ar TG4, go mór i mbéal an phobail le déanaí. Tá sé sin ag tarlú ní hamháin mar gheall ar a fheabhas is atá an clár, ach mar thoradh ar láithreoireacht Hector Uí Eochagáin chomh maith.

Is duine faoi leith é Hector a bhfuil stíl an-éagsúil agus an-indibhidiúil aige. Má bhíonn tú ag féachaint ar “No Frontiers” nó ar a mhacasamhail ar na cainéil Shasanacha, b’fhéidir nach dtaitneodh an clár seo leat. Seachas eolas a thabhairt faoi phraghsanna agus faoi áiseanna do pháistí, baineann Hector triail as gach saghas ruda; téann sé ag ól, buaileann sé le daoine agus bíonn craic aige leo. In eachtra cháiliúil i gclár sa dara sraith, ghlac sé seilbh ar mhicreafón fógróra in oifig ollmhargaidh in Helsinki na Fionlainne agus d’fhógair sé i nGaeilge go raibh buachaill dána cúig bliana d’aois tar éis micreafón a thógáil agus gur cheart dá mháthair é a thabhairt léi as an siopa láithreach!

Nuair a bhuail mé le Hector i nGaillimh le déanaí rith sé liom gur duine é nach gcloíonn le rialacha ar bith, is cuma cé acu na rialacha a bhaineann le cláracha taistil nó rialacha ghramadach na Gaeilge atá i gceist. Ach fiú má chuireann sé sin na Gaeilgeoirí traidisiúnta ina aghaidh, níl aon amhras nach go bhfuil sé ag mealladh na mílte duine chuig TG4.

“Tá sé tar éis fás agus fás. Tá an spota céanna againn anois le trí bliana anuas: deich chun a hocht gach Domhnach. Agus má bhreathnaíonn tú ar an opposition: bhí “Glenroe” ann nuair a thosaíomar agus níl aon opposition *anois ann. Ag a hocht a chlog tá a fhios ag daoine - i Longfort, i dTiobraid Árann, in Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach - ‘It’s Sunday night, tá Hector ann, *he’s on.’ Má chuirtear líon lucht féachana an Domhnaigh agus líon an Luain le chéile, d’fhéach tuairim is 140,000 duine ar an gclár a craoladh faoin Airgintín cúpla seachtain ó shin. I gcomthéacs cainéil bhig ar nós TG4, tá sé sin an-ard.”

Agus de réir mar atá ag éirí leis an gclár cur lena lucht féachana, tá níos mó airde á tarraingt chomh maith ar Hector féin. Tá leibhéil éagsúla cáile ann, dar leis féin. Baineann an dream a bhíonn ar chainéil mhóra teilifíse na Breataine, mar shampla, cáil mhór amach, i gcomparáid lena leithéidí féin. Mar sin féin, agus muid ag caint i dteach tábhairne An Tobar i gcathair na Gaillimhe, d’aithin an-chuid daoine é. Bheannaigh cúpla duine dó ag amanna éagsúla i rith an chomhrá agus ní raibh sé soiléir an raibh aithne phearsanta acu air nó nach raibh.

“Tagann an-chuid daoine suas chugam nuair atá mé amuigh. Gach aon saghas duine: leaideanna óga, cailíní, mná, taxi drivers. Taitníonn sé sin liom.”

Tá sé fealsúnach faoi, áfach. “I take it with a pinch of salt. Táimid ag maireachtáil anois i ré na popstars. Everyone wants to get five minutes of fame. Tá tú in ann dul le haghaidh audition *agus, ag an nóiméad deireanach, milliún punt a bhuachan agus *record deal. Six, Popstars, Louis Walsh. Sin an domhan ina mairimid. Teastaíonn ó gach duine a bheith cáiliúil agus teastaíonn ó gach duine a bheith ar an teilifís.”

Ag éirí aníos

Is spéisiúil an chaoi ar éirigh le buachaill ón Uaimh i gContae na Mí clú a bhaint amach agus a chlár féin, trí Ghaeilge, a fháil ar an teilifís. D’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge i Ráth Cairn, an Ghaeltacht bheag atá suite seacht nó ocht de mhílte ón teach inar tógadh é. Thosaigh sé ag dul go dtí an coláiste Gaeilge ansin nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois agus lean sé air ag freastal air go dtí go raibh sé ocht mbliana déag. Tar éis dó an mheánscoil a fhágáil, thug sé aghaidh ar Bhaile Átha Cliath chun dul i mbun staidéir i gColáiste na Tríonóide. Níor thaitin saol na hollscoile leis, áfach, agus nuair a theip air ina chuid scrúduithe, d’éirigh sé as.

Nuair a chuaigh a chailín go Tír na mBascach ar feadh bliana chun Spáinnis a fhoghlaim, chuaigh Hector léi, ach d’fhan sé ansin trí bliana tar éis dise bailiú léi. Is ann a d’éirigh leis líofacht a bhaint amach sa Spáinnis, cé nach raibh oiread agus dhá fhocal aige nuair a leag sé cos sa tír an chéad uair. Anois, tá a chuid Spáinnise chomh maith lena chuid Gaeilge. Thug sé bliain ar Inis Meáin chomh maith, rud a chabhraigh leis feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.

Ag an am sin, níor cheap sé go mbeadh sé ag obair as Gaeilge nó ag déanamh airgid aisti. Ach tá, agus tá sé bródúil as an teanga. Is léir go dtuigeann sé tábhacht teanga i gcomhthéacs cultúir nó tíre.

“Is Éireannach mise. Is maith liom an sean-nós. Is maith liom an rince. Is maith liom na seiteanna. Is maith liom an ceol traidisiúnta. Muna bhfuil do theanga agat, níl rud ar bith agat. Téann tú thar sáile agus bíonn teanga ag gach aon náisiún eile.”

Tá sé dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge. “Tá ag éirí leis an nGaeilge. Tá i bhfad níos mó daoine á labhairt anois. Tá páistí ag labhairt na teanga agus ag dul go naíonraí Gaeilge. Tá siad ag breathnú ar na cartúin ar TG4, “Inspector Gadget” as Gaeilge, mar shampla. Tá ag éirí linn. Tá daoine sásta í a labhairt anois, i bhfad níos mó ná mar a bhí.”

Tá dóchas le cloisteáil ina ghuth nuair a labhraíonn sé faoin mbealach a bhfuil daoine ag déanamh níos mó machnaimh anois faoi cad as ar tháinig siad agus cá bhfuil siad ag dul. Is dócha gur chabhraigh an dearcadh dearfach seo leis nuair a chuaigh sé le haghaidh trialach chun post láithreoireachta a fháil sa bhliain 2000. Clár ina mbeadh duine ag tabhairt cuairte ar dheich gcinn de chathracha i Meiriceá a bhí i gceist. Ag an am, bhí cláracha páistí á ndeanamh aige le TV3 ach tháinig deireadh lena thréimhse sa stáisiún sin nuair a fuair sé an post mar láithreoir “Amú i Meiriceá”. Rinne sé “Amú san Eoraip” agus “Amú san Áis” ina dhiaidh sin agus anois tá an ceathrú sraith, “Amú Amigos”, le feiceáil ar na scáileáin.

Mar a bheifeá ag súil, tá an-chuid den domhan siúlta aige. Trí chathair is daichead atá feicthe aige ar fud an domhain le haghaidh an chláir. Trí eitilt is fiche a thóg sé do shraith na bliana seo agus dhá cheann is seachtó i rith na tréimhse dhá bhliain atá caite aige ag obair ar an gclár.

Ní fheictear ar an scáileán an taighde nó an phleanáil a bhíonn riachtanach chun a leithéid de thaisteal a dhéanamh laistigh de thrí mhí gach bliain.

“B’fhéidir go bhfuil an chuma ar an gclár go *just *dtarlaíonn rudaí ach bíonn an-chuid oibre i gceist. Bíonn sé nó seacht scéal le clúdach i ngach áit a mbím. So, bíonn trí lá scannánaíochta ann. Déanaimid thart ar ocht nó deich n-uaire scannánaíochta gach lá agus ní fheiceann tusa ach fiche a sé nóiméad.”

Na háiteanna is fearr leis

Agus an méid seo den domhan feicthe aige, caithfidh go bhfuil áiteanna áirithe a thaitin leis thar áiteanna eile. “Thaitin Vítneam liom, Seattle, Moscó. Ní theastaíonn uaim scaling a dhéanamh orthu. Tá gach áit difriúil.”

Mar a dúirt sé ar an gclár, bhí Guiana Francach ró-chiúin dó. Ní rachadh sé ar ais go dtí An Bhriotáin maidin amárach ach oiread. Mura bhfuil aon rud ag tarlú in áit, déarfaidh sé sin ar an scáileán. Áit amháin a chuaigh i bhfeidhm go mór air ná an Airgintín, cé go raibh sé sásta éalú on tír agus teorainn na Sile a bhaint amach. Labhraíonn sé faoin teannas a bhí ann agus an chaoi ar mhothaigh sé ciontach go raibh fiche dollar ina phóca aige agus é ansin.

“Tá drochfhadhb ansin agus beidh réabhlóid ann. Tá sé ar nós Allied Irish Bank, Banc na hÉireann, Banc Uladh a bheith dúnta. Do chuid airgid imithe. How would you feel? *Tá a lán daoine feargacha san Airgintín. Agus tá an tír anois tar éis dul ar ais cúig bliana déag. Tá siad imithe ar ais go *bartering. Cóirigh thusa mo telly *agus tabharfaidh mise *kilo *prátaí duit. Tá dhá mhilliún déag duine i mBuenes Aires *and they’re very pissed-off.”

Éiríonn leis a phearsanacht féin a chur i bhfeidhm ar an gclár. Má deirtear leis go bhfuil sé ag dul go háit éigin, déarfaidh seisean cad a dhéanfaidh sé ann. “Má théimse go Buenes Aires, déarfaidh mé, ‘Yeah, ba mhaith liom traenáil le Boca Juniors mar is breá liom peil.’ Ní deir siad, ‘Right, Hector, tá tú ag dul go músaem Éva Peron.’ Déarfainnse leo, ‘I’ve no fuckin’ interest in that.’ Déanaimse rudaí a bhfuil suim agam iontu.”

Is léir go gcabhraíonn sé seo leis an gclár. Baineann sé triail as rudaí nua go minic: tarbhchomhrac, cuir i gcás, ag eitilt thar Na hAindéis, nó séisiún óil agus tequila réigiúnda Mheicsiceo i gceist.

“Sin an rud atá difriúil faoi ‘Amú’. There’s no shite. Ní deirtear ‘Á, tá póit ar Hector, ní féidir linn bheith ag scannánaíocht inniu.’”

Ag mealladh daoine

Is duine é Hector atá spleodrach agus spontáineach, agus tá sé ag cothú go leor spéise i TG4 agus sa teanga. Is rud tábhachtach é, dar leis, nach cainteoirí Gaeilge cuid den lucht féachana. Tá sé ag mealladh daoine chuig an stáisiún nár bhain úsáid as a gcuid Gaeilge le fada an lá, daoine nach mbeadh ag féachaint ar a leithéid de chlár ar a leithéid de bhealach teilifíse de ghnáth. Tá éirithe leis é seo a dhéanamh taobh istigh de shé nóiméad is fiche ar an teilifís oíche Dhomhnaigh.

Thar aon ní eile, tá sé soiléir gur mór leis a bhfuil aige: a chuid oibre, a chultúr, a thír.

Cuireann sé a phost féin i gcomparáid lena ndéanann gnáthdhaoine in Éirinn chun a mbeatha a thabhairt i dtír.

“Níl sé leadránach agus caithfidh tú smaoineamh cá bhfuil daoine eile ag obair. Tá daoine eile ina suí in oifigí, sa mbaile os comhair ríomhaire. Tá daoine áirithe ag obair i Supermac’s, tá daoine eile ag tarraingt piontaí, daoine eile ag tiomáint tacsaí. I’ve got a mad job. I have to appreciate it.

Agus leis sin, fágann sé slán agam agus imíonn sé chun curaí uaineola, buidéal fíona agus DVD a fháil.

Bíonn “Amú Amigos” le feiceáil ar TG4 ag 7.50 p.m. Dé Domhnaigh agus arís ag 10.50 p.m. Dé Luain.

Is as Baile Átha Cliath é Ken Buckmaster. Tá céim sa Ghaeilge agus sa Tráchtáil Idirnáisiúnta aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.